- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 20 Meitheamh 2017 09:30
Athbhreithniú déanta ag an Aontas Eorpach ar a chreat buiséadach do 2014-2020 chun freastal ar thosaíochtaí nua
Tá níos mó acmhainní á dtabhairt ag an Aontas Eorpach chun cuidiú le poist agus fás a threisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce. Tá neart á chur aige freisin lena chumas freagairt d’imeachtaí gan choinne. Is iad sin príomhchuspóirí chreat buiséadach athbhreithnithe an Aontais do 2014-2020 a ghlac an Chomhairle ar an 20 Meitheamh 2017.
“Le cinneadh an lae inniu, déantar creat buiséadach an Aontais a choigeartú lena thabhairt i gcomhréir leis na dúshláin atá os ár gcomhair amach. Ciallaíonn sin go mbeidh éifeacht níos mó ná riamh ag buiséad an Aontais mar ionstraim chun fás a neartú, poist a chruthú agus dul i ngleic le géarchéim na himirce. Cuirtear ar chumas an Aontais leis freisin freagairt níos tapúla agus cinntí riachtanacha a ghlacadh tráth a mbeidh dúshláin nua os a chomhair amach” a dúirt an Dr Helena Dalli, Aire Gnóthaí Eorpacha agus Comhionannais Mhálta agus Uachtarán na Comhairle.
Leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil athbhreithnithe (CAI), méadaítear de EUR 6.01 milliún na hacmhainní a cuireadh i leataobh do phríomhthosaíochtaí an Aontais do na blianta 2017 go 2020
- Le EUR 2.08 milliún, cuideofar le fás a spreagadh agus poist a chruthú trí bhíthin roinnt cláir ard-éifeachtúla amhail an tionscnamh fostaíochta don aos óg (+EUR 1.2 billiún), Fís 2020 (+EUR 200 milliún), agus Erasmus+ (+EUR 100 milliún)
- Cuirfear EUR 2.55 billiún ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an imirce, feabhas a chur ar an tslándáil agus neart a chur le rialú ag teorainneacha seachtracha
- Cuirfear EUR 1.39 billiún ar fáil chun dul i ngleic leis na cúiseanna is bun leis an imirce
Ionas go mbeidh an tAontas níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais gan choinne, déanfar le CAI athbhreithnithe mar a leanas:
- méadófar na méideanna bliantúla is féidir a chaitheamh faoin ionstraim sholúbthachta agus faoin gcúlchiste um chabhair éigeandála de EUR 150 milliún agus de EUR 23 mhilliún ar an meán faoi seach sna blianta 2017 go 2020
- méideanna as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú nár úsáideadh, ceadófar iad a úsáid faoin ionstraim sholúbthachta; murach sin, bheadh na méideanna sin imithe le sruth; maidir le 2017, ciallaíonn sin go mbeidh EUR 646 milliún breise ar fáil faoin ionstraim sholúbthachta
- méadófar de shuim iomlán de EUR 5.9 billiún an t-uasmhéid chuig ar féidir uasteorainn bhliantúil íocaíochta CAI a ardú chun íocaíochtaí nár úsáideadh a athchúrsáil sna blianta 2019 agus 2020; fágfar gan athrú an uasteorainn fhoriomlán i dtéarmaí réadúla trí laghdú comhfhreagrach a dhéanamh ar na huasteorainneacha íocaíochta do na blianta nach n-úsáidtear iad uile lena linn
Leis an raon feidhme méadaithe i dtaca le híocaíochtaí nach n-úsáidtear a athchúrsáil, laghdófar freisin an baol go mbeidh riaráiste iomarcach billí neamhíoctha ann. Ina theannta sin, ghabh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa de láimh an méid is gá a dhéanamh chun go seachnófar riaráiste iomarcach billí neamhíoctha.
Cúlra
I Rialachán CAI, leagtar amach méideanna uasta bliantúla a cheadaítear don Aontas a chaitheamh ar réimsí beartais éagsúla le linn na tréimhse 2014 go 2020. Leis an rialachán sin, aistrítear tosaíochtaí polaitiúla ina bhfigiúirí, áirithítear smacht buiséadach don Aontas agus éascaítear glacadh bhuiséad bliantúil an Aontais.
Na chéad chéimeanna eile
Foilseofar an rialachán athbhreithnithe CAI anois in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm 20 lá dá éis sin.
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024