Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 06-07/12/2018, 6-7 Nollaig 2018

Na príomhthorthaí

Gnóthaí Baile – (Déardaoin an 6 Nollaig)

Rinneamar dul chun cinn maith inniu maidir le roinnt mhaith saincheisteanna tosaíochta i réimsí na himirce agus na slándála. Ina theannta sin d'fhéachamar ar an gcaoi a ndéanfar na huirlisí atá á bhforbairt againn a mhaoiniú sa todhchaí, agus phléamar na tosaíochtaí i réimse an cheartais agus gnóthaí baile don chéad chreat ilbhliantúil airgeadais eile. Herbert Kickl, Aire Gnóthaí Baile na hOstaire

Ábhar sceimhlitheoireachta ar líne

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta i ndáil leis an rialachán atá beartaithe maidir le cosc a chur ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne.

Baineann na rialacha atá beartaithe le soláthraithe seirbhíse óstála a bhfuil seirbhísí á dtairiscint acu san Aontas, bíodh a bpríomhbhunaíocht sna Ballstáit nó i dtír eile. Beidh ar na soláthraithe sin ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint nó an rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú taobh istigh d'uair amháin tar éis ordú a fháil ó na húdaráis é a bhaint.

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach i ndáil leis an togra maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach, agus go sonrach maidir leis na forálacha a bhaineann le filleadh agus comhar le tríú tíortha. Ní leor an comhaontú sin, áfach, chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, ar bhonn an phrionsabail nach gcomhaontófar aon rud go dtí go mbeidh gach rud comhaontaithe.

Leis na rialacha atá á mbeartú, beidh Frontex in ann tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh. Cabhrófar freisin leis an gcomhar le tríú tíortha a neartú, trí raon níos leithne gníomhaithe a thabhairt don ghníomhaireacht agus gan an comhar a theorannú do thíortha comharsanachta amháin.

Smuigleáil imirceach

D’fhormheas na hairí sraith chuimsitheach de bhearta oibríochtúla lena ndírítear ar fhorfheidhmiú an dlí chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne líonraí smuigleála imirceach. Tagann sé sin mar thoradh ar iarraidh a rinne ceannairí an Aontais ag an gcruinniú a bhí acu i mí Dheireadh Fómhair.

Is é is cuspóir leo cur isteach ar líonraí smuigleála imirceach laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, ag cur san áireamh an leibhéal ard inoiriúnaitheachta atá acu agus an méadú atá tagtha ar an gceangal idir gníomhaíochtaí coiriúla éagsúla.

Príomhphointí ón gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 6 Nollaig 2018, sa Bhruiséil.

Ceartas (Dé hAoine an 7 Nollaig)

Thángamar ar chomhaontuithe inniu maidir le roinnt comhad a bhfuil an cuspóir céanna acu, is é sin a áirithiú go n-oibríonn an tAontas Eorpach ar son a shaoránach, bíodh sin ó thaobh a gcuid ceart mar thomhaltóirí, a gcuid freagrachtaí mar thuismitheoirí nó an gá atá acu maireachtáil i limistéar slán. Josef Moser, Aire Cónaidhme Gnóthaí Bunreachtúla, Athchóirithe, Dírialaithe agus Dlí agus Cirt na hOstaire

Rialachán maidir le r-fhianaise

Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh i ndáil leis an rialachán maidir le horduithe Eorpacha chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe Eorpacha i gcomhair r-fhianaise in ábhair choiriúla. Leis na rialacha nua sin tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun rochtain trasteorann ar r-fhianaise a fheabhsú trí chreat dlíthiúil a chruthú lena bhféadfar orduithe breithiúnacha a sheoladh go díreach chuig na soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i mBallstát eile.

Treoir maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí

Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an treoir díolacháin earraí. Leis an treoir sin tugtar isteach rialacha níos fearr agus níos soiléire do chomhlachtaí agus do thomhaltóirí araon ó thaobh díolacháin earraí de, i gcianidirbhearta (lena n-áirítear idirbhearta ar líne), agus i ndíolacháin aghaidh ar aghaidh. Is é cuspóir na treorach creat dlíthiúil comhleanúnach a chur ar fáil ar fud an Aontais, chomh maith le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.

Rialachán maidir le saincheisteanna freagrachta tuismitheora agus fuadach idirnáisiúnta leanaí

Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán IIa na Bruiséile (mar a ghairtear air) ina leagtar amach rialacha maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach leanaí laistigh den Aontas, freisin. Is é is cuspóir leis gur níos fusa agus níos gasta a bheadh sé cinntí faoi shaincheisteanna freagrachta tuismitheora agus fuadach leanaí laistigh den Aontas a chur i bhfeidhm thar theorainneacha.

Conclúidí ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach in ábhair choiriúla

Is é is aidhm do na conclúidí seo muinín agus comhar a fheabhsú idir údaráis bhreithiúnacha ar fud an Aontais, gné ríthábhachtach maidir le haitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha. Foráiltear leis na conclúidí roinnt gníomhaíochtaí praiticiúla atá le déanamh, lena n-áirítear: oiliúint do chleachtóirí a chur chun cinn; malartú dea-chleachtas a spreagadh; lán-úsáid a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil ag Eurojust agus ag an nGréasán Breithiúnach Eorpach a spreagadh.

Na príomhphointí ó chruinniú na Comhairle Ceartas agus Gnóthaí Baile a bhí ar siúl sa Bhruiséil ar an 7 Nollaig 2018.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025