- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 3 Aibreán 2017 14:00
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh : 16 Bhallstát chun an chalaois i gcoinne bhuiséad an Aontais a chomhrac le chéile
Thug 16 Bhallstát fógra do na trí institiúid maidir leis an rún atá acu comhar feabhsaithe a sheoladh d’fhonn Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú. Beidh sé de chúram ag OIPE iad siúd a dhéanann coireanna i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus an dlí a chur orthu.
Is iad a leanas 16 shínitheoir na litreach inar tugadh fógra agus a fuarthas inniu: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
Táthar ag súil go mbeidh Ballstáit eile rannpháirteach sa chomhar amach anseo agus tá siad i dteideal sin a dhéanamh am ar bith roimh nó tar éis ghlacadh rialachán OIPE.
Tosófar an athuair ar an gcaibidlíocht ag an gComhairle d’fhonn bailchríoch a chur ar an téacs.
Thar ceann uachtaránacht Mhálta, dúirt an tAire Owen Bonnici an méid seo: "Cé nach mbeidh Málta rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe, chuireamar lenár bhfocal, focal a thugamar ag tús ár n-uachtaránachta feidhmiú mar idirghabhálaí neamhspleách. Táimid tiomanta tosú an athuair ar an obair maidir leis an rialachán, go gasta, d’fhonn teacht ar chomhaontú sna míonna amach romhainn”.
Déanfar an plé ag an gComhairle ar bhonn an téacs chomhréitigh is déanaí de rialachán OIPE, faoi mar a cobhsaíodh é i mí Eanáir 2017.
Ní mór don dréachtrialachán toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil sular féidir é a ghlacadh go críochnaitheach.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024