Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18 Iúil 2025

Na príomhthorthaí

Tháinig na hairí atá freagrach as gnóthaí Eorpacha le chéile sa Bhruiséil chun éisteacht le cur i láthair ón gCoimisiún maidir lena chéad phacáiste tograí maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais tar éis 2027 (an Creat Airgeadais Ilbhliantúil, CAI) agus bhí díospóireacht bheartais acu. Phléigh an Chomhairle freisin an iarraidh ón Spáinn an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a áireamh i measc theangacha oifigiúla an Aontais.

<p>Marie Bjerre, Aire Gnóthaí Eorpacha na Danmhairge</p>

Tá an-áthas orm gur thíolaic an Coimisiún a thogra don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile anois, agus leis an gcéad phlé rannpháirteach sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta. Ní mór don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile freagairt do na dúshláin atá romhainn anois agus sna blianta amach romhainn - ní rogha é an status quo. Ní mór dúinn cúrsa uaillmhianach freagrach a leagan síos don Eoraip - Aontas láidir, athléimneach agus iomaíoch. Chuige sin, tá gá le cur chuige nua i leith bhuiséad an Aontais freisin. Tá neart plé le déanamh, agus tá sé tábhachtach go ndéanfaimid a oiread dul chun cinn agus is féidir má táimid chun moilleanna a sheachaint agus a bheith réidh chun buiséad nua, éifeachtach agus nua-aimseartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm ó 2028 ar aghaidh.

<p>Marie Bjerre, Aire Gnóthaí Eorpacha na Danmhairge</p>

Marie Bjerre, Aire Gnóthaí Eorpacha na Danmhairge

Buiséad fadtéarmach (CAI) an Aontais tar éis 2027

Chuir an Coimisiún a chéad phacáiste tograí agus a phríomhphacáiste tograí maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais (CAI) do 2028-2034 faoi bhráid na Comhairle, ar fiú beagnach €2 thrilliún é, agus bhí seisiún tuairimíochta tosaigh ag na hairí. Chuir an Coimisiún i bhfios go láidir go gcuirfeadh níos mó solúbthachta ar fud an bhuiséid ar chumas an Aontais gníomhú - agus freagairt go tapa - nuair a thagann athrú gan choinne ar na cúinsí nó nuair is gá aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais nua. Áirítear sa togra freisin cláir airgeadais níos simplí, níos cuíchóirithe agus níos comhchuibhithe, ionas gur féidir le saoránaigh agus cuideachtaí deiseanna cistiúcháin a aimsiú agus rochtain a fháil orthu go héasca. Tá an buiséad atá beartaithe curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla, le Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnacha le haghaidh tionchar spriocdhírithe sna réimsí is tábhachtaí, le haghaidh infheistíochtaí agus athchóirithe i gcomhréir le cuspóirí an Aontais, agus lena n-áirithítear tacaíocht do níos mó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach ar fud an Aontais. Ina theannta sin, tá Ciste nua Iomaíochais beartaithe don Eoraip chun slabhraí soláthair a dhaingniú, an nuálaíocht a mhéadú agus a bheith ar thús cadhnaíochta sa rás domhanda maidir le teicneolaíocht ghlan chliste. Ar deireadh, molann an Coimisiún pacáiste acmhainní dílse nua arb é is aidhm dó ioncam leordhóthanach a chinntiú do thosaíochtaí an Aontais agus an brú ar an airgeadas poiblí náisiúnta a íoslaghdú ag an am céanna.

Leis an seisiún tuairimíochta a bhí ann ina dhiaidh sin idir na hairí, cuireadh tús leis an bplé sa Chomhairle maidir leis an CAI nua. Beidh plé rialta ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta (CGG) le linn Uachtaránacht na Danmhairge d’fhonn a mhéid dul chun cinn is féidir a áirithiú chun tuilleadh caibidlíochta maidir leis an togra a threorú. Tá sé ar intinn ag an Uachtaránacht, dá bhrí sin, filleadh ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta le haghaidh an dara plé níos doimhne maidir leis an CAI nua i mí Dheireadh Fómhair.

An Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis

Phléigh an Chomhairle an iarraidh ón Spáinn an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a áireamh i measc theangacha oifigiúla an Aontais. Bhí seisiún cuiditheach tuairimíochta ag na hairí agus chinn siad leanúint den obair ar an iarraidh ón Spáinn leasú a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 1/1958, lena rialaítear córas teanga an Aontais. Coinneoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta súil ghéar ar an ábhar sin.

Aon ghnó eile

Thug an Chomhairle dá haire an fhaisnéis a chuir Uachtaránacht na Danmhairge ar fáil maidir leis an gcaoi a léireofar clár oibre an tsimplithe i gcláir oibre fhoirmíochtaí éagsúla na Comhairle, go háirithe an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais agus an Chomhairle Iomaíochais.

Míreanna eile

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, an 18ú pacáiste de bhearta eacnamaíocha agus aonair maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na gníomhartha reachtacha seo a leanas:

  • leasú ar an treoir maidir le CBL chun soláthróirí agus ardáin tríú tír a dhreasú chun an t-ionad ilfhreastail allmhairiúcháin CBL a úsáid, lena n-éascaítear bailiú CBL agus lena bhfeabhsaítear comhlíonadh
  • leasú ar an rialachán maidir le hoibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha i dtaca le beartais díchill chuí i dtaca le ceallraí, mar chuid den phacáiste simplithe ‘Omnibus IV’,
  • an rialachán maidir le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an chórais um bainistiú digiteach teorainneacha dul isteach/imeachta(EES), agus
  • leasú ar an rialachán maidir le stóráil gáis chun soláthar gáis geimhridh an Aontais a chosaint

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Eanáir 2026