Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 10 Márta 2020 20:00

Conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí tar éis na físchomhdhála maidir le COVID-19

Ba dhíol sásaimh do na Ceannairí Stáit agus Rialtais an fhíschomhdháil maidir le COVID-19 a thionól.

Rinne na Ballstáit comhbhrón leis an Iodáil agus le Ballstáit eile atá buailte go dona.

Le linn na físchomhdhála ar an 10 Márta 2020, chuireamar i dtreis nach mór oibriú as láimh a chéile, gach ní is gá a dhéanamh, agus gníomhú go pras. Chuireamar i dtreis nach mór cur chuige comhpháirteach Eorpach agus dlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach a bheith ann. Ba cheart do na hairí sláinte agus do na hairí gnóthaí baile dul i gcomhairle le chéile go laethúil chun comhordú cuí a chinntiú agus féachaint le comhthreoir choiteann Eorpach a bhaint amach.

Le linn an chruinnithe, malartaíodh eolas agus cleachtais agus sainaithníodh ceithre thosaíocht.

1) Teorainn a chur le leathadh an víris. Chomhaontaigh na Ballstáit gurb í sláinte ár saoránach an chéad tosaíocht, agus gur cheart gach beart a bheith bunaithe ar chomhairle eolaíochta agus ar chomhairle leighis. Ní mór na bearta a bheith comhréireach ionas nach mbeidh iarmhairtí iomarcacha acu ar ár sochaithe ina n-iomláine. Maidir leis an bpointe sin, chomhaontaigh na ceannairí freisin go roinnfidís gach eolas ábhartha trí na sásraí comhordúcháin atá ann cheana.<>[1]

2) Trealamh leighis a sholáthar. Comhaontú go gcuirfear de chúram ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais agus tionscnaimh a bhunú chun ganntanais a chosc. Chuir an Coimisiún in iúl go leanfadh sé de bheith i dteagmháil leis an tionscal agus go saothródh sé soláthairtí poiblí comhpháirteacha. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún trealamh cosanta pearsanta a cheannach tríd an gCreat um Chosaint Sibhialta – RescEU. Ní mór a chinntiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is ceart agus go seachnófar aon bhacainní nach bhfuil bonn cirt leo. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar mhaisc agus ar análaitheoirí.

3) Taighde a chur chun cinn, taighde vacsaíne san áireamh. Leag na Ballstáit béim ar a thábhachtaí atá sé na hiarrachtaí taighde a neartú. Tá EUR 140 milliún de chistí curtha ar fáil ag an gCoimisiún cheana féin agus 17 dtionscadal roghnaithe aige chun é sin a dhéanamh.

4) Dul i ngleic leis na hiarmhairtí socheacnamaíocha. An tAontas agus a Bhallstáit, táimid réidh le leas a bhaint as na hionstraimí uile is gá. Tabharfaimid aghaidh go háirithe ar aon tionchar ar leachtacht, ar thacaíocht d'earnálacha na bhfiontar beag agus meánmhéide agus na n-earnálacha sonracha atá buailte, agus ar a gcuid fostaithe. Beidh gá leis an tsolúbthacht i dtaca le rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm, go háirithe i ndáil le Státchabhair agus leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar fhorbairtí eacnamaíocha san Aontas agus glacfaidh sé gach tionscnamh is gá. Déanfaidh na Ballstáit agus na hinstitiúidí obair leantach láithreach bonn.

Déanfaidh na Ballstáit agus na hinstitiúidí obair leantach ar gach leibhéal láithreach bonn. Fillfidh an Chomhairle Eorpach ar an ábhar seo arís le linn chruinniú mullaigh an 26-27 Márta chun aon chinneadh eile is gá a dhéanamh.

<>[1] Socruithe comhtháite an Aontais i leith freagairt pholaitiúil ar ghéarchéim (IPCR) seolta ag Uachtaránacht na Cróite. Tacóidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) leis na Ballstáit agus cuirfidh sé treoirlínte ar fáil.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024