Skip to content

Comhaontuithe AE-Mercosur - míniú

Leagtar amach, i dhá chomhaontú, an caidreamh idir an tAontas agus Mercosur laistigh de chomhpháirtíocht nuachóirithe chuimsitheach, agus cumhdaítear idirphlé polaitiúil agus comhar trádála iontu. Tá rialacha sonracha tugtha isteach ag an Aontas freisin chun a earnáil feirmeoireachta a chosaint.

Comhpháirtíocht sheanbhunaithe

Is dlúth-chomhghuaillithe agus comhpháirtithe atá ar aon intinn iad an tAontas agus Mercosur, bloc trádála de chuid Mheiriceá Theas ina bhfuil an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua, agus tá tiomantas comhroinnte acu don iltaobhachas agus don trádáil idirnáisiúnta riailbhunaithe. Cé go ndearnadh lánchomhalta Mercosur den Bholaiv i mí Iúil 2024, níl an tír mar chuid de na comhaontuithe, ós rud é gur tugadh an chaibidlíocht i gcrích den chuid is mó roimh a haontachas.

Téann an caidreamh idir an tAontas agus Mercosur siar go 1999, nuair a tháinig an creat-chomhaontú idir-réigiúnach comhair i bhfeidhm. Ó shin i leith, bhí céimeanna éagsúla i gceist leis an gcaibidlíocht idir an tAontas agus Mercosur maidir le comhaontú comhlachais.

An 6 Nollaig 2024, tháinig an tAontas ar chomhaontú polaitiúil le Mercosur maidir le comhaontú comhpháirtíochta cuimsitheach, ina bhfuil dhá cholún: ceann amháin maidir le comhar polaitiúil agus ceann eile maidir le trádáil agus infheistíocht.

An 3 Meán Fómhair 2025, mhol an Coimisiún cinntí ón gComhairle maidir le dhá ionstraim chomhthreomhara atá leithleach ó thaobh an dlí de a shíniú agus a thabhairt i gcrích:

  • an comhaontú comhpháirtíochta idir an tAontas agus Mercosur (EMPA), lena gcomhcheanglaítear idirphlé polaitiúil, comhar agus trádáil
  • an comhaontú trádála eatramhach (iTA), lena gcumhdaítear gealltanais trádála agus infheistíochta a mbeidh feidhm acu roimh theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe comhpháirtíochta idir an tAontas agus Mercosur

An 9 Eanáir 2026, thug an Chomhairle cead an dá chomhaontú a shíniú. Bhí an searmanas sínithe ar siúl sna sála air sin i bParagua an 17 Eanáir.

A luaithe a bheidh siad i bhfeidhm, leagfaidh na comhaontuithe amach an caidreamh laistigh de chomhpháirtíocht nuachóirithe chuimsitheach, cothóidh siad rialacha trádála agus infheistíochta níos cobhsaí agus níos intuartha agus cruthóidh siad an limistéar saorthrádála is mó ar domhan, lena gcumhdófar margadh ina bhfuil os cionn 700 milliún duine.

Ina dhiaidh sin, iarrfar ar Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt ionas gur féidir leis an gComhairle na comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

Comhaontú comhpháirtíochta idir an tAontas agus Mercosur

Leis an gcomhaontú comhpháirtíochta, tugtar le chéile idirphlé polaitiúil, comhar agus rannpháirtíocht earnála faoi chreat aonair. Áirítear ann freisin forálacha trádála agus infheistíochta, a bheidh infheidhme go hiomlán a luaithe a thabharfar an comhaontú i gcrích agus a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Cuideoidh an comhaontú comhpháirtíochta leis an gcomhar a neartú i réimsí mar shampla:

  • an fhorbairt inbhuanaithe
  • an comhshaol agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide
  • an claochlú digiteach
  • cearta an duine
  • soghluaisteacht
  • an fhrithsceimhlitheoireacht
  • bainistiú géarchéime

Cuideoidh sé freisin le comhordú níos dlúithe a chothú i bhfóraim iltaobhacha agus maidir le dúshláin dhomhanda lena n-áirítear an t-athrú aeráide, an tsíochánaíocht agus an imirce agus éascóidh sé comhroinnt dea-chleachtas maidir le saincheisteanna ó rialachas go nuálaíocht teicneolaíochta.

Comhaontú trádála eatramhach

Léirítear sa chomhaontú trádála eatramhach (iTA) colún trádála agus léirscaoilte infheistíochta an chomhaontaithe comhpháirtíochta agus feidhmeoidh sé mar chomhaontú neamhspleách go dtí go dtiocfaidh an comhaontú comhpháirtíochta iomlán i bhfeidhm. Is é is aidhm don chomhaontú tairbhí eacnamaíocha na ngealltanas trádála caibidlithe a bhaint amach a luaithe is féidir.

Réitíonn an comhaontú trádála eatramhach an bealach do laghduithe taraifí, osclaíonn sé rochtain ar mhargaí nua agus cumasaíonn sé téarmaí trádála níos fearr i bpríomhearnálacha ar nós na talmhaíochta, mótarfheithiclí, cógaisíochta agus ceimiceán.

San áireamh ann freisin, tá forálacha maidir leis an méid seo a leanas:

  • infheistíocht a éascú
  • deireadh a chur le bacainní ar thrádáil trasteorann i seirbhísí, go háirithe seirbhísí digiteacha agus airgeadais
  • soláthar rialtais, rud a chuirfidh ar chumas chuideachtaí an Aontais rochtain a fháil ar phróisis tairisceana poiblí i dtíortha Mercosur

Ní gá ach don Aontas, agus ní do na Ballstáit aonair, é a dhaingniú. Rachaidh sé in éag nuair a thiocfaidh an comhaontú comhpháirtíochta idir an tAontas agus Mercosur i bhfeidhm, ar gá do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

An 23 Márta 2026, chuir an tAontas tíortha Mercosur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Eatramhaigh Trádála, i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle a glacadh an 9 Eanáir 2026.

Cuireadh an Comhaontú Eatramhach Trádála i bhfeidhm go sealadach ón 1 Bealtaine 2026 i leith, agus baineadh taraifí ar tháirgí áirithe ón gcéad lá ar aghaidh, rud a chruthaíonn rialacha intuartha maidir le trádáil agus infheistíocht.

Colláis theibí bhratacha thíortha Mercosur agus an Aontais, mar léiriú ar an trádáil.
Trádáil idir an tAontas agus Mercosur: fíricí agus figiúirí

Trádáil idir an tAontas agus Mercosur: fíricí agus figiúirí

Coimircí do tháirgí talmhaíochta

Chun cosaint a thabhairt d’earnáil feirmeoireachta an Aontais agus do tháirgí feirme íogaire áirithe a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar iomaíocht ó allmhairí, tá rialachán tiomnaithe maidir le coimircí Mercosur tugtha isteach ag an Aontas, lena dtrasuitear i ndlí an Aontais na forálacha coimirce do tháirgí talmhaíochta a áirítear sa chomhaontú comhpháirtíochta idir an tAontas agus Mercosur agus sa chomhaontú trádála eatramhach.

Go sonrach, leagtar amach sa rialachán conas is féidir leis an Aontas fabhair tharaife ar allmhairí talmhaíochta ó Mercosur a chur ar fionraí go sealadach má dhéanann na hallmhairí sin dochar do tháirgeoirí an Aontais. Cuireann sé le huirlisí coimirce an Aontais atá ann cheana ach tugtar isteach nósanna imeachta níos tapúla agus truicir níos simplí chun imscrúduithe a sheoladh chun feirmeoirí an Aontais a chosaint.

Go dtí go nglacfar creat dlíthiúil buan, is féidir leis an gCoimisiún bearta coimirce déthaobhacha a chur i bhfeidhm maidir le táirgí talmhaíochta faoin gcomhaontú trádála eatramhach, lena n-áirítear taraifí a fhorchur chun cur i gcoinne borradh allmhairí agus/nó laghduithe ar phraghsanna a chuireann isteach ar mhargaí táirgí áitiúla. Ina theannta sin, beidh feidhm ag ceanglais faireacháin fheabhsaithe maidir le táirgí atá faoi réir taraif-chuótaí mar atá mairteoil, éanlaith chlóis, muiceoil, siúcra, eatánól, rís, mil, arbhar Indiach agus grán milis.

Is féidir leis na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúduithe coimirce a thionscnamh freisin. Má dhéanann an Coimisiún amhlaidh, ní mór dó an Chomhairle a chur ar an eolas go hiomlán agus go tráthúil faoi aon ghníomhaíocht atá beartaithe.

An 5 Márta 2026, ghlac an Chomhairle go foirmiúil an rialachán lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce dhéthaobhacha le haghaidh táirgí talmhaíochta. Beidh feidhm ag an rialachán i ndáil leis an gcomhaontú trádála eatramhach ó tháinig sé i bhfeidhm agus leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige a luaithe a thiocfaidh an comhaontú comhpháirtíochta idir an tAontas agus Mercosur i bhfeidhm.

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Bealtaine 2026