- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Meitheamh 2017 11:30
Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh 2017/621/CBES (an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála) ón gComhairle an 31 Márta 2017 i ndáil le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Ar an 31 Márta 2017, ghlac an Chomhairle le Cinneadh (CBES) 2017/621[1] ón gComhairle. Leis an gCinneadh ón gComhairle, déantar na bearta sriantacha atá ann cheana a fhadú go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2017. Beidh toirmeasc taistil, reo sócmhainní agus toirmeasc ar chistí a chur ar fáil maidir le 3 duine a mheastar a bheith freagrach as bac a chur leis an aistriú polaitiúil a thabhairt chun críche go rathúil sa Libia, nó an bonn a bhaint ón aistriú sin.
Tá Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró*, an tSeirbia* agus an Albáin*, ar Tíortha is Iarrthóirí iad, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, ar tír de chuid an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais í a d'fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar Tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus ar ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, mar aon leis an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia, ag seasamh leis an gCinneadh sin ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a gcuid beartas náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Tugann an tAontas Eorpach an gealltanas sin dá aire agus cuireann sé fáilte roimhe.
[1] Arna fhoilsiú an 01.04.2017 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Uimh. L89 lch. 10.
*Tá Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maja Kocijančič Urlabhraí SEGS
- +32 2 298 65 70
- +32 498 98 44 25
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024