Skip to content

Ón bhfeirm go dtí an forc

Is é príomhsprioc an Aontais maidir leis an obair a dhéantar ar an mbeartas ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ná bia na hEorpa a dhéanamh níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe.

Cén fáth ar cheart bia a dhéanamh níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe?

Cinntítear le córas bia an Aontais go mbíonn bia úr agus sábháilte ann do bhreis agus 400 milliún saoránach Eorpach. Ní hamháin gur seirbhís ríthábhachtach é an táirgeadh bia ach is foinse ioncaim é freisin. Mórearnáil eacnamaíoch de chuid an Aontais é slabhra agraibhia an Aontais.

Mar sin féin, tá tionchar suntasach ag an earnáil agraibhia ar an gcomhshaol. De réir tuarascáil ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), is as na córais bhia a thagann thart ar aon trian d'astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain. Tá tionchar díobhálach freisin ag an tsamhail reatha bia ar shláinte dhaoine, rud a fhágann go bhfuil níos mó ná 50% de dhaoine fásta san Eoraip róthrom.

athrú ó bhonn á dhéanamh ag an Aontas ar an gcaoi a dtáirgtear agus a gcaitear bia san Eoraip chun:

  • lorg comhshaoil na gcóras bia a laghdú
  • athléimneacht i gcoinne géarchéimeanna a neartú
  • leanúint de bhia sláintiúil inacmhainne a chinntiú do na glúnta atá le teacht chomh maith

Céard í an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’?

Chuir an Coimisiún an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ i láthair i mí Bealtaine 2020 mar cheann de na príomhghníomhaíochtaí faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Agus ag rannchuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, tá sé i gceist leis an straitéis córas bia reatha an Aontais a aistriú i dtreo samhail inbhuanaithe.

Ag meabhrú dúinn gur tosaíochtaí ag an Aontas iad slándáil agus sábháilteacht bia, is iad seo a leanas príomhchuspóirí na straitéise:

  • bia leordhóthanach, inacmhainne, cothaitheach a chinntiú de réir acmhainneacht na cruinne
  • úsáid lotnaidicídí agus leasachán, agus díolacháin frithmhiocróbach, a laghdú faoina leath
  • an méid talún atá dírithe ar an bhfeirmeoireacht orgánach a mhéadú
  • tomhaltas bia agus aistí bia folláine atá níos inbhuanaithe a chur chun cinn
  • caillteanas agus cur amú bia a laghdú
  • an chalaois bhia sa slabhra soláthair a chomhrac
  • leas ainmhithe a fheabhsú

Is é is aidhm don aistriú chuig córas bia atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol deiseanna nua gnó a chruthú a mbeidh tionchar dearfach acu ar ioncam oibreoirí agraibhia.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis agus formhuiniú á dhéanamh aici ar an sprioc go ndéanfaí córas bia Eorpach inbhuanaithe a fhorbairt ón táirgeadh go dtí an tomhaltas. Leag na Ballstáit béim ar an ngá atá ann an méid seo a leanas a chinntiú:

  • bia leordhóthanach inacmhainne, fad is atáthar ag cur le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050
  • ioncam cóir agus tacaíocht láidir do tháirgeoirí príomhúla
  • iomaíochas earnáil talmhaíochta an Aontais ar an leibhéal domhanda

Tá an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ag teacht le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais 2030. Tá an dá thogra á dtíolacadh mar thograí comhlántacha.

Cad iad príomhthionscnaimh bheartais ‘ón bhfeirm go dtí an forc’?

Plean gníomhaíochta don bhia orgánach

Sa phlean gníomhaíochta don bhia orgánach, a chuir an Coimisiún i láthair i mí an Mhárta 2021 mar chuid den straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, leagtar amach sraith gníomhaíochtaí chun an fheirmeoireacht orgánach a mhéadú san Aontas.

Is é an príomhchuspóir atá leis borradh a chur faoin táirgeadh orgánach chun go mbeidh 25% de thalamh talmhaíochta an Aontais á úsáid lena haghaidh faoi 2030. Moltar do Bhallstáit an Aontais pleananna náisiúnta feirmeoireachta orgánaí a cheapadh.

I mí Iúil 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an bplean gníomhaíochta. Is iad seo a leanas na príomhphointí a chomhaontaigh airí an Aontais:

  • tá an fheirmeoireacht orgánach tábhachtach d'inbhuanaitheacht thalmhaíocht na hEorpa
  • nuair a fhorbraítear táirgeadh orgánach, cuidítear le hioncam a bhaint amach agus poist a chruthú
  • cinntíonn éileamh agus soláthar cothromaithe táirgí orgánacha brabúsacht don earnáil
  • ní mór sainiúlachtaí agus cásanna éagsúla sna Ballstáit a chur san áireamh le linn do spriocanna agus d'idirghabhálacha a bheith á sainiú
  • tá sé ríthábhachtach go mbeadh páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha rannpháirteach chun spriocanna na straitéise a bhaint amach

Plean maidir le slándáil bia

Léirigh tús phaindéim COVID-19 leochaileacht shlabhra bia na hEorpa i ndáil le dúshláin mhóra soláthair. I mí na Samhna 2021, d'fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht inar leagadh amach plean teagmhasach chun slándáil bia a chinntiú san Eoraip le linn géarchéimeanna.

Le linn na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí na Nollag 2021, d'fhormheas airí an Aontais conclúidí maidir leis an bplean, agus aitheantas á thabhairt acu don ghá atá le córas bia na hEorpa a sheasfaidh an aimsir i gcoinne rioscaí agus géarchéimeanna a d'fhéadfadh a bheith ann. Chomhaontaigh na hairí gur cheart go mbeadh na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 mar bhonn le cur chuige an Aontais i leith na dtubaistí a bheidh ann amach anseo.

Is é is aidhm do na bearta atá beartaithe cabhrú leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, ar na dúshláin sin tá adhaimsir, saincheisteanna a bhaineann le sláinte plandaí agus ainmhithe, agus ganntanais ionchur tábhachtach, mar shampla leasacháin, fuinneamh agus saothar. Orthu sin tá:

  • sásra ullmhachta agus freagartha a chruthú i gcás géarchéim Eorpach i ndáil le slándáil bia (EFSCM)
  • grúpa saineolaithe a bhunú chun a chinntiú go mbeidh an tAontas ullamh go hiomlán do dhúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le soláthar bia

Caighdeáin dhomhanda maidir le sábháilteacht bia

I mí Feabhra 2022, d'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le caighdeáin sábháilteachta bia sa trádáil idirnáisiúnta inar iarradh go ndéanfaí ábhair imní maidir le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú a thuilleadh in obair an Choimisiúin Codex Alimentarius. Is in 1963 a bhunaigh Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an comhlacht domhanda sin a chuireann fóram ar fáil d'idirbheartaíocht maidir le caighdeáin, treoirlínte agus cóid chleachtais idirnáisiúnta bia. Is comhaltaí den chomhlacht sin iad an tAontas agus a Bhallstáit.

Feirmeoireacht ísealcharbóin

Is féidir ról lárnach a bheith ag an bhfeirmeoireacht agus ag an bhforaoiseacht maidir leis an athrú aeráide a chomhrac trí charbón a ionsú ón atmaisféar. I mí Aibreáin 2022, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le feirmeoireacht ísealcharbóin, bunaithe ar an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le timthriallta carbóin inbhuanaithe a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2021, agus darb aidhm cleachtais talmhaíochta a spreagadh a chuidíonn le carbón a ghabháil ón atmaisféar agus lena stóráil in ithir nó i mbithmhais ar bhealach inbhuanaithe.

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar chleachtais atá neamhdhíobhálach don aeráid:

  • fálta nó crainn a chur
  • glasraí léagúmacha a fhás
  • barra breise féir agus barra cumhdaigh a úsáid
  • talmhaíocht chaomhantais a chleachtadh agus tailte portaigh a chothabháil
  • foraoisiú agus athfhoraoisiú

Sna conclúidí, d’aithin na hairí a thábhachtaí atá sé tacaíocht airgeadais a chur ar fáil lena dtugtar dreasacht leordhóthanach d’fheirmeoirí agus d’fhoraoiseoirí chun iad a spreagadh leis na cleachtais sin atá neamhdhíobhálach don aeráid a ghlacadh.

Dobharshaothrú inbhuanaithe

Braitheann an tAontas Eorpach ar allmhairiú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go dtiocfaidh fás ar an earnáil seo san Aontas.

I mí Iúil 2022, d’fhormheas airí an Aontais conclúidí ón gComhairle ina n-iarrtar go mbeadh earnáil dobharshaothrúcháin muirí agus fionnuisce inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch againn san Aontas.

Lipéadú bia peataí orgánaigh

Sula raibh 2022 ann, is ar an leibhéal náisiúnta go ginearálta a leagtaí síos na ceanglais maidir le bia peataí orgánach. Chiallaigh sé sin go bhféadtaí bia peataí a lipéadú mar bhia orgánach fiú murar tháinig na comhábhair ar fad ó tháirgeadh orgánach.

Leagtar síos i rialachán nua de chuid an Aontais rialacha comhchoiteanna maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh. Is é is aidhm dó:

  • é a dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí comhábhair orgánacha a shainaithint i mbia peataí
  • a chinntiú gurb ionann agus ar a laghad 95% líon na gcomhábhar orgánach i mbia peataí a iompraíonn lógó orgánach an Aontais
  • cur le forbairt an táirgthe orgánaigh san Aontas Eorpach

Ghlac an Chomhairle an rialachán i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Caighdeáin mhargaíochta nua le haghaidh meala, subha agus tuilleadh

Tá an Chomhairle ag obair ar rialacha nuashonraithe chun feabhas a chur ar eolas do thomhaltóirí faoi roinnt táirgí agraibhia. Orthu sin tá:

  • mil
  • subha torthaí agus marmaláidí
  • súnna torthaí agus neachtair
  • bainne díhiodráitithe

Baineann an nuashonrú le sraith treoracha (ar a dtugtar ‘treoracha bricfeasta’) agus is é an sprioc atá leis aistriú chuig aistí bia níos sláintiúla a chur chun cinn, cabhrú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, agus trédhearcacht a chinntiú maidir le tionscnamh táirgí.

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis na rialacha nua i mí Eanáir 2024. Ní mór don dá institiúid an comhaontú sealadach a ghlacadh go foirmiúil chun go dtiocfaidh na rialacha i bhfeidhm.

An Eoraip á cothú: 60 bliain den chomhbheartas talmhaíochta

60 bliain ó tháinig comhbheartas talmhaíochta an Aontais ar an bhfód, tacaíonn sé le margadh aonair oscailte do tháirgí bia talmhaíochta an Aontais, lena gcinntítear praghsanna níos inacmhainne, lena gcoimeádtar cuid de na caighdeáin dhomhanda is airde ó thaobh na sábháilteachta agus an chomhshaoil de, agus lena gcoinnítear pobail tuaithe beo bríomhar. Chun an ócáid seo a chomóradh, bhailíomar teistiméireachtaí ó fheirmeoirí agus ó thairbhithe san Eoraip.

Léaráid: cúrsaí talmhaíochta san Aontas

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Feabhra 2025