Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 3 Márta 2022 16:38

Cead tugtha ag an gComhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí. Leis an gcinneadh freisin, réitítear an bealach chun leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta a chaibidil.

Olivier Véran, an tAire Dlúthpháirtíochta agus Sláinte
Léirigh COVID-19 an tábhacht a bhaineann le comhar idirnáisiúnta chun bagairtí domhanda ar shláinte daoine a chomhrac. Dá bhrí sin, tá an ionstraim nua idirnáisiúnta seo ríthábhachtach chun go mbeimis in ann freagairt ar bhealach níos fearr dá mbuailfeadh paindéime eile. Ní mór don chomhphobal idirnáisiúnta teacht le chéile chun rochtain chothrom ar vacsaíní agus ar theiripí a chinntiú, comhroinnt thráthúil sonraí agus faisnéise a ráthú agus aghaidh a thabhairt ar na naisc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil.
Olivier Véran, an tAire Dlúthpháirtíochta agus Sláinte
Olivier Véran, an tAire Dlúthpháirtíochta agus Sláinte

Leis an gcinneadh, údaraítear don Choimisiún, maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí a chaibidil. Leagtar amach cuspóirí agus prionsabail an chomhaontaithe sna treoracha caibidlíochta atá i gceangal leis an gcinneadh. Is féidir athbhreithniú agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na treoracha caibidlíochta faoi mar is iomchuí ag brath ar éabhlóid na caibidlíochta.

Freagairt ar COVID-19

Léirigh COVID-19 an gá atá le hullmhacht fheabhsaithe agus comhar níos dlúithe ar an leibhéal domhanda. D’fhéadfadh comhar feabhsaithe idir ionaid taighde ar fud an domhain agus comhordú níos fearr ar mhaoiniú idirnáisiúnta feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar rioscaí agus comhroinnt eolais maidir le básanna tógálacha nua. D’fhéadfadh comhordú domhanda ar stoc-charnadh a chinntiú go mbeidh rochtain ag tíortha ar sholáthairtí riachtanacha. Le comhaontú paindéime, d’fhéadfadh sásraí freagartha níos fearr a bheith ann agus d’fhéadfaí dul i ngleic le neamhionannais sa rochtain ar vacsaíní, ar chógais leighis agus ar dhiagnóisic.

Cúlra

An 1 Nollaig 2021, tháinig comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar chomhaontú maidir le tús a chur leis an bpróiseas chun coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta eile a dhréachtú agus a chaibidil faoi Bhunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte chun cosc, ullmhacht agus freagairt paindéime a neartú.

D'fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, an togra le haghaidh conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí den chéad uair ag Fóram Síochána Pháras i mí na Samhna 2020. Chuir ceannairí G7 an iarraidh sin ar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí chun suntais freisin sa ráiteas uathu an 19 Feabhra 2021.

Ag Comhairle Eorpach an 25 Feabhra 2021, leag ceannairí an Aontais béim ar an ngá atá le comhar iltaobhach domhanda chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus d’aontaigh siad oibriú ar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí laistigh de chreat na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus ar shlándáil sláinte dhomhanda a chur chun cinn.

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis chinneadh an 1 Nollaig ag an gComhthionól Domhanda Sláinte, tionóladh an chéad chruinniú de chomhlacht caibidlíochta idir-rialtasach an 24 Feabhra 2022 chun teacht ar chomhaontú maidir le bealaí oibre agus amlínte. Tiocfaidh sé le chéile arís faoin 1 Lúnasa 2022 chun an dul chun cinn maidir le dréacht oibre a phlé. Cuirfidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn ar fáil ansin don 76ú Comhthionól Domhanda Sláinte in 2023, agus é mar aidhm an ionstraim a ghlacadh faoi 2024.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Aibreán 2025