Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 11 Bealtaine 2017 10:33

Formheasann an Chomhairle an clár tacaíochta um athchóiriú struchtúrach

Ar an 11 Bealtaine 2017, d’fhormheas an Chomhairle clár ar fiú EUR 142.8 milliún é chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme.

Tríd an gclár, cuirfear le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha a mbeidh sé mar aidhm leo an t-iomaíochas, an táirgiúlacht, an fás, poist, an comhtháthú agus an infheistíocht a fheabhsú. Oibreoidh sé chun tacú le próisis rialachais eacnamaíoch an Aontais, le gníomhaíochtaí maoiniúcháin agus le gníomhaíochtaí a ngabhann breisluach Eorpach leo.

“Leis an tionscnamh nua seo, tógtar ar an taithí a fuarthas i ndáil le cúnamh teicniúil a chur ar fáil do na tíortha atá faoi réir cláir choigeartaithe eacnamaíoch”, a dúirt Ian Borg, rúnaí parlaiminte Mhálta d’uachtaránacht an Aontais do 2017 agus do chistí an Aontais. “Cuirfidh sé ar ár gcumas cabhrú leis na Ballstáit uile tairbhe a bhaint as an taithí sin agus athchóirithe tábhachtacha á ngabháil de láimh acu.”

Glacadh an rialachán ag cruinniú den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, gan phlé.

D’fhormheas Parlaimint na hEorpa an clár ar an 27 Aibreán 2017, agus cumhdófar an tréimhse 2017-20 leis an gclár. Tagann an formheas sna sála ar chomhaontú ar thángthas air le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa ar an 8 Feabhra 2017.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024