"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
REACT-EU: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta páirteach
Tá an tAontas ag cur cistiú agus solúbthacht bhreise ar fáil maidir le húsáid na gcistí struchtúracha chun cabhrú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí téarnaimh tar éis ráig COVID-19.
Ag teacht le chéile dóibh i gCoiste na mBuanionadaithe, d’fhormhuinigh airí an Aontais an seasamh páirteach ón gComhairle maidir le REACT-EU, an tionscnamh de chuid an Aontais a bhfuil an tionchar gearrthéarmach go meántéarmach is mó aige, agus d’fhormhuinigh siad chomh maith sraith leasuithe ar thograí reachtacha fadtéarmacha.
Caithfimid a chinntiú ní hamháin go dtiocfaidh réigiúin na hEorpa slán as an ngéarchéim ach gur láidre a bheidh siad ina diaidh freisin. I ndáil leis an méid sin, cabhróidh glacadh pras REACT-EU le tacaíocht a thabhairt do na réigiúin agus do na críocha go tapa agus le haon leathnú ar éagothromaíochtaí de thoradh ar an bpaindéim a chosc.
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh, Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle
Le REACT-EU cuirfear acmhainní breise eisceachtúla ar fáil do na Ballstáit, lena n-úsáid chun an geilleagar agus an fhostaíocht a neartú sna réigiúin sin is mó a buaileadh agus ullmhófar an tslí le haghaidh téarnamh glas, digiteach agus athléimneach.
Cuirfear na hacmhainní ar fáil idir 2021 agus 2022, mar a bheadh droichead idir an fhreagairt ar COVID-19 agus an chéad chéim eile, is é sin an geilleagar a dheisiú san fhadtéarma.
Tacóidh REACT-EU go príomha le seirbhísí sláinte agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), le poist a chaomhnú agus a chruthú, go háirithe do dhaoine atá i staid leochaileach, le fostaíocht le haghaidh daoine óga, agus le rochtain ar sheirbhísí sóisialta. Féadfaidh na Ballstáit freisin a leithdháiltí a mhéadú le haghaidh cláir do na daoine is díothaí.
An pacáiste comhtháthaithe do 2021-2027
D’fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais freisin an seasamh páirteach nuashonraithe ón gComhairle ina gcuirtear san áireamh na leasuithe ar na cistí struchtúracha don chlárthréimhse 2021-2027.
Leis na hathruithe ar an bpacáiste reachtaíochta, a moladh don chéad uair i mí na Bealtaine 2018, tugtar isteach bearta atá dírithe ar dhul i ngleic le hiarmhairtí socheacnamaíocha ráig COVID-19.
Dá bharr sin, is formhuiniú é an seasamh ón gComhairle ar ról an chultúir agus na turasóireachta san fhorbairt eacnamaíoch, sa chuimsiú sóisialta agus sa nuálaíocht shóisialta. Ciallaíonn sé sin go mbeidh na Ballstáit in ann infheistíocht níos mó a dhéanamh sa dá earnáil sin, earnálacha a buaileadh go dona leis an bpaindéim.
Ina theannta sin, le foráil nua ceadaítear bearta sealadacha a ghlacadh chun úsáid sholúbtha a bhaint as na cistí le linn aon ghéarchéim amach anseo.
Leis an seasamh ón gComhairle, eisiatar na gnéithe airgeadais de na tograí, lena n-áirítear REACT-EU, ar gá fós iad a chur leis an sainordú caibidlíochta tar éis an chomhaontaithe fhoriomláin, ar thángthas air an 21 Iúil, maidir le pacáiste buiséadach agus téarnaimh fadtéarmach an Aontais.
Na chéad chéimeanna eile
A luaithe a bheidh a seasamh féin maidir leis na tograí reachtacha comhaontaithe ag Parlaimint na hEorpa, cuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir an dá institiúid agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas: