- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 6 Nollaig 2018 11:45
An r-Cheartas á fhorbairt a thuilleadh ag an Aontas Eorpach
Is de thiomantas an Aontais rochtain an cheartais ar fud an Aontais a fheabhsú tríd an r-Cheartas Eorpach a fhorbairt a thuilleadh.
Ghlac an Chomhairle an straitéis agus plean gníomhaíochta inniu maidir le forbairt an r-Cheartais don tréimhse 2019-2023. Is éard is r-Cheartas ann beartas lena ndéantar rochtain an cheartais a shimpliú agus a fheabhsú agus nósanna imeachta dlíthiúla trasteorann á ndigitiú. Ní taobh le réimse amháin den dlí atá an r-Cheartas ach é dírithe ar shaoránaigh, gnólachtaí, iad siúd a chleachtann an dlí, agus údaráis bhreithiúnacha.
Ar thrí chroí-chuspóir a dhíreofar le linn na hoibre a bhainfidh leis an r-cheartas idir 2019-2023:
- Rochtain faisnéise i réimse an cheartais a fheabhsú
- Leanúint de dhigitiú a dhéanamh ar imeachtaí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha d'fhonn rochtain níos fusa agus níos gasta a thabhairt ar na cúirteanna
- Cur chun feidhme agus bainistiú teicniúil na gcóras náisiúnta r-Cheartais a áirithiú d'fhonn idirnascadh agus idir-inoibritheacht a éascú idir córais na mBallstát
An tairseach r-Cheartais
Is í an tairseach r-Cheartais an phríomhuirlis atá ann chun rochtain faisnéise i réimse an cheartais a fheabhsú. Tá leathanaigh eolais, uirlisí cuardaigh agus foirmeacha dinimiciúla sa tairseach de ghrá cuairt an úsáideora a fheabhsú agus a éascú. Déanfar an tairseach a fhorbairt agus a leathnú a thuilleadh le linn an chéad phlean gníomhaíochta eile.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024