Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 20 Nollaig 2018 11:45

A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le clár spáis amach anseo don Aontas

Tá a chlár beartais spáis don todhchaí á bhunú ag an Aontas le haghaidh na mblianta 2021-2027. Chomhaontaigh cruinniú ambasadóirí an Aontais in Coreper ar an 19 Nollaig an seasamh ón gComhairle maidir leis an dréachtrialachán i ndáil le clár spáis an Aontais. Fágann an seasamh seo gur féidir caibidlíocht a thosú le Parlaimint na hEorpa.

Ní chumhdaíonn an téacs a comhaontaíodh saincheisteanna airgeadais agus cothrománacha atá á bplé mar chuid den chaibidlíocht maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile le haghaidh na tréimhse 2021 go 2027.

Is ag dul i dtábhacht atá an spás inár saol ó lá go lá. Tá fionnachtana agus seirbhísí a bhaineann leis an spás ag athrú an bhealaigh a mairimid agus a n-oibrímid cheana féin. Tá an tAontas diongbháilte a bheith ar thús cadhnaíochta agus a bheith chun tosaigh, mar atá tuillte aige, i ngeilleagar domhanda an spáis. Norbert Hofer, Aire Cónaidhme Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta na hOstaire

Áiritheoidh an rialachán nua:

  • sonraí agus seirbhísí a bhaineann leis an spás, agus iad ar ardchaighdeán, cothrom le dáta agus slán;
  • tairbhí socheacnamaíocha níos mó ó úsáid a bhaint as a leithéid de shonraí agus de sheirbhísí, amhail méadú ar fhás agus ar chruthú post san Aontas;
  • feabhas ar shlándáil agus ar uathriail straitéiseach an Aontais;
  • ról níos láidre don Aontas mar phríomhghníomhaí san earnáil spáis.

Bainfear é sin amach mar a leanas:

  • an creat dlíthiúil atá ag an Aontas cheana féin maidir le beartas spáis a shimpliú agus a shruthlíniú;
  • buiséad leordhóthanach spáis a chur ar fáil don Aontas ionas gur féidir leis leanúint de na cláir shuaitheanta spáis atá ann cheana féin amhail EGNOS, Galileo agus Copernicus, agus iad a fheabhsú, agus chun gur féidir leis faireachán a dhéanamh ar ghuaiseacha spáis faoin gclár um 'fheasacht shuíomhúil spáis', agus rochtain ar chumarsáid satailíte shlán a chur ar fáil d'údaráis náisiúnta (GOVSATCOM);
  • na rialacha a bhunú le haghaidh rialachas chlár spáis an Aontais;
  • creat slándála an chláir spáis a chaighdeánú.

Na chéad chéimeanna eile

Réitíonn an comhaontú seo an bealach don Uachtaránacht tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa agus é mar aidhm go nglacfaí an rialachán go tapa. Ghlac Parlaimint na hEorpa a sainordú caibidlíochta ar an 13 Nollaig 2018.

Cúlra

I mí an Mheithimh 2018, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialachán maidir le clár spáis don Aontas Eorpach. Tá an rialachán beartaithe mar chuid d'obair leantach na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Straitéis Spáis don Eoraip (SSE).

Molann togra an Choimisiúin buiséad foriomlán €16 billiún don chlár de réir na bpraghsanna atá ann faoi láthair le haghaidh na tréimhse 2021-2027 agus an miondealú táscach seo a leanas i gceist: €9.7 billiún do Galileo agus EGNOS, €5.8 billiún do Copernicus agus €0.5 billiún do SSA agus GOVSATCOM.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024