Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 22 Eanáir 2024 12:30

An tSúdáin: sé eintiteas curtha ag an gComhairle le liosta smachtbhannaí an Aontais

Tá an doiciméad seo ar fáil i dteangacha nach teangacha AE iad :

Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne sé eintiteas, i bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa tSúdáin, áit a bhfuil troid ar siúl idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus mílístí an dá thaobh.

Cuirtear san áireamh sa liostú nua – an chead cheann maidir le réimeas na Súdáine – sé eintiteas atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus aistriú polaitiúil na Súdáine.

I measc na n-eintiteas atá liostaithe tá dhá chuideachta a bhfuil baint acu le monarú arm agus feithiclí d’Fhórsaí Armtha na Súdáine (Defense Industries System agus SMT Engineering); Zadna International Company for Investment Limited, atá faoi rialú Fhórsaí Armtha na Súdáine, agus trí chuideachta a bhfuil baint acu le trealamh míleata a sholáthair do na Fórsaí Mear-Thacaíochta (Al Junaid Multi Activities Co Ltd, Tradive General Trading agus GSK Advance Company Ltd).

Tá na heintitis atá liostaithe faoi réir reo sócmhainní. Tá toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh nó chun a dtairbhe.

An 27 Samhain 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas thar ceann an Aontais inar cháin sé go láidir an troid leanúnach idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus mílístí an dá thaobh. Chuir sé in iúl sa ráiteas sin freisin gur saoth leis an géarú suntasach ar an bhforéigean agus gur cailleadh daoine in Darfur agus ar fud na tíre, chomh maith leis na sáruithe ar an Dlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus ar an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta.

Is cúis mhór imní don Aontas i gcónaí an staid dhaonnúil sa tSúdáin agus athdhearbhaíonn sé a thacaíocht dhaingean agus a dhlúthpháirtíocht le muintir na Súdáine.

Foilsíodh na gníomhartha dlíthiúla ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cúlra

An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025