Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 15 Feabhra 2017 10:37

Tuilleadh seirbhísí digiteacha iniompartha: Dearbhaíonn ambasadóirí an Aontais Eorpaigh an comhaontú

D'fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais rialacha nua inniu chun go gceadófar do thomhaltóirí a bhfuil seirbhísí ábhair ar líne ceannaithe acu sa bhaile rochtain a bheith acu ar na seirbhísí sin agus iad ar cuairt i dtír eile den Aontas.

Rochtain ar shíntiúis saor in aisce ón gcoigríoch

Cuirfear feabhas leis an rialachán nua ar an iomaíochas trí nuálaíocht a spreagadh i seirbhísí ar líne agus trí níos mó tomhaltóirí a mhealladh. Tá sé ar cheann de na cuspóirí den straitéis maidir leis an margadh aonair digiteach go cruthófar fíormhargadh aonair d’ábhar digiteach agus do sheirbhísí digiteacha.

Beidh feidhm ag an méid sin maidir leis na seirbhísí ábhair ar líne uile a sholáthraítear ar táille. Beidh an rogha ag seirbhísí saorchraolta, amhail na seirbhísí sin a chuireann craoltóirí seirbhíse poiblí ar fáil, leas a bhaint as an rialachán ar an gcoinníoll go bhfíoróidh siad tír chónaithe na síntiúsóirí atá acu.

Bíonn bacainní roimh iniomparthacht trasteorann seirbhísí ar líne faoi láthair toisc gur minic gur de réir na críche a cheadúnaítear na cearta maidir le tarchur ábhair atá cosanta le cóipchearta, mar shampla saothair chlosamhairc, chomh maith leis na cearta do phríomhimeachtaí spóirt. Beidh an rogha ag soláthraithe seirbhíse ar líne freastal ar mhargaí ar leith amháin.

Ní bheidh an soláthar iniomparthacht trasteorann faoi réir aon táillí breise.

Fíorú an bhallstáit chónaithe

Leis na bearta nua, áiritheofar go mbeidh an rochtain chéanna ag daoine agus iad ar saoire, ar turas gnó nó ar cuairt staidéir, ar an ábhar a fuair siad go dleathach nó ar thug siad síntiús lena aghaidh ina mballstát cónaithe.

Chun mí-úsáid a sheachaint, fíoróidh na soláthraithe seirbhíse ballstát cónaithe na síntiúsóirí. Déanfar na fíoruithe i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Beidh an t-údarás ag an soláthróir deireadh a chur le rochtain ar an tseirbhís ar líne nuair nach féidir leis an síntiúsóir a bhallstát cónaithe a chruthú.

Modh fíoraithe réasúnta comhréireach éifeachtach a bheidh ann. Bainfear úsáid as dhá chritéar ó liosta de mhodhanna fíoraithe chun an fíorú a dhéanamh. Féadfar a áireamh orthu sin cárta aitheantais, cárta bainc nó cárta creidmheasa; an seoladh suiteála a bhaineann leis an bhfeiste lena soláthraítear na seirbhísí; an íocaíocht a dhéanann an síntiúsóir ar tháille ceadúnais le haghaidh seirbhísí eile; seoladh oifigiúil billeála nó poist; etc.

Ach beidh an rogha ag sealbhóirí cóipchirt a údarú go bhféadfaí a n-ábhar a úsáid gan an oibleagáid sin a chur i bhfeidhm maidir le háit chónaithe an síntiúsóra a fhíorú.

Teacht i bhfeidhm

Dearbhaítear le cinneadh an lae inniu an comhaontú sealadach ar thángthas air ar an 7 Feabhra 2017 idir Uachtaránacht Mhálta agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa.

Tar éis don Chomhairle agus don Pharlaimint an rialachán a fhormheas go foirmiúil, beidh feidhm ag na rialacha nua sa chéad seimeastar de 2018 (naoi mí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh).

Cúlra

Is fusa rochtain a fháil ar sheirbhísí ábhair ar líne anois, beag beann ar an áit ina bhfuil an tomhaltóir lonnaithe, de bharr go mbaineann daoine níos mó úsáide as feistí iniompartha amhail taibléidí agus fóin chliste, ar na saolta seo.

Tá fás forbarthach ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí i ndáil le rochtain a fháil ar sheirbhísí nuálacha agus ábhar ar líne, ní hamháin ina dtír féin ach nuair atá siad as baile freisin. Dá bharr sin, ní mór deireadh a chur le bacainní ar rochtain agus ar úsáid seirbhísí ábhair ar líne laistigh den mhargadh aonair.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024