- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 12 Nollaig 2016 15:00
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC): Glacann an tAontas Eorpach smachtbhannaí i gcoinne seachtar atá freagrach as gníomhartha foréigneacha
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha maidir le taisteal agus calcadh sócmhainní i gcoinne seachtar a bhfuil freagrachtaí faoi leith orthu i slabhra ceannais na ndaoine atá taobh thiar den fhoréigean, agus tá éifeacht láithreach ag na bearta sin. Phléigh na hAirí Gnóthaí Eachtracha, ag teacht le chéile dóibh i dtionól Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an méid a tharla sa tír le déanaí. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú i ndáil le dearbhú faoin staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Dearbhú ón Aontas maidir leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
“Is ábhar mór imní don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit an staid pholaitiúil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Mar gheall ar an mbrú faoi chois agus na sáruithe ar na cearta bunúsacha a tharla le déanaí tá neamhchinnteacht mhór agus rioscaí tromchúiseacha ag baint leis an 19 Nollaig, arb é an dáta a théann sainordú an Uachtaráin Kabila in éag go bunreachtúil. Ní mór do rialtas nua a bheadh ann i ndiaidh an dáta sin a dhlisteanacht a bhunú ar chreat polaitiúil sainithe ar bhealach soiléir cuimsitheach, nó in éagmais an méid sin chuirfí isteach ar an gcaidreamh leis an Aontas Eorpach.
Rinneadh iarrachtaí chun na seasaimh a thabhairt gar dá chéile agus teacht ar chomhaontú cuimsitheach i ndáil le haistriú as a dtiocfadh toghcháin shíochánta inchreidte sa tír a luaithe agus is féidir, i gcomhréir le Bunreacht Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus le Rún 2277 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Thacaigh an tAontas Eorpach leis na hiarrachtaí sin agus go háirithe leis an idirghabháil atá ar bun ag Easpaig Chaitliceacha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Iarrann sé ar na gníomhaithe polaitiúla uile, ar thaobh an rialtais agus an fhreasúra araon, a n-iarraidh siúd a thabhairt dá n-aire i dtaca le freagracht a ghlacadh de mheon maith agus leas iomlán a bhaint as a ndea-mhéin. Is díol sásaimh dó an ról cuiditheach atá ag eagraíochtaí réigiúnacha agus ag tíortha an réigiúin d'fhonn réiteach síochánta a fháil, go háirithe Angóla agus Poblacht an Chongó.
Mar ullmhúchán don dáta éagtha an 19 Nollaig, iarrann an tAontas Eorpach, mar sin, ar na Congólaigh guaim a choimeád orthu féin agus dul i mbun idirphlé agus agóid á déanamh acu in aghaidh an fhoréigin uile.
Is sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar na saoirsí bunúsacha iad na gníomhaíochtaí foréigneacha a bhí mar chúis le bás caoga duine ar a laghad ar an 19 agus ar an 20 Meán Fómhair in Kinshasa, mar a dhearbhaigh breathnadóirí iomadúla, lena n-áirítear Oifig Chomhpháirteach na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine. Thug an tAontas Eorpach gealltanas sna Conclúidí ón gComhairle ar an 23 Bealtaine agus arís ar an 17 Deireadh Fómhair go nglacfadh sé bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine atá freagrach as an bhforéigean sin agus i gcoinne páirtithe a chuirfeadh bac ar réiteach síochánta de chomhthoil ar an ngéarchéim i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Dá bhrí sin, chinn Comhairle na nAirí Gnóthaí Eachtracha de chuid an Aontais Eorpaigh inniu bearta sriantacha a fhorchur maidir leis an seachtar a bhfuil poist fhreagracha acu i slabhra ceannais na bhfórsaí slándála Congólacha agus a bhain úsáid neamhréireach as an láimh láidir.
Iarrann an tAontas Eorpach ar rialtas Phoblacht Dhaonlathach an Chongó comhoibriú le himscrúdú trédhearcach neamhspleách arb é is aidhm leis an dlí a chur ar na daoine atá freagrach as na gníomhartha foréigin. Iarrann sé air freisin na cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse comhthionóil agus saoirse an phreasa.
Coimeádfaidh an tAontas Eorpach súil ghéar ar an éabhlóid pholaitiúil ríthábhachtach a tharlóidh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó sna seachtainí amach romhainn. Sa chomhthéacs sin, féadfar bearta sriantacha breise a bheartú i gcás ina gcuirtear isteach ar an bpróiseas polaitiúil nó ina ndéantar tuilleadh foréigin.
Tá na Tíortha is Iarrthóirí Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró* agus an Albáin*, tír an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais agus tír a d’fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus na tíortha ar chomhaltaí de Chomhlachas Saortrádála na hEorpa agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad an Íoslainn agus Lichtinstéin, mar aon leis an Úcráin agus Poblacht na Moldóive ag seasamh leis an Dearbhú seo.
* Tá Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.”
* * *
Áirítear iad seo a leanas ar na daoine atá faoi réir toirmeasc taistil agus calcadh sócmhainní:
- ceithre bhall de gharda poblachtach, d’arm nó de phóilíní an Chongó, a raibh baint acu le gníomhartha, ar sáruithe ollmhóra iad in aghaidh chearta an duine, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, trí na gníomhartha sin a phleanáil, a eagrú nó a dhéanamh;
- triúr oifigeach sinsearach ar daoine mór le rá iad a raibh iarracht á déanamh acu bac a chur ar theacht ar réiteach comhthola agus síochánta ar an ngéarchéim a bhaineann le toghcháin a thionól i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí ghníomhartha foréigneacha, trí chos ar bolg nó tríd an bhforéigean a spreagadh, nó trí ghníomhartha a bhaineann an bonn den smacht reachta;
In Iris Oifigiúil an 12 Nollaig 2016, luaitear ainmneacha na ndaoine lena mbaineann agus na cúiseanna a rinne an Chomhairle iad a liostú. Beidh éifeacht láithreach ag na bearta sriantacha.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024