- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 20/06/2017, 20 Meitheamh 2017
Na príomhthorthaí
Athbhreithniú meántéarma ar chreat buiséadach 2014-2020 an Aontais Eorpaigh
Ghlac an Chomhairle creat buiséadach athbhreithnithe an Aontais don tréimhse 2014-2020 chun freastal ar thosaíochtaí nua. Tá níos mó acmhainní á gcur ar fáil ann chun cuidiú le poist agus fás a threisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce. Tá neart á chur aige freisin le cumas an Aontais freagairt d’imeachtaí gan choinne.
“Le cinneadh an lae inniu, déantar creat buiséadach an Aontais a choigeartú lena thabhairt i gcomhréir leis na dúshláin atá os ár gcomhair amach. Ciallaíonn sin go mbeidh éifeacht níos mó ná riamh ag buiséad an Aontais mar ionstraim chun fás a neartú, poist a chruthú agus dul i ngleic le géarchéim na himirce. Fágann sin gur féidir leis an Aontas freagairt níos tapúla agus na cinntí is gá a ghlacadh tráth a mbeidh dúshláin nua os a chomhair amach.”
An Dr Helena Dalli, Aire Gnóthaí Eorpacha agus Comhionannais Mhálta agus Uachtarán na Comhairle
Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh
Chuir an Chomhairle bailchríoch ar na hullmhúcháin do chruinniú na Comhairle Eorpaí ar an 22-23 Meitheamh le plé ar dhréachtchonclúidí lena gcumhdaítear na míreanna seo a leanas:
- an imirce - áit a ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach na forbairtí is déanaí a mheas, le béim ar leith ar bhealach na Meánmhara Láir
- slándáil agus cosaint - áit a mbreithneoidh na ceannairí an dul chun cinn atá déanta agus a gcuirfidh siad treoir ar fáil le haghaidh tuilleadh oibre
- poist, fás agus iomaíochas - áit a ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach athbhreithniú ar na hiarrachtaí i dtaca leis an margadh aonair a dhoimhniú agus a ndéanfaidh sí tiomantas láidir an Aontais don tsaorthrádáil chóir a athdhearbhú
- caidreamh seachtrach - áit a dtabharfar miontuairisc don Chomhairle Eorpach faoi roinnt cruinnithe ardleibhéil a bhí ann le déanaí
- Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide - áit a ndéanfaidh ceannairí a dtiomantas a athdhearbhú ina leith
- an Eoraip dhigiteach - áit a n-iarrfaidh an Chomhairle Eorpach go mbogfar ó chur chuige earnálach go cur chuige iomlánaíoch
“Cumhdófar réimse leathan saincheisteanna sa Chomhairle Eorpach. Is é is aidhm fhoriomlán di an Eoraip a neartú agus a cuid saoránach a chosaint. Is é atá i gceist leis sin bheith chun tosaigh maidir leis na nithe seo: dul i ngleic leis an athrú aeráide, teorainneacha na hEorpa a chosaint, an sceimhlitheoireacht a chomhrac, beartas stóinse trádála a shaothrú, an comhar i dtaca leis an tslándáil agus leis an gcosaint a neartú, agus cló a chur ar a todhchaí féin mar ghníomhaí a fheidhmeoidh chun leasa an domhain. Tá mé bródúil as dea-theist Mhálta i dtaca le cur leis an gclár oibre dearfach seo le linn na sé mhí a chaith an tír sin ag stiúradh na Comhairle.”
An Dr Helena Dalli, Aire Gnóthaí Eorpacha agus Comhionannais Mhálta agus Uachtarán na Comhairle
Tosaíochtaí don bhliain 2018
Bhí a céad phlé ag an gComhairle maidir leis na tosaíochtaí reachtacha don bhliain 2018. Chuir na hairí i bhfios a thábhachtaí atá sé díriú ar na saincheisteanna sin a bheadh ina gcabhair i dtaca leis an Eoraip a neartú agus a cuid saoránach a chosaint. Cuirfear plé na Comhairle san áireamh agus beidh se ina chuidiú agus a chlár oibre don bhliain 2018 á ullmhú ag an gCoimisiún.
“Tá go leor dúshlán os ár gcomhair ach a bhuí don phlé a bhí inniu againn, táimid in ann díriú ar na tionscnaimh agus ar na gníomhaíochtaí sin lena neartófar cumas na hEorpa dul i ngleic leis na dúshláin sin sa mheántéarma”
An Dr Helena Dalli, Aire Gnóthaí Eorpacha agus Comhionannais Mhálta agus Uachtarán na Comhairle
Clár na Comhairle do na 18 mí seo romhainn
D’fhormheas an Chomhairle a clár oibre do na 18 mí seo romhainn, ón 1 Iúil 2017 go dtí an 31 Nollaig 2018. Le linn na tréimhse sin, beidh cathaoirleacht na Comhairle ag uachtaránachtaí rothlacha sé mhí na hEastóine, na Bulgáire agus na hOstaire, faoi seach. Tá sé mar aidhm leis an gclár oibre dul i ngleic le dúshláin a bhí ann le déanaí, muinín as an Aontas Eorpach a neartú agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá shaoránaigh, agus saol na ndaoine agus saol lucht gnó a shimpliú, trí thorthaí nithiúla a bhaint amach. Aithnítear ann na cúig thosaíocht seo a leanas:
- Poist, fás agus iomaíochas
- Cosaint na Saoránach
- Aontas fuinnimh agus beartas ceannródaíoch aeráide
- Saoirse, slándáil agus ceartas
- An tAontas mar ghníomhaí láidir ar ardán an domhain
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach - An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta agus an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50), 20 Meitheamh 2017
- Cúlra faisnéise
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Meitheamh 2017
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Meitheamh 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Meitheamh 2017
Preaseisiúintí
- Freagairt an Aontais do chlár oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe – todhchaí inbhuanaithe don Eoraip
- 20/06/2017
- Formáid chomhionann do víosaí gearrfhanachta (Schengen): Glacann an Chomhairle an rialachán maidir le gnéithe slándála sa ghreamán víosa a nuashonrú
- 20/06/2017
- Athbhreithniú déanta ag an Aontas Eorpach ar a chreat buiséadach do 2014-2020 chun freastal ar thosaíochtaí nua
- 20/06/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025