Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 10 Samhain 2020 15:45

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus an pacáiste téarnaimh: Uachtaránacht na Comhairle tagtha ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa

Tháinig Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle ar chomhaontú polaitiúil le hidirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa i gcainteanna a bhí dírithe ar thoiliú na Parlaiminte a fháil don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, buiséad fadtéarmach an Aontais.

Thángthas ar an gcomhaontú tar éis diansheisiún comhairliúcháin leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún a bhí ar siúl ó dheireadh mhí Lúnasa. Comhlánaíonn sé an pacáiste airgeadais cuimsitheach dar luach €1 824.3 billiún a chaibidligh ceannairí an Aontais i mí Iúil, lena gcomhcheanglaítear an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile — €1 074.3 billiún — agus ionstraim théarnaimh shealadach €750 billiún, Next Generation EU (i bpraghsanna 2018).

Áirítear an méid seo a leanas sa phacáiste polaitiúil a comhaontaíodh leis an bParlaimint:

  • athneartú spriocdhírithe ar chláir an Aontais, ar a bhfuil Fís Eorpach, EU4Health agus Erasmus+ , le €15 bhilliún trí acmhainní breise (€12.5 billiún) agus ath-leithdháileadh (€2.5 billiún) le linn na chéad tréimhse airgeadais eile, agus na huasteorainneacha caiteachais a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-21 Iúil á n-urramú ag an am céanna
  • níos mó solúbthachta chun cur ar chumas an Aontais déileáil le riachtanais neamhthuartha
  • an t-údarás buiséadach a bheith níos rannpháirtí sa bhformhaoirseacht ar ioncam faoi Next Generation EU
  • uaillmhian níos airde maidir leis an mbithéagsúlacht agus faireachán neartaithe ar chaiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, an aeráid agus an inscne
  • treochlár táscach chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach

Cuirfear an comhaontú faoi bhráid na mBallstát lena fhormhuiniú in éineacht leis na gnéithe eile den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus den phacáiste téarnaimh eile, lena gcuimsítear an córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, ar tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus idirbheartaithe na Parlaiminte ar chomhaontú sealadach ina leith an 5 Samhain.

Thóg an chaibidlíocht leis an bParlaimint tamall maith, ach ar deireadh tá sé déanta againn — thángamar ar chomhaontú polaitiúil maidir le mionsonraí deiridh an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais. Is socrú cothrom é sin, lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna a d'ardaigh an Pharlaimint agus urraim á tabhairt don treoir a fuarthas ón gComhairle Eorpach i mí Iúil. Táimid in ann anois na chéad chéimeanna ríthábhachtacha eile a ghlacadh sa phróiseas — na codanna éagsúla den phacáiste a chur faoi bhráid na mBallstát agus na Parlaiminte lena bhformhuiniú. Tá an Eoraip buailte go dona ag an dara tonn de phaindéim an choróinvíris. Mar ábhar práinne, tá géarghá againn leis an gciste téarnaimh chun na drochiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leis an bpaindéim a mhaolú. Tá súil agam go dtuigfidh gach duine an phráinn a bhaineann leis an gcás agus go gcabhrófar le réiteach a fháil chun an pacáiste maidir le buiséad agus téarnamh an Aontais a chur chun feidhme go pras — níl constaicí nua ná tuilleadh moille ag teastáil ó aon duine. Michael Clauß, Buanionadaí na Gearmáine chuig an Aontas

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024