- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12/12/2016, 12 Nollaig 2016
Príomhthorthaí
An tSiria
“Tá an chosaint dhaonnúil agus an fhóirithint dhaonnúil mar thosaíocht againn sa tSiria. Ní thréigfidh an tAontas sibhialtaigh go deo. Ní féidir sin a dhéanamh, in Aleppo ná in aon áit eile.”
Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh na hirí an staid maidir leis an tSiria, i bhfianaise a bhfuil ag titim amach le déanaí, go háirithe in Aleppo. Chuir an tArdionadaí tuairim láidir, d’aon ghuth na mBallstát go léir maidir leis an ngá sibhialtaigh a chosaint agus rochtain dhaonnúil iomlán a thabhairt ar gach limistéar sa tSiria.
An Afraic
Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic. Phléigh na hairí tosaíochtaí i gcaidreamh an Aontais leis an Afraic, chomh maith leis an gcaoi ar cheart forbairt a dhéanamh ar an gcaidreamh sin i bhfianaise na ndúshlán atá ag teacht chun cinn. Chuir siad i dtreis go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí bheith rannpháirt san Afraic agus leis an Afraic maidir leis an gcoinbhleacht a chosc, slándáil an duine a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na héagobhsaíochta agus sreafaí imirce a bhainistiú. Cé gur gné ríthábhachtach de rannpháirtíocht an Aontais san Afraic i gcónaí é comhar don fhorbairt, chuir na hirí béim freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh eacnamaíoch agus an infheistíocht, agus an gá atá cabhrú le poist a chruthú. Leag na hAirí béim freisin ar an gá atá le leanúint den obair ar an rialachas, an daonlathas, cearta an duine agus gnéithe a bhaineann le rannpháirt, go háirithe rannpháirt na sochaí sibhialta agus na mban, sa chinnteoireacht.
Thug na hairí dá n-aire a thábhachtaí atá sé teagmháil a dhéanamh le daoine óga na hAfraice, go háirithe ós rud é gurb an óige a bheidh mar théama ag an gcéad chruinniú mullaigh eile a bheidh idir an tAontas agus an Afraic, a thionólfar i bhómhar na bliana 2017. Chuir an tArdionadaí clabhsúr ar an trí bhéim a leagan ar an ngá atá le leanúint de bheith ag obair le comhpháirtithe na hAfraice de mheon comhpháirtíochta i réimsí atá ina ndíol spéise don Aontas agus do chomhpháirtithe san Afraic, agus is iarracht chomhpháirteach, idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit, a bheadh i gceist.
Beidh an plé mar threoir don teachtaireacht chomhpháirteach atá ar na bacáin maidir le spreagadh athnuaite don chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Afraic, atá le tíolacadh ag an Ardionadaí agus ag an gCoimisiún Eorpach i mí Aibreáin 2017.
Thug an Chomhairle aghaidh ar chúrsaí i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Imirce
Phléigh na hAirí saincheisteanna imirce roimh an gComhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 15 Nollaig, ina a bhfuil ag titim amach le déanaí maidir le beartas imirce an Aontais. Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn atá déanta sa chur chuige maidir le creat comhpháirtíochta, a bhfuil torthaí nithiúla air den chéad uair. Phléigh na hairí freisin cur chun feidhme ghealltanais Vaileite roimh an gcruinniú a bheidh ag na hoifigigh shinsearacha a thionólfar i mí Feabhra seo chugainn i Málta faoi choimirce na hUachtaránachta rothlaí. Chuir an Coimisiún in iúl don Chomhairle go ndearnadh 64 gníomhaíocht, ar fiú EUR 1 billiún iad, a fhormheas go dtí seo trí chiste iontaobhais an Aontais don Afraic.
Thug na hairí gnóthaí eachtracha dá n-aire an obair atá ar bun faoi láthair maidir leis an bplean infheistíochta sheachtra atá beartaithe, lena n-áirítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe. Táthar ag súil go nglacfaidh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe ar an 13 Nollaig. dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce trí dheiseanna fostaíochta a chruthú, infheistíocht a spreagadh agus forbairt inbhuanaithe a éascú i dtíortha comhpháirtíochta.
- An ciste Eorpach um fhorbairt inbhuanaithe: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le seasamh idirbheartaíochta
- Teacht ar réitigh i ndáil leis an mbrú imirce (cúlra faisnéise)
Agus an cruinniú
Cúba
Rinne Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini, airí gnóthaí eachtracha an Aontais, agus Aire Gnóthaí Eachtracha Chúba, Bruno Rodriguez Parrilla, a shíniú. Is é seo an chéad chomhaontú ar tháinig an tAontas Eorpach agus Cúba air riamh, agus déantar foráil ann d’idirphlé feabhsaithe polaitiúil, do chomhar déthaobhach feabhsaithe agus d’fhorbairt gníomhaíochta chomhpháirtigh i bhfóraim iltaobhacha. Tacófar le próiseas aistrithe gheilleagar agus shochaí Chúba leis. Cuirtear idirphlé agus comhar chun cinn chun forbairt inbhuanaithe, an daonlathas agus cearta an duine a spreagadh, agus chun teacht ar réitigh chomhroinnte ar dhúshláin dhomhanda.
An Cholóim
Tar éis chruinniú na Comhairle, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí . Ansin, shínigh an tAontas agus na Ballstáit rannpháirteacha comhaontú bunaidh Chiste iontaobhais an Aontais don Cholóim.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12 Nollaig 2016
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12 Nollaig 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12 Nollaig 2016
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC): Glacann an tAontas Eorpach smachtbhannaí i gcoinne seachtar atá freagrach as gníomhartha foréigneacha - 12/12/2016
South Sudan: Council adopt conclusions - 12/12/2016
An Chóiré Thuaidh: Glacann an Chomhairle conclúidí maidir le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) - 12/12/2016
An tSomáil: Síneadh curtha le Misin EUCAP agus EUTM - 12/12/2016
An tSeoirsia: Síneadh dhá bhliain curtha le sainordú mhisean faireacháin an Aontais - 12/12/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025