Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 19 Meitheamh 2017 09:35

An t-athrú aeráide: athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil Comhaontú Pháras oiriúnach don fheidhm agus nach féidir é a athchaibidliú

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an athrú aeráide tar éis cinneadh ó Rialtas na Stát Aontaithe tarraingt siar ó Chomhaontú Pháras

1. Is oth leis an gComhairle cinneadh aontaobhach Rialtas na Stát Aontaithe tarraingt siar ó Chomhaontú Pháras. Is díol sásaimh don Chomhairle freisin an iomad ráiteas láidir tiomantais do Chomhaontú Pháras ó thíortha mórgheallagair agus ó stáit oileánacha bheaga araon.

2. Thángamar le chéile faoi scáth Chomhaontú Pháras le linn ré dhúshlánach. Comhaontú iltaobhach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin is ea é idir beagnach 200 páirtithe, arna thacú ag réigiúin, cathracha, pobail, cuideachtaí chomh maith le gníomhaithe neamhstáit eile ar fud an domhain, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb atá ina bagairt dúinn go léir. Mar aon leis an gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, léirítear leis ár bhfreagracht chomhchoiteann i leith an phláinéid ar fad, don ghlúin seo agus do na glúine atá le teacht, agus ár dtiomantas gníomhú dá réir sin.

3. Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil Comhaontú Pháras oiriúnach don fheidhm agus nach féidir é a athchaibidliú. Tá an comhaontú uaillmhianach gan a bheith ró-shaintreorach agus cuireann sé ar chumas gach páirtí a chonair féin a leagan síos chun cur leis na spriocanna lena rachfar i ngleic leis an athrú aeráide, atá ina bhagairt don fhorbairt, don tsíocháin, don tslándáil agus don chobhsaíocht ar fud an domhain.

4. Athdhearbhaíonn an Chomhairle tacaíocht dhaingean an Aontais do na Náisiúin Aontaithe mar chroílár coráis iltaobhaigh atá bunaithe ar rialacha. Tá an tAontas Eorpach gona Bhallstáit aontaithe i gcónaí agus iomlán tiomanta i leith cur chun feidhme iomlán, tapa Chomhaontú Pháras, meabhraíonn siad dóibh go háirithe freagracht na ngeilleagar mór, arb iad is cúis le 80 % de na hastaíochtaí domhanda, agus iarrann siad ar gach comhpháirtí an dlús a cruthaíodh in 2015 a choinneáil d’fhonn torthaí rathúla a bhaint amach ag COP 23 agus ag COP 24.

5. Is féidir a bheith ag brath i gcónaí ar an Aontas Eorpach ceannaireacht a thabhairt sa chomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide, an méadú ar an meánteocht dhomhanda á choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí á ndéanamh an méadú teochta a theorannú do 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Beidh an tAontas chun tosaigh trína mbeartais uaillmhianacha maidir leis an aeráid agus trí thacaíocht leanúnach a thabhairt dóibh siúd atá an-leochaileach, ionas go bhforbrófar geilleagair láidre, inbhuanaithe i gcomhthráth le hiarrachtaí neodracht astaíochtaí gás ceapa teasa a bhaint amach sa dara leath den chéad, agus sochaithe atá athléimneach ó thaobh athrú aeráide. Is iad an tAontas Eorpach gona Bhallstáit na ranníocóirí is mó do mhaoiniú um an athrú aeráide agus tá siad tiomanta i gcónaí a gcuid a dhéanamh i ndáil le sprioc na dtíortha forbartha, USD 100 billiún, a chur ar fáil, ar bhonn comhpháirteach agus ó fhoinsí éagsúla, in aghaidh na bliana agus faoi 2020 le gníomhaíocht i leith na haeráide i dtíortha atá i mbéal forbartha.

6. Tá na comhpháirtíochtaí domhanda atá aige cheana á neartú ag an Aontas i ndáil leis sin agus leanfaidh sé de chomhghuaillíocht nua a iarraidh leis na geilleagair is mó ar domhain agus na stáit oileánacha is leochailí araon. Áireofar inár gcomhpháirtíochtaí an iomad gnólachtaí, réigiún, cathracha, saoránach agus pobal ar fud an domhain agus sna Stáit Aontaithe a léirigh a dtacaíocht do Chomhaontú Pháras agus a bhfuil gníomhaíocht uaillmhianach aeráide á déanamh acu.

7. Cuirfimid Comhaontú Pháras chun feidhme le chéile ar mhaithe lenár leas coiteann agus leis an bhfreagracht choiteann atá orainn. Feictear dúinn go bhfuil Comhaontú Pháras agus an t-aistriú i leith astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus i leith seasmhacht ó thaobh na haeráide de cosúil le tiománaí próisis do-athraithe ar mhaithe le fás inbhuanaithe dár ngeilleagair agus croílárnach chun an pláinéad a chosaint. Tá an tAontas réidh comhoibriú leis na páirtithe go léir chun na críche sin.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024