Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 55 Torthaí
Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais?
Faigh tuilleadh eolais faoi acmhainneacht stórála gáis Bhallstáit an Aontais agus leibhéil líonta na gcúltaiscí gáis faoi thalamh san Aontas.

Tionscal sliseanna an Aontais
Aithnítear sa Ghníomh Eorpach um Shliseanna an ról ríthábhachtach atá ag micrishliseanna i ngach rud idir earraí leictreonacha do thomhaltóirí agus do bhonneagar criticiúil agus, lena chois sin, a rannpháirtíocht thábhachtach in iomaíochas an Aontais.

An compás iomaíochais
Plean atá sa chompás iomaíochais chun go mbeidh ar chumas na hEorpa filleadh ar an bhfás eacnamaíoch agus rathúnas a bhaint amach an athuair.

Beartas tionsclaíoch an Aontais
Is é is aidhm do bheartas tionsclaíoch an Aontais iomaíochas thionscal an Aontais a neartú agus geilleagar níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos digitithe a chur chun cinn lena gcruthófar poist.

Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda
Is é an tAontas Eorpach an bloc trádála is mó ar domhan ó thaobh earraí agus seirbhísí le chéile, arb ionann é agus thart ar 15.9% den trádáil dhomhanda in 2025.

An gníomh um amhábhair chriticiúla: cor cinniúnach don Aontas
Le rialacha an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla, cuidítear leis na hábhair atá riachtanach do gheilleagar na hEorpa a dhaingniú, tacaítear le tionscail straitéiseacha agus neartaítear ag an am céanna cumas an Aontais foinsí soláthair a eastóscadh, a phróiseáil, a athchúrsáil agus a éagsúlú.

A bhfuil i gceist le hamhábhair chriticiúla
Foghlaim faoina riachtanaí atá amhábhair chriticiúla d’fheidhmiú réimse leathain tionscal agus faoina thábhachtaí atá sé rochtain shlán a fháil orthu ar mhaithe le hiomaíochas an Aontais.

‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’: plean an Aontais chun Eoraip dhigiteach a bhaint amach faoi 2030
Is clár é ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ lena mbunaítear spriocanna digiteacha sonracha a bhfuil sé d’aidhm ag tíortha an Aontais iad a bhaint amach faoi 2030.

Tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)
Is iad na FBManna cnámh droma thionscal agus gheilleagar na hEorpa. Tá an tAontas ag obair go gníomhach chun a n-athléimneacht agus a n-iomaíochas a threisiú.

An ceart chun táirgí a dheisiú
Tá dreasachtaí cruthaithe ag an Aontas do tháirgeoirí agus tomhaltóirí chun go mbeidh sé níos fusa agus níos tarraingtí táirgí a dheisiú, chun an dramhaíl a laghdú agus samhlacha gnó níos inbhuanaithe a chur chun cinn.
