Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 27 Torthaí
Rialacha cistiúcháin CBT 2023-2027
Is é is aidhm don chomhbheartas talmhaíochta athchóirithe 2023-2027 an fheirmeoireacht san Aontas a dhéanamh níos cothroime, níos glaise agus níos dírithe ar thorthaí.

Tásca geografacha le haghaidh bianna agus deochanna
Le scéimeanna cáilíochta an Aontais déantar oidhreacht táirgí talmhaíochta an Aontais a choimirciú. Is tríothu sin a aithníonn tomhaltóirí táirgí ar ardchaighdeán agus cuireann siad deiseanna sa mhargadh ar fáil do tháirgeoirí, táirgeoirí taobh amuigh den Aontas ina measc.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach sláinte na n-ithreacha a chaomhnú?
Tá ról ríthábhachtach ag ithreacha a chuireann ar chumas an dúlra príomhsheirbhísí, mar shampla bia agus uisce glan, a sholáthar. Is gá a chinntiú go bhfuil ithreacha sláintiúil ar mhaithe le sláinte agus folláine an duine.

Teicnící nua géanómaíocha le haghaidh pórú plandaí
Is féidir le modhanna nua póraithe plandaí slándáil an tsoláthair bia a mhéadú agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú. Tá rialacha nua á dtabhairt isteach ag an Aontas chun go mbeimid in ann tairbhe a bhaint as na modhanna sin agus chun a chinntiú go n-úsáidfear go sábháilte iad agus go mbeidís ina spreagadh don nuálaíocht.

Comhaontú Glas don Eoraip
Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip, Eoraip níos glaine, níos sláintiúla agus aeráidneodrach a chruthú tríd an mbealach a dtáirgimid agus a dtomhlaímid a athrú ó bhonn.

An cur amú bia
Cuireann an cur amú bia brú nach bhfuil gá leis ar na hacmhainní nádúrtha agus bíonn tionchar aici ar an tslándáil bhia. Is é is aidhm do rialacha an Aontais caillteanas bia agus an cur amú bia a chosc agus a laghdú.

Ón bhfeirm go dtí an forc
Is é príomhsprioc an Aontais maidir leis an obair a dhéantar ar an mbeartas ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ná bia na hEorpa a dhéanamh níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe.

Sábháilteacht agus sláinte bia
Is é is aidhm do rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht bia tomhaltóirí a chosaint agus feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a ráthú ag an am céanna.

Aistrithe carbóin
Chun an t-athrú aeráide a chomhrac, tá sé ríthábhachtach dé-ocsaíd charbóin a aistriú as an atmaisféar. Le rialacha an Aontais, bunaítear córas chun gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dheimhniú.

Astaíochtaí tionsclaíocha
Bíonn gníomhaíochtaí tionsclaíocha ina gcúis le hastaíochtaí substaintí a dhéanann dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol. Tá rialacha comhchoiteanna leagtha síos ag tíortha an Aontais chun na hastaíochtaí díobhálacha den chineál sin a theorannú.
