Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Feabhra 2017 18:15

Athchóirithe struchtúracha laistigh de na Ballstáit: Tagann an Uachtaránacht agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le clár tacaíochta

Ar an 8 Feabhra 2017 tháinig an Uachtaránacht ar chomhaontú sealadach le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa maidir le clár chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme.

Bunófar an clár le haghaidh na tréimhse ó dháta a theacht i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020 agus clúdach airgeadais de €142.8 milliún dlite dó.

“Is clár é seo trína dtabharfar tacaíocht do rialtais chun a gcuid struchtúr eacnamaíoch agus rialachais a fheabhsú. Is céim chun tosaigh é chun cumas na mBallstát a fheabhsú i dtaca le hathchóirithe tábhachtacha a chur chun feidhme a bheidh chun tairbhe shaoránaigh na hEorpa ar deireadh.”

a dúirt Ian Borg, rúnaí parlaiminte Mhálta le haghaidh Uachtaránacht an Aontais 2017 agus le haghaidh cistí an Aontais

Cuirfear an comhaontú faoi bhráid Choiste na mBuanionadaithe sna laethanta amach anseo le go bhformheasfar é. Iarrfar ar an bParlaimint agus ar an gComhairle ansin an rialachán atá molta a ghlacadh ar an gcéad léamh.

Cuspóirí

Tríd an gclár cuirfear le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha lena ndírítear ar iomaíochas, táirgiúlacht, fás, poist, comhtháthú agus infheistíocht a fheabhsú.

Is chun tacú le próisis rialachais eacnamaíoch an Aontais a fheidhmeofar é agus beidh cúnamh mar chuid den tacú sin ar mhaithe le cistí an Aontais a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil. Tabharfar maoiniú ón gclár do bhearta agus do ghníomhaíochtaí a mbeidh breisluach Eorpach ag baint leo.

Maoiniú

Faoin gcomhaontú féadfaidh na Ballstáit sin a bhfuil tacaíocht uathu iarraidh ar thacaíocht airgeadais a chur isteach faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain féilire. Déanfar acmhainní airgeadais an chláir a atreorú ó chláir eile le haghaidh cúnamh teicniúil faoi chuimsiú chistí an Aontais le haghaidh forbairt struchtúrach agus tuaithe.

Faireachán agus cur chun feidhme

Is é an Coimisiún a chuirfidh an clár chun feidhme, ag tógáil ar dhea-chleachtais a forbraíodh trí chúnamh teicniúil a thabhairt don Chipir agus don Ghréig i leith a gcuid clár coigeartaithe eacnamaíoch. Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a ndéanfar maoiniú orthu faoin gclár.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024