Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 4 Meitheamh 2025 14:33

‘Pacáiste cógaisíochta’: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha nua le haghaidh earnáil chógaisíochta an Aontais a bheidh níos cothroime agus níos iomaíche

Tá an Chomhairle réidh le tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, tar éis di a seasamh a chomhaontú maidir le rialacha nua arb é is aidhm dóibh earnáil chógaisíochta an Aontais a dhéanamh níos cothroime agus níos iomaíche.

<p>Izabela Leszczyna, Aire Sláinte na Polainne</p>

Is céim ríthábhachtach é an sainordú a comhaontaíodh chun a chinntiú go mbeidh rochtain thráthúil chothrom ag gach Eorpach ar chógais leighis atá sábháilte, inacmhainne agus éifeachtach. Ag an am céanna, neartaíonn sé iomaíochas agus inbhuanaitheacht ár n-earnála cógaisíochta agus tacaíonn sé le dálaí rialála feabhsaithe chun borradh a chur faoin taighde cliniciúil agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte poiblí. Tá Eoraip níos sláintiúla agus níos athléimní á tógáil againn nach bhfágfaidh aon duine ar lár.

<p>Izabela Leszczyna, Aire Sláinte na Polainne</p>

Izabela Leszczyna, Aire Sláinte na Polainne

An pacáiste cógaisíochta

Is iad na tograí le haghaidh rialacháin agus treorach atá sa phacáiste ‘cógais’, mar a thugtar air, an t-athchóiriú is mó ar dhlíthe an Aontais maidir le cógais leighis le breis agus scór bliain anuas. Is é is aidhm dóibh:

  • a chinntiú go mbeidh rochtain chothrom ag othair ar fud an Aontais archógais leighis atá sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne, gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu
  • iomaíochas thionscal cógaisíochta an Aontais a fheabhsú tríd an ualach rialála a laghdú agus tríd an gcreat rialála a shimpliú
  • aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair trí bhearta arb é is aidhm dóibh faireachán a dhéanamh ar ghanntanais agus iad a chosc
  • tionchar na gcógas ar an gcomhshaol a mhaolú trí rialacha comhshaoil a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr

An seasamh ón gComhairle

Le sainordú caibidlíochta na Comhairle le Parlaimint na hEorpa, tugtar isteach roinnt leasuithe tábhachtacha ar an reachtaíocht atá beartaithe:

  • cosaint sonraí rialála: faoi shainordú na Comhairle, beidh sé ar chumas chuideachtaí atá ag soláthar chógais leighis nuálacha, iomaitheoirí a chosc go ceann ocht mbliana ó rochtain a fháil ar na sonraí a úsáideadh chun na cógais leighis sin a fhorbairt
  • cosaint margaidh rialála: ina theannta sin, bainfidh táirgeoirí cógas nuálach tairbhe as bliain amháin de chosaint an mhargaidh rialála, ar féidir síneadh dhá bhliain a chur léi má bhaintear amach príomhchuspóirí réamhshainithe áirithe
  • oibleagáid maidir le soláthar cuireadh airteagal nua (56a) leis an treoir, lena dtugtar de chumhacht do na Ballstáit oibleagáid a chur ar shealbhóir údaraithe margaíochta táirge íocshláinte an táirge sin a chur ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha chun riachtanais na n-othar sa Bhallstát a chumhdach
  • dearbhán eisiachais inaistrithe: tá clásal nua tugtha isteach ag an gComhairle lena sonraítear nach féidir dearbhán aistrithe a úsáid ach amháin sa chúigiú bliain den tréimhse cosanta sonraí rialála, agus sa chás sin amháin má léiríonn sealbhóir an údaraithe margaíochta nach mó ná €490 milliún olldíolacháin bhliantúla an Aontais in aon cheann de na 4 bliana roimhe sin
  • díolúine maoine intleachtúla do chógais chineálacha: chun tacú le táirgí íocshláinte cineálacha agus bithchosúla a theacht isteach sa mhargadh níos luaithe, soiléirítear a thuilleadh le sainordú na Comhairle raon feidhme na ‘díolúine Bolar’, mar a thugtar uirthi, agus leathnaítear é chun aighneachtaí le haghaidh tairiscintí soláthair a chur san áireamh

Na chéad céimeanna eile

Tá an Chomhairle réidh anois le tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir leis an bpacáiste. Glacfar na rialacha nua ansin tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch.

Cúlra

An 26 Aibreán 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tograí le haghaidh rialachán agus treoir nua arb é is aidhm dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais. I dteannta a chéile, féachann an dá thogra reachtacha sin le hinfhaighteacht cógas nuálach a mhéadú ar fud an Aontais, agus ag an am céanna borradh a chur faoi iomaíochas thionscal cógaisíochta an Aontais, caighdeáin chomhshaoil níos airde a chur chun cinn, agus an t-ualach riaracháin a laghdú.

Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas leis na tograí:

  • an tréimhse chaighdeánach reatha de chosaint sonraí rialála a laghdú ó 8 mbliana go 6 bliana agus cuideachtaí a dhreasú chun cógais nua a chur ar fáil i dtíortha uile an Aontais trí dhá bhliain bhreise de chosaint sonraí rialála a chur ar fáil (rud a chiallaíonn nach féidir le cuideachtaí iomaíocha leaganacha cineálacha den chógas leighis a dhíol le linn na tréimhse sin)
  • taighde ar ghalair neamhchoitianta a spreagadh trí thréimhse fhadaithe eisiachais margaidh a chur ar fáil (9 mbliana sa togra bunaidh) agus an tréimhse sin a mhéadú bliain amháin má thugann an cógas atá i gceist aghaidh ar ardriachtanas leighis nach ndéantar freastal air nó má sheoltar é i ngach Ballstát
  • ‘dearbhán inaistrithe eisiachais sonraí’ nua a thabhairt isteach lena gcuirfear bliain bhreise de chosaint sonraí ar fáil, a bheidh ar fáil do chuideachtaí a fhorbraíonn oibreáin fhrithmhiocróbacha ‘a athraíonn ó bhonn’

Léaráid de phacáistiú cógas, lena n-áirítear buidéal ar a bhfuil cros bhuí, spuaicphacaí piollaire, agus bosca oscailte.
An pacáiste cógaisíochta: rialacha nua an Aontais maidir le cógais leighis

An pacáiste cógaisíochta: rialacha nua an Aontais maidir le cógais leighis

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Nollaig 2025