Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 17 Deireadh Fómhair 2025 11:00

An chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas agus an Éigipt le bheith ar siúl sa Bhruiséil an 22 Deireadh Fómhair

Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Éigipt a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 22 Deireadh Fómhair 2025. Déanfaidh an tUachtarán Abdul Fattah al-Sisi ionadaíocht thar ceann na hÉigipte.

Díreofar ag an gcruinniú mullaigh ar an gcaidreamh déthaobhach agus ar an gcomhpháirtíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch a dhoimhniú a thuilleadh, mar a leagtar amach sa Chomhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach idir an tAontas agus an Éigipt, d’fhonn a gcobhsaíocht, a síocháin agus a rathúnas comhroinnte a chothú. Ina theannta sin, pléifidh na ceannairí dúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair, lena n-áirítear an staid sa Mheánoirthear, an t-iltaobhachas, an trádáil, an imirce agus an tslándáil.

Tar éis an chruinnithe mullaigh, beidh dinnéar neamhfhoirmiúil ann, ar tugadh cuireadh do chinn stáit rialtais an Aontais chuige.

<p>António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí</p>

Is comhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais Eorpaigh í an Éigipt. Tá na naisc sheanbhunaithe atá againn fréamhaithe sa stair, sa tíreolaíocht agus sa chultúr comhroinnte, chomh maith leis na naisc láidre idir ár bpobail. Is mór ag an Aontas ról cobhsaíochta na hÉigipte i réigiún an Mheánoirthir agus a ról idirghabhála i gcoinbhleacht Gaza. Deis iontach a bheidh sa chéad chruinniú mullaigh déthaobhach chun ár gcomhpháirtíocht a dhoimhniú a thuilleadh, chun comhoibriú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna atá romhainn agus chun leas iomlán a bhaint as ár gcaidreamh.

<p>António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí</p>

António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Cúlra

I mí an Mhárta 2024, chomhaontaigh an tAontas agus an Éigipt go frithpháirteach a gcaidreamh a ardú go leibhéal na Comhpháirtíochta Straitéisí agus Cuimsithí, lena gcumhdaítear sé cholún comhair agus tosaíochtaí coiteanna: caidreamh polaitiúil, cobhsaíocht eacnamaíoch, trádáil agus infheistíochtaí, imirce agus soghluaisteacht, slándáil agus déimeagrafaíocht agus caipiteal daonna. Trí dhul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin, bainfear leas iomlán as acmhainneacht an chaidrimh idir an tAontas agus an Éigipt. Mar chuid den ghealltanas dlús a chur leis an idirphlé polaitiúil déthaobhach, cinneadh Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Éigipt a thionól uair sa dá bhliain, anuas ar an gComhairle Comhlachais bhliantúil.

In 2024, ba é an tAontas an comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an Éigipt, arbh ionann é agus 22 % de thrádáil iomlán na hÉigipte. Ba é an tAontas príomhcheann scríbe easpórtálacha na hÉigipte freisin (26.5 % den iomlán) agus ba é an fhoinse is mó allmhairí ón Éigipt (19.9 % den iomlán). Tá an Chomhpháirtíocht Straitéiseach le feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus an Éigipt chun lánacmhainneacht Limistéar Saorthrádála an Chomhaontaithe Comhlachais a comhaontaíodh in 2004 a chur chun feidhme ina iomláine agus leas iomlán a bhaint as.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Deireadh Fómhair 2025