Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 11 Aibreán 2025 16:45

An tSúdáin: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh agus 2 bhliain cogaidh á gcomóradh aici

Le 2 bhliain anuas, tá tionchar brúidiúil ag an gcogadh sa tSúdáin ar shaol na milliún sibhialtach. Tá sé tar éis an dóchas a d'eascair as réabhlóid 2018/19 a ídiú. Tá an ilroinnt tar éis dul in olcas ar bhonn polaitiúil agus eitneach. Tá aontacht agus iomláine chríochach na Súdáine i mbaol. Is ábhar imní don Aontas na rúin a chuir na gníomhaithe éagsúla in iúl chun rialtais a bhunú go haontaobhach. Ní mór críochdheighilt na tíre a chosc.

Iarrann an tAontas ar na páirtithe cogaíochta an athuair sos cogaidh marthanach a bhaint amach láithreach. Is na Fórsaí Mear-Thacaíochta (RSF) agus Fórsaí Armtha na Súdáine (SAF) atá freagrach go fóill as an gcogadh seo, chomh maith lena mílístí cleamhnaithe faoi seach. Iarrann an tAontas ar na stáit uile a sholáthraíonn airm agus cistí do na páirtithe cogaíochta deireadh a chur lena dtacaíocht láithreach bonn agus aontú ar son na síochána. Tathantaíonn an tAontas ar na páirtithe cogaíochta dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta ar mhaithe le síocháin inbhuanaithe, ina n-urramófar iomláine chríochach, aontacht agus ceannasacht. Leanann an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí idirghabhála an Aontais Afracaigh agus gníomhaithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta eile, iarrachtaí Thoscaire Pearsanta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe don tSúdáin, Ramtane Lamamra, san áireamh.

Tá muintir na Súdáine ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim dhaonnúil is tubaistí san 21ú haois. Deimhníodh go bhfuil gorta sa tír agus tá éiginnteacht an tsoláthair bia forleathan ann. Tá beagnach 25 mhilliún duine thíos le héiginnteacht ghéar an tsoláthair bia. Tá an ghéarchéim chosanta is mó ar domhan ag an tSúdáin freisin agus 12.6 milliún duine easáitithe go héigeantach (níos mó ná 3 mhilliún díobh thar theorainneacha). D’fhéadfadh fulaingt dhaonna níos measa agus a thuilleadh díchobhsaithe sa réigiún a bheith mar thoradh ar an gcoinbhleacht ag scaipeadh chuig tíortha comharsanacha. Ní bheidh ár gcomhpháirtithe daonnúla in ann freagairt go tapa agus go hiomlán ach amháin má éascaíonn na páirtithe coinbhleachta rochtain dhaonnúil (trasteorann agus traslíne) atá sábháilte, tapa agus gan bhac. Leanann an tAontas agus Ballstáit an Aontais de bheith ag éileamh ar na páirtithe uile atá i mbun cogaidh deireadh a chur láithreach leis na baic mhaorlathacha agus riaracháin uile, agus sábháilteacht na sibhialtach, oibrithe daonnúla ina measc, a ráthú.

Ní mór deireadh a chur le cultúr na saoirse ó phionós a chothú. Tá sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar chearta an duine forleathan agus tá taifead ann de na sáruithe sin ar fud na tíre, go háirithe in Darfur, Khartoum agus Al Jazirah, arb iad na limistéir is mó atá thíos leis an gcoinbhleacht. Baineadh úsáid as ollfhoréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, gorta, maruithe treallacha, fuadach linbh, earcaíocht éigeantach, agus ionsaithe spriocdhírithe eitneachbhunaithe mar airm chogaidh ar ráta agus ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, rud a dhéanann difear go háirithe do mhná agus do leanaí. Cáineann an tAontas go láidir na hainghníomhartha ollmhóra tromchúiseacha sin.

Bainfidh an tAontas, i ndlúthchomhar leis an gcomhphobal idirnáisiúnta, úsáid as a uirlisí agus a ionstraimí taidhleoireachta, bearta sriantacha san áireamh, chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht agus ar phróiseas polaitiúil cuimsitheach marthanach idir na páirtithe cogaíochta sa tSúdáin lena léireofar mianta mhuintir na Súdáine. Tá an ceart chun saoirse, síochána agus ceartais ag muintir na Súdáine. Tacaíonn an tAontas le próiseas polaitiúil cuimsitheach chun an sprioc sin a bhaint amach. Molann an tAontas na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Ionadaí Speisialta le haghaidh Chorn na hAfraice, a leanfaidh, thar ceann na mBallstát, de bheith i dteagmháil go réamhghníomhach leis na páirtithe uile chun tacú le hiarracht aonair idirghabhála as a dtiocfaidh sos comhraic, méadú ar rochtain dhaonnúil, agus aistriú cuimsitheach. Leanann cosaint na sibhialtach agus an bhonneagair chriticiúil de bheith ríthábhachtach dár ngníomhaíocht agus tá an tAontas réidh chun tacú le sásraí faireacháin.

Aithníonn an tAontas teacht aniar agus crógacht mhuintir na Súdáine le linn na géarchéime daonnúla is measa sa lá atá inniu ann. Is mithid deireadh a chur leis an doirteadh fola uafásach seo.


Seasann an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Úcráin leis an ráiteas seo.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Márta 2026