An clár um an tionscal cosanta Eorpach
Tá an clár um an tionscal cosanta Eorpach (EDIP) ar cheann den iliomad tionscnamh ar thug an Aontas faoi chun borradh a chur faoina ullmhacht cosanta agus chun tionscal cosanta na hEorpa a fheabhsú i bhfianaise timpeallacht slándála atá ag athrú.
Cad é atá sa chlár um an tionscal cosanta Eorpach?
Is clár de chuid an Aontais é an clár um an tionscal cosanta Eorpach lena gcuirtear €1.5 billiún ar fáil mar dheontais chun cur le hullmhacht cosanta na hEorpa don tréimhse 2025-2027.
Is é is aidhm do EDIP iomaíochas agus freagrúlacht thionscal cosanta na hEorpa a fheabhsú, agus borradh a chur faoi sholáthairtí comhoibríocha. Bunaítear an méid seo a leanas leis freisin:
- bearta chun acmhainneachtaí monaraíochta tionsclaíche i réimse na cosanta a mhéadú
- creat le haghaidh comhar tionsclaíoch leis an Úcráin i réimse na cosanta
- córas um shlándáil an tsoláthair le haghaidh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime
- bosca uirlisí dlíthiúil chun comhar fadtéarmach um armálacha a éascú
- sásra maidir le díolacháin mhíleata
Leis an gclár, cuirtear chun feidhme roinnt de na bearta nithiúla a mholtar sa straitéis um an tionscal cosanta Eorpach a thíolaic an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i mí an Mhárta 2024.
Tógann sé ar dhá ionstraim reatha de chuid an Aontais: an ionstraim chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) agus an rialachán maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP).
Ghlac an Chomhairle an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) an 8 Nollaig 2025.
Conas a chistítear an clár?
Is é an tAontas a chistíonn EDIP trína bhuiséad fadtéarmach (an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027).
Dearbhaítear sa chomhaontú sealadach idir an Chomhairle agus an Pharlaimint an buiséad a mhol an Coimisiún Eorpach, i.e. €1.5 billiún, i bhfoirm deontas. Áirítear sa bhuiséad iomlán €300 milliún chun tacú le tionscal cosanta na hÚcráine.
D’iarr an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an gCoimisiún féachaint ar roghanna maidir le hacmhainní airgeadais breise amach anseo.
Thairis sin, cuireann EDIP ar chumas na mBallstát nó tríú páirtithe ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh.
Cistiú ón Aontas don chosaint
Réimsí a chumhdaítear leis an gclár
Borradh a chur faoin acmhainneacht cosanta agus faoi shlabhraí soláthair
Is é is aidhm do EDIP borradh a chur faoin gcomhar sa soláthar cosanta i measc na mBallstát. Tá sé d’aidhm aige freisin acmhainneachtaí monaraíochta thionscal cosanta na hEorpa a mhéadú, agus ar an gcaoi sin am táirgeachta na dtáirgí cosanta a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cumais atá ann cheana.
Bunaítear le EDIP creat le haghaidh tionscadail Eorpacha leasa choitinn i réimse na cosanta, arb é is aidhm dóibh cumais ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a fhorbairt, iad siúd lena gcinntítear rochtain ar réimsí straitéiseacha san áireamh.
Tacaíocht don Úcráin
Tacaíonn EDIP le tionscal cosanta na hÚcráine trí ionstraim thiomnaithe (an Ionstraim um Thacaíocht don hÚcráin), lena ndéantar an méid seo a leanas:
- dreasaítear léi soláthar comhoibríoch leis an Úcráin
- cuireann sí maoiniú ar fáil chun acmhainneachtaí monaraíochta tionsclaíche cosanta chuideachtaí na hÚcráine a mhéadú
Tabharfar imchlúdach airgeadais de €300 milliún don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.
Soláthar cosanta le linn géarchéimeanna
Trí EDIP, bunóidh an tAontas an chéad sásra riamh chun slándáil soláthair táirgí cosanta a chinntiú ar fud an Aontais. Tá an sásra ceaptha chun rochtain thráthúil iontaofa ar tháirgí agus ar chomhpháirteanna cosanta a chinntiú le linn géarchéimeanna.
Sásra Eorpach maidir le Díolacháin Mhíleata
Trí EDIP, bunóidh an tAontas sásra Eorpach maidir le díolacháin mhíleata a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
- chuirfidh sé catalóg láraithe de tháirgí cosanta ar fáil
- foráiltear leis an fhéidearthacht ‘comhthiomsuithe’ de tháirgí cosanta a bhunú chun gur féidir trealamh a sheachadadh go tapa
Incháilitheacht cuideachtaí agus táirgí
Ní mór do chuideachtaí a thairbhíonn de thacaíocht airgeadais faoi EDIP a bheith bunaithe san Aontas agus a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin a bheith ann. Chun bheith incháilithe do chistiú, ní mór dóibh bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní a úsáid san Aontas freisin.
Ní mór 65% ar a laghad de chostas iomlán na gcomhpháirteanna a úsáidtear i dtáirgí cosanta a bheith de thionscnamh an Aontais nó tíortha comhlachaithe (i.e. comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch). Thairis sin, chun go mbeidh na táirgí incháilithe do chistiú faoi EDIP, ní mór don údarás deartha, a dhéanann cinneadh maidir le dearadh táirge, a bheith san Aontas go ginearálta.
Ina theannta sin, ní bhfaighfear aon chomhpháirteanna ó thíortha neamhchomhlachaithe a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais nó a Bhallstát.
Féach freisin
Ullmhacht cosanta na hEorpa
Soláthar comhoibríoch cosanta
Cosaint an Aontais i bhfigiúirí
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Nollaig 2025