"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, tar éis d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, a chomhghleacaithe san Aontas a chur ar an eolas trí fhíschomhdháil faoi na forbairtí is déanaí ar an láthair.
In ainneoin na n-ionsaithe leanúnacha atá á ndéanamh ag an Rúis, tá ag éirí go maith leis an Úcráin ó thaobh rath tábhachtach míleata, go háirithe sa Mhuir Dhubh. Mar sin féin, tá an Rúis tar éis dlús a chur faoi na hionsaithe diúracán agus ladrann atá á ndíriú ar shibhialtaigh san Úcráin agus is bagairt fós í don Eoraip.
Dá bhrí sin, díríodh sa phlé a bhí ag an gComhairle ar an ngá atá ann leanúint de chúnamh, agus tacaíocht mhíleata, a thabhairt don Úcráin.
D’aontaigh na hairí nárbh é seo an t-am an Úcráin a fhágáil ar an trá fholamh. A mhalairt ar fad: is amhlaidh is mithid níos mó a dhéanamh agus dlús a chur leis. Na hacmhainní airgeadais, an trealamh míleata, oiliúint a chur ar shaighdiúirí, agus gach a bhfuil de dhíth ar an Úcráin chun í féin a chosaint [a chur ar fáil].
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh na hairí bealaí chun cabhrú leis an Úcráin trí níos mó cúnaimh intuartha a chur ar fáil roimh an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a reáchtálfar an 1 Feabhra. Chuir an tArdionadaí in iúl go raibh súil aige go mbeadh an tAontas in ann teacht ar chomhaontú maidir le breisiú €5 bhilliún a chur leis an tSaoráid Eorpach Síochána, agus go mbunófar ‘Ciste Cúnaimh don Úcráin’ chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is práinní atá ag an Úcráin.
Maidir le sócmhainní blocáilte na Rúise, sílim gur féidir liom a rá gur thángamar ar chomhaontú polaitiúil chun na bailchríocha a chur ar an obair ar bhonn an togra a phléamar i mí na Nollag, ag díriú ar ioncaim, nó ar na brabúis amhantair.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
An staid sa Mheánoirthear
Bhí plé ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid sa Mheánoirthear agus bhí seisiúin éagsúla tuairimíochta aici ar an ábhar sin leis na daoine seo a leanas: Aire Iosrael um Ghnóthaí Eachtracha, Israel Katz, Airí Gnóthaí Eachtracha na hAraibe Sádaí, Faisal bin Farhan Al Saud, Iordáin - Ayman Safadi, agus na hÉigipte - Sameh Shoukry, agus Ard-Rúnaí Léig na Stát Arabach, Ahmed Aboul Gheit, mar aon le hAire Gnóthaí Eachtracha Údarás na Palaistíne, Riyad al-Maliki.
Le linn an chéad phlé leis an Aire Katz, d’aontaigh airí an Aontais gurb í an staid thubaisteach in Gaza - líon na sibhialtach a maraíodh atá ag méadú lá i ndiaidh lae, an t-ocras forleathan, easpa thromchúiseach na seachadtaí daonnúla agus rochtana, agus gialla Iosrael atá i ngéibheann le breis is 100 lá - gurb í sin an tosaíocht is tábhachtaí.
An bás, an scrios agus an t-anró do mhuintir na Palaistíne - ní chloífidh siad Hamas ná a idé-eolaíocht. Ní chuirfear le slándáil d’Iosrael dá mbarr- a mhalairt ar fad.
Is é sin an fáth nach mór dúinn dlús a chur lenár gcuid iarrachtaí i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta chun teacht ar réiteach.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ina dhiaidh sin, bhí plé ag airí an Aontais ag am lóin leis na comhpháirtithe réigiúnacha i dTionscnamh Lá na Síochána - an Araib Shádach, an Iordáin, an Éigipt agus Léig na Stát Arabach.
D’aontaigh siad gur gá tacú le UNRWA (Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear), agus labhair siad ar Gaza i ndiaidh an chogaidh, ar na hiarrachtaí comhpháirteacha chun an próiseas polaitiúil i dtreo réiteach dhá stát agus ar obair a dhéanamh i dtreo Comhdháil Síochána Ullmhúcháin agus plean cuimsitheach um shíocháin réigiúnach.
Tar éis sin, bhí plé ag airí an Aontais freisin le hAire Gnóthaí Eachtracha na Palaistíne, al-Maliki, agus d’athdhearbhaigh siad an tacaíocht láidir atá á tabhairt ag an Aontas do mhuintir na Palaistíne agus d’Údarás na Palaistíne.
Ar deireadh, roinn an tArdionadaí a thuairimí le Ballstáit an Aontais le haghaidh plé inmheánach maidir le cur chuige cuimsitheach chun an próiseas síochána sa Mheánoirthear a thionscnamh, ag cur leis an obair a rinneadh i gcomhthéacs ‘Tionscnamh Lá na Síochána’. Mhol an tArdionadaí go háirithe go ndéanfaidís obair amach anseo ar ChomhdháilUllmhúcháinSíochána chun aghaidh a thabhairt ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín ar bhealach cuimsitheach.
I measc na ngnéithe eile a phléigh na hairí bhí an méid a leanas: an obair leantach ar na smachtbhannaí ar na lonnaitheoirí antoisceacha agus foréigneacha ar an mBruach Thiar, an teannas leanúnach ag an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin agus sa Mhuir Rua agus an foréigean a chuaigh ó smacht le déanaí a imríodh ar líon mór sibhialtach sa réigiún máguaird agus san Áise Theas.
An Asarbaiseáin agus an Airméin
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an Asarbaiseáin/an Airméin faoi chúrsaí reatha. Chuir an Chomhairle a dlúthpháirtíocht leis an bhFrainc in iúl maidir le díbirt taidhleoirí na Fraince agus leis na hionsaithe a rinneadh sna meáin le déanaí. Chomhaontaigh na hairí nach mór don Asarbaiseáin an tsíocháin shubstainteach a chur i bhfeidhm an athuair agus cainteanna normalaithe a dhéanamh leis an Airméin.
Ní ghlacfar le haon sárú ar iomláine chríochach na hAirméine agus beidh iarmhairtí tromchúiseacha aige sin ar an gcaidreamh leis an Aontas.
Conclúidí ón gComhairle
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhFóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2024.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.