Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 20/12/2018, 20 Nollaig 2018

Na príomhthorthaí

Caighdeáin astaíochtaí CO2 do thrucailí

Ag an gcruinniú sa Bhruiséil ar an 20 Nollaig, tháinig na hairí ar chomhaontú maidir leis an rialachán atá beartaithe i dtaca le caighdeáin CO2 d'fheithiclí tromshaothair. Chomhaontaigh siad an seasamh ón gComhairle maidir leis an téacs agus leag siad síos na chéad spriocanna riamh de chuid an Aontais d'astaíochtaí CO2 ó thrucailí.

Ó 2025 ar aghaidh, beidh laghdú 15%, ar an meán, ar astaíochtaí ó thrucailí agus busanna nua. Agus ó 2030 ar aghaidh, beidh laghdú 30% ar astaíochtaí ó na cineálacha feithicle sin. Cuid dár n-iarrachtaí is ea an méid sin chun an earnáil iompair de bhóthar a dhícharbónú; céim mhór é freisin chun na spriocanna a chomhaontaíomar faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. A bhuí leis na rialacha a comhaontaíodh inniu, tiocfaidh laghdú 54 mhilliún tona ar ár n-astaíochtaí CO2 idir 2020 agus 2030 – is ionann sin agus díol bliana d'astaíochtaí CO2 na Sualainne. Elisabeth Köstinger, Aire Cónaidhme Inbhuanaitheachta agus Turasóireachta na hOstaire

Straitéis fhadtéarmach an Aontais i leith na haeráide

Bhí deis ag na hairí comhshaoil an chéad mhalartú tuairimí a bheith acu faoin straitéis nua maidir le gníomhú ar son na haeráide a thíolaic an Coimisiún Eorpach an mhí seo caite. Léirítear in dhá cheann de na hocht gcás atá á moladh ag an gCoimisiún an dóigh a bhféadfadh an tAontas neodracht ó thaobh astaíochtaí a bhaint amach faoi 2050.

An clár LIFE

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach maidir leis an rialachán maidir le LIFE, lena n-áiritheofar go leanfar de chlár suaitheanta an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, gníomhú ar son na haeráide agus caomhnú speicis agus ghnáthóga fiadhúlra na hEorpa tar éis 2020.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Le linn seisiún poiblí, bhí deis ag an gComhairle éisteacht le cur i láthair ón Uachtaránacht ar na nithe seo a leanas: an treoir maidir le plaistigh aon úsáide, an rialachán maidir le caighdeáin CO2 do charranna agus veaineanna, an treoir maidir le huisce óil, an rialachán maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha, agus an rialachán maidir le hailíniú oibleagáidí tuairiscithe.

Infographic showing the evolution of greenhouse gas emission in the European Union over three periods of time
Greenhouse gas emissions in the EU (Grafaic faisnéise)

Greenhouse gas emissions in the EU (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025