- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 18 Iúil 2025 09:57
An simpliú: dlí glactha ag an gComhairle maidir le ‘stad an chlog’ i ndáil le rialacha díchill chuí do cheallraí
Ghlac an Chomhairle dlí nua chun rialacha an Aontais a éascú, rud a chuirfidh borradh faoi iomaíochas an Aontais i réimse na gceallraí dá thoradh. Is é an príomhsprioc a ghabhann leis dáta chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí díchill chuí ábhartha a chur siar 2 bhliain go dtí an 18 Lúnasa 2027, chun go mbeidh níos mó ama ag táirgeoirí agus onnmhaireoirí ceallraí iad féin a ullmhú.
Is cuid den phacáiste ‘Omnibus IV’, mar a thugtar air, é an rialachán nua seo. Is cuid d’iarracht an Aontais maidir leis an gcastacht rialála a laghdú d’fhonn tacú leis an iomaíochas tionsclaíoch iad na pacáistí Omnibus.
Mar chuid de rialachán an Aontais maidir le ceallraí, a glacadh in 2023, tá sé d’oibleagáid ar na táirgeoirí ceallraí bearta dícheall cuí a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go bhfíorófaí iad agus go ndéanfadh comhlacht fíoraithe tríú páirtí iniúchadh orthu, agus na cleachtais díchill chuí a thuairisciú go poiblí chun drochthionchair na gceallraí ar an gcomhshaol a chosc nó a laghdú, lena n-áirítear a mbainistiú dramhaíola.
Leis an dlí nua, tugtar am breise do na déantóirí ceallraí agus do na honnmhaireoirí ceallraí na rialacha nua sin i ndáil le dícheall cuí maidir leis an gcomhshaol a chomhlíonadh. A bhuí leis sin, tabharfar níos mó ama freisin chun comhlachtaí fíoraithe tríú páirtí a chur ar bun, i bhfianaise na bhfadhbanna maidir lena bpróiseas údaraithe a sainaithníodh.
Ina theannta sin, ceanglófar ar an gCoimisiún na treoirlínte díchill chuí a fhoilsiú bliain amháin sula ngabhfaidh éifeacht leis na hoibleagáidí chun treoir thráthúil a thabhairt do ghnólachtaí agus chun na rialacha nua a chur chun feidhme ar bhealach níos rianúla.
Na chéad céimeanna eile
Foilseofar an gníomh reachtach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sna laethanta amach romhainn agus tiocfaidh sé i bhfeidhm lá tar éis an fhoilsithe sin.
Cúlra
I mí Dheireadh Fómhair 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar institiúidí uile an Aontais, ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara an obair a thabhairt ar aghaidh mar ábhar tosaíochta, go háirithe mar fhreagairt ar na dúshláin a sainaithníodh sa tuarascáil ó Enrico Letta (‘Margadh Thar an gCoitiantacht’) agus sa cheann ó Mario Draghi (‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’). I nDearbhú Bhúdaipeist an 8 Samhain 2024, ina dhiaidh sin, iarradh go ndéanfaí ‘réabhlóid simpliúcháin a sheoladh’, trí chreat rialála soiléir, simplí agus cliste do ghnólachtaí a chinntiú agus trí ualaí riaracháin, rialála agus tuairiscithe a laghdú go suntasach, go háirithe do FBManna.
An 20 Márta 2025, thathantaigh ceannairí an Aontais ar na comhreachtóirí an obair ar na pacáistí Omnibus simpliúcháin sin, a thabhairt chun cinn mar ábhar tosaíochta agus le hardleibhéal uaillmhéine, d’fhonn iad a thabhairt chun críche a luaithe is féidir in 2025.
Tá tograí sa phacáiste ‘Omnibus IV’ freisin le haghaidh treoir agus rialachán maidir le cuideachtaí meánchaipitlithe, maidir le simpliú ar oibleagáidí áirithe i ndáil leis an gcosaint sonraí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, agus togra le haghaidh treoir agus rialachán maidir le digitiú agus ailíniú sonraíochtaí coiteanna lena leasaítear 20 píosa de reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí faoi rialacha an mhargaidh aonair.
- Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1542 a mhéid a bhaineann le beartais díchill chuí maidir le ceallraí (Omnibus IV), an 18 Iúil 2025
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Rialachán a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i dtaca le beartais díchill chuí maidir le ceallraí, togra ón gCoimisiún, an 21 Bealtaine 2025
I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
- @dimos_mammonas
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Iúil 2025