- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 18 Deireadh Fómhair 2017 14:55
Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne SI (Da'esh) agus Al-Qaeda agus ina gcoinne siúd a bhfuil baint acu leis na heagraíochtaí sin
Ar an 14 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1560[1].
Cuireann an cinneadh ón gComhairle síneadh leis na bearta sriantacha atá ann cheana, a forchuireadh le Cinneadh (CBES) 2016/1693, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2018.
Tá Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró* an tSeirbia agus an Albáin*, ar tíortha is iarrthóirí iad, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, ar tír de chuid an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais í a d'fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Íoslainn agus Lichtinstéin, ar tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus ar ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, mar aon leis an Úcráin, Poblacht na Moldóive, an Airméin agus an tSeoirsia ag seasamh leis an gcinneadh sin ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a gcuid beartas náisiúnta i gcomhréir leis na cinntí sin ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus fáilte curtha aige roimhe.
[1]Arna fhoilsiú an 15.9.2017 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Uimh. L 237, lch. 71.
* Tá Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maja Kocijančič Urlabhraí SEGS
- +32 2 298 65 70
- +32 498 98 44 25
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024