- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Feabhra 2017 10:35
An chéim dheiridh chun deireadh a chur le táillí fánaíochta: Formheasann an Chomhairle socrú maidir le mórdhíol
Ar an 8 Feabhra 2017, d’fhormhuinigh ambasadóirí na mBallstát an socrú maidir le huasteorainneacha mórdhíola lena gcuirfear deireadh le táillí fánaíochta soghluaiste miondíola san Aontas ar an 15 Meitheamh i mbliana. Tháinig an Uachtaránacht ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir leis na rialacha mórdhíola ar an 31 Eanáir.
Agus toradh le brath anois ar phróiseas deich -mbliana chun táillí fánaíochta a ísliú, ar deireadh beidh daoine in ann, agus iad ag taisteal ar fud na hEorpa, a bheith nasctha, díreach mar a bheadh sa bhaile, gan aon rud breise a íoc.
Mar bhonn faoi na cinntí a ghlac an tAontas i ndiaidh a chéile, chun táillí fánaíochta miondíola a laghdú i dtosach báire agus anois chun fáil réidh leo, tá sraith rialacha lena rialaítear oibreoirí agus iad i mbun gnó le chéile. Go háirithe, cuireann na rialacha sin uasteorainn ar an méid is féidir le hoibreoirí a ghearradh ar a chéile nuair a ghlaonn tomhaltóirí, nuair a sheolann siad téacs nó nuair a bhíonn siad ag scimeáil agus iad i dtír eile de chuid an Aontais.
Tá na huasteorainneacha nua, atá i bhfad níos ísle, ceaptha ar bhealach a fhágann gur féidir le hoibreoirí fón póca fánaíocht atá saor ó fhormhuirir a thairiscint dá gcuid custaiméirí gan praghsanna intíre a mhéadú. In éineacht leis an mbeartas maidir le húsáid chóir ar an leibhéal miondíola, leis na rialacha maidir le mórdhíol cabhrófar lena áirithiú go bhféadfar fáil réidh le táillí fánaíochta ar bhealach inbhuanaithe ar fud an Aontais.
Dúirt Dr. Emmanuel Mallia, an tAire Iomaíochais agus Geilleagair Dhigitigh, Mhuirí agus Seirbhísí Mhálta: “Dea-scéal do gach Eorpach is ea go gcuirfear deireadh le táillí fánaíochta. Tá áthas orm gur éirigh le hUachtaránacht Mhálta clabhsúr a chur ar an gcomhad seo. Tá sé ríthábhachtach i dtaobh dul chun cinn breise a dhéanamh agus é mar aidhm againn leis sin Margadh Aonair Digiteach Eorpach a bhaint amach. Déanfaidh Málta ceiliúradh ar an éacht seo le Ballstáit eile an Aontais ar an 15 agus 16 Meitheamh le linn na hócáide ‘Tionól Digiteach 2017’, a chuirfear ar bun i Málta.”
Agus amach romhainn?
Cuirfear bailchríoch theicniúil ar an téacs comhaontaithe anois. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa ar dtús agus don Chomhairle ina dhiaidh sin é a fhormheas go foirmiúil (comhaontú ar an gcéad léamh).
Meastar go nglacfaidh an Pharlaimint an rialachán i mí Aibreán agus go nglacfaidh an Chomhairle i mí na Bealtaine ar a dheireanaí é. Ní gá gur sa Chomhairle Teileachumarsáide a ghlacfadh an Chomhairle é: tá sé de chumhacht ag foirmíocht ar bith de chuid na Comhairle an gníomh dlíthiúil a ghlacadh.
Síneoidh an dá institiúid an rialachán nuair a ghlacfar é. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ag seisiún iomlánach na Parlaiminte i Strasbourg i mí na Bealtaine. Foilseofar an téacs sínithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm trí lá dár gcionn.
Ní mór don rialachán nua maidir le mórdhíol a bheith i bhfeidhm faoin 15 Meitheamh 2017 chun gur féidir deireadh a chur le táillí fánaíochta miondíola de réir mar a leagtar síos sa rialachán fánaíochta a glacadh in 2015.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise agus chun na huasteoireannacha a comhaontaíodh a fheiceáil, féach an phreaseisiúint uainn ón 31 Eanáir 2017 (nasc thíos)
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
- @nielstimmermans.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024