- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 5 Nollaig 2016 18:35
Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac: Dearbhaíonn an Chomhairle an comhaontú leis an bParlaimint
Ar an 30 Samhain 2016, dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) an comhaontú ar ar tháinig Uachtaránacht na Slóvaice le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Inniu, an 5 Nollaig, rinne Coiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an comhaontú sin a dhearbhú freisin. Leis an dearbhú sin, réitítear an bealach le glacadh foirmiúil deiridh na treorach sna míonna amach romhainn.
Chun freagairt don bhagairt sceimhlitheoireachta atá ag athrú de shíor, neartaítear leis an Treoir creat dlí an Aontais Eorpaigh chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc trí choir a dhéanamh as oiliúint sceimhlitheoireachta a fháil agus as taistil sceimhlitheoireachta, agus as taisteal den sórt sin a éascú nó a eagrú. Neartóidh sí cearta íospartaigh na sceimhlitheoireachta freisin.
Dúirt Lucia Žitňanská, Aire Dlí agus Cirt na Slóvaice: “Tá an comhaontú ar ar thángamar cothrom ó thaobh an gá chun foirmeacha nua sceimhlitheoireachta a chomhrac - go háirithe trodaithe eachtracha - agus ag an am céanna cearta an duine aonair a chosaint agus cosaint agus cearta íospartaigh na sceimhlitheoireachta a neartú. Mar sin féin, níl ansin ach taobh amháin den scéal. Is comhthuiscint é idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcaithfear bearta éifeachtacha maidir leis an radacú a chosc agus malartú faisnéise éifeachtúil maidir le cionta sceimhlitheoireachta a áireamh sa fhreagairt chuimsitheach ar an mbagairt sceimhlitheoireachta atá ag athrú de shíor.”
Leis an Treoir neartófar Cinneadh Réime 2002/475/CGB atá ann faoi láthair agus tabharfar cothrom le dáta é, go háirithe, mar go ndéantar an méid seo a leanas a choiriúlú léi:
- Taisteal sceimhlitheoireachta, d'fhonn dul i ngleic go háirithe le feiniméan na dtrodaithe eachtracha ar sceimhlitheoirí iad. Áiritheoidh an comhréiteach ar ar thángthas idir na hinstitiúidí go mbeidh sé inphionóis mar shampla taisteal chuig limistéir choinbhleachta chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta nó taisteal go dtí críocha Bhallstáit an Aontais chun ionsaí sceimhlitheoireachta a chur i gcrích.
- An taisteal sin a eagrú agus a éascú, lena n-áirítear trí thacaíocht lóistíochta agus ábhartha a thabhairt, mar shampla trí thicéid a cheannach nó bealaí taistil a eagrú;
- Oiliúint a fháil chun críocha sceimhlitheoireachta mar shampla treoir a fháil maidir le pléascáin, airm thine nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, amhail na forálacha atá ann cheana i ndáil le hoiliúint den sórt sin a sholáthar;
- Cistí a sholáthar nó a bhailiú leis an rún nó leis an eolas go mbainfear úsáid astu chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta a bhaineann le grúpaí sceimhlitheoireachta nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
Leis an Treoir comhlánófar an reachtaíocht reatha maidir le cearta íospartaigh na sceimhlitheoireachta. I ndáil leis seo, áirítear ar an téacs comhréitigh catalóg seirbhísí chun freastal ar riachtanais shonracha íospartaigh na sceimhlitheoireachta, amhail an ceart chun rochtain láithreach a fháil ar sheirbhísí tacaíochta gairmiúla a thugann cóireálacha leighis agus síceasóisialta, nó chun comhairle phraiticiúil nó dhlíthiúil a fháil, mar aon le cúnamh agus cúiteamh a éileamh. Neartófar freisin na sásraí freagartha éigeandála láithreach tar éis ionsaithe.
Leis an Treoir, beartaítear freisin rialacha feabhsaithe maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a bailíodh in imeachtaí coiriúla.
Na chéad chéimeanna eile
Leis an gcomhaontú polaitiúil dearbhaithe ag an dá institiúid, déanfaidh na dlítheangeolaithe an téacs a athbhreithniú sula nglacfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle go críochnaitheach é go luath an bhliain seo chugainn.
Cúlra
Cuireadh an togra i láthair i gcomhthéacs na Straitéise Athnuaite Slándála Inmheánaí de chuid an Aontais agus tar éis na hiarrata ón gComhairle go gcuirfí dlús le gníomhaíocht i ndiaidh na n-ionsaithe a rinneadh i bPáras ar an 13 Samhain 2015. Cuirtear san áireamh ann na ceanglais a eascraíonn ó roinnt téacsanna idirnáisiúnta:
- Rún 2178 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus an Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sceimhlitheoireacht a Chosc, atá dírithe ar chur i gcoinne fheiniméan na dtrodaithe eachtracha ar sceimhlitheoirí iad;
- Caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024