- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 14 Nollaig 2020 10:00
Criptiú: Rún glactha ag an gComhairle maidir le slándáil trí chriptiú agus slándáil in ainneoin criptiú
Tá rún glactha ag an gComhairle maidir le criptiú, lena gcuirtear béim ar an ngá atá le slándáil trí chriptiú agus le slándáil in ainneoin criptiú.
Sa rún sin, cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir go dtacaíonn sí le criptiú láidir a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a úsáid mar bhealach riachtanach chun cearta bunúsacha agus slándáil dhigiteach na saoránach, na rialtas, na tionsclaíochta agus na sochaí a chosaint. Ag an am céanna, tugann an Chomhairle dá haire gur gá a chinntiú go mbeidh na húdaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha in ann a gcumhachtaí dlíthiúla a fheidhmiú, ar líne agus as líne araon, chun ár sochaithe agus ár saoránaigh a chosaint.
Tá na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na breithiúna ag brath níos mó ná riamh ar rochtain ar fhianaise leictreonach chun an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus raon cibearchoireachta agus coireanna cibearchumasaithe eile a chomhrac go héifeachtach. Tá an rochtain sin ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar an gceartas coiriúil sa chibearspás. Tá cásanna ann, áfach, ina bhfágann an criptiú go mbíonn rochtain agus anailís ar fhianaise fíordheacair nó dodhéanta go praiticiúil.
Tá an tAontas ar a dhícheall ag iarraidh plé gníomhach a thosú le lucht thionscal na teicneolaíochta, agus le dlúth-rannpháirtíocht ó lucht taighde, ón saol acadúil, ón tionsclaíocht, ón tsochaí shibhialta agus ó gheallsealbhóirí eile, d’fhonn an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir a chinntiú go leanfar de theicneolaíocht láidir chriptiúcháin a úsáid, agus go ráthófar cumhachtaí lucht forfheidhmithe dlí agus na mbreithiúna feidhmiú ar na téarmaí céanna atá i bhfeidhm sa domhan as líne. Beidh gá le réitigh theicniúla fhéideartha chun príobháideachas agus cearta bunúsacha a urramú, agus chun an luach a ghabhann leis an dul chun cinn teicneolaíoch don tsochaí a chaomhnú.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2025