Skip to content

Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais?

Chun go mbeifear in ann dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh, tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun cúltaiscí gáis na mBallstát a mhéadú, ionas gur féidir leo soláthar leordhóthanach a chinntiú agus saoránaigh a chosaint ar phraghsanna arda fuinnimh.

Mar fhreagairt ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022 arbh iad ionradh na Rúise ar an Úcráin agus soláthairtí gáis na hEorpa a bheith á n-úsáid mar uirlis troda ba chúis léi, rinne an tAontas bearta chun na cúltaiscí gáis a mhéadú. Sna blianta ina dhiaidh sin, d’éirigh leis an Aontas cúltaiscí flúirseacha gáis a fháil i bhfad roimh an ngeimhreadh.

Anois agus buaic na géarchéime fuinnimh taobh thiar dínn, tá laghdú tagtha arís ar chúltaiscí gáis. Mar sin féin, níl aon bhaol láithreach ann do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas. Tá an tAontas níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh tarlú, a bhuí le héagsúlú méadaithe, acmhainneacht allmhairiúcháin GNL níos airde, agus éileamh níos lú ar ghás.

Leagan téacs

Déantar comparáid sa chairt líne idir na leibhéil stórála gáis le linn na bliana do 2021-2026. In 2022, 2023 agus 2024, bhí an meánleibhéal stórála i bhfad níos airde ná mar a bhí in 2021. In 2022, comhlíonadh an sprioc maidir le 80% den acmhainneacht a bhaint amach i mí Lúnasa. In 2023, bhí saoráidí stórála gáis líonta os cionn 80% ó mhí Iúil agus os cionn 90% ó mhí Lúnasa. In 2024, bhí an tairseach 90% bainte amach faoi mhí Lúnasa. In 2025, bhí na leibhéil chúltaiscí níos ísle, i bpáirt mar gheall ar gheimhreadh measartha crua san Eoraip, ach d’fhan siad os cionn mheáin 2021 den chuid is mó. I mí Mheán Fómhair 2026, tá na cúlchistí ag 68%.

Is ó Bhonneagar Gáis na hEorpa a thagann na sonraí sin.

An acmhainneacht stórála gáis agus na leibhéil líonta i ngach Ballstát

Tá saoráidí stórála gáis ar a gcríoch ag an gcuid is mó de Bhallstáit an Aontais. Is in acmhainneachtaí stórála cúig thír (an Ghearmáin, an Iodáil, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Ostair) atá dhá thrian d’acmhainneacht iomlán an Aontais.

Faoin rialachán maidir le stóráil gáis, ba cheart do thíortha nach bhfuil saoráidí stórála gáis acu 15% dá dtomhaltas bliantúil gáis intíre a stóráil i stoic atá lonnaithe i mBallstáit eile agus, dá bhrí sin, cinntítear go mbeidh teacht acu ar chúltaiscí gáis a stóráiltear i mBallstáit eile. Leis an sásra sin, neartaítear slándáil sholáthairtí gáis an Aontais agus cinntítear go gcomhroinntear an t‑ualach airgeadais a bhaineann le hacmhainneachtaí stórála an Aontais a líonadh. Comhoibríonn na Ballstáit a bhfuil acmhainneachtaí stórála níos lú acu leis na Ballstáit sin a bhfuil saoráidí níos mó acu chun a gcúltaiscí a dhaingniú.

Léirítear ar an gcairt an acmhainneacht stórála gáis do gach Ballstát den Aontas an 13 Meán Fómhair 2026.

Leagan téacs

Léirítear ar an gcairt na hacmhainneachtaí stórála gáis, an méid gáis atá á stóráil agus an leibhéal líonta i gcás gach Ballstáit mar a bhí an 13 Meán Fómhair 2026.

Is iad an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ísiltír na tíortha a bhfuil an acmhainneacht stórála is mó acu.

Níl saoráidí stórála gáis ag an gCipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghréig, Éire, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, ná an tSlóivéin. Faoin rialachán maidir le stóráil gáis, áfach, ní mór dóibh socruithe dlúthpháirtíochta a dhéanamh le Ballstáit eile chun a gcúltaiscí gáis féin a dhaingniú.

Is ó Bhonneagar Gáis na hEorpa a thagann na sonraí sin.

*d’fhéadfadh an leibhéal stórála a bheith níos mó ná 100%, toisc nach bhfreagraíonn acmhainneacht na saoráidí i gcónaí d’acmhainneacht fhisiciúil na láithreán

Na rialacha maidir le stóráil gáis, i mbeagán focal

I mí an Mheithimh 2022, i gcomhthéacs fhogha míleata gan chúis na Rúise, a chuir isteach go mór ar na margaí fuinnimh, rinne an tAontas bearta chun na cúltaiscí gáis a mhéadú chun soláthar leordhóthanach a chinntiú agus saoránaigh a chosaint ar phraghsanna arda fuinnimh.

Chuir na rialacha ar chúltaiscí gáis de cheangal ar Bhallstáit an Aontais a chinntiú go líonfaí na saoráidí stórála gáis san Aontas go 90% ar a laghad dá n-acmhainneacht gach bliain roimh na míonna is fuaire, agus go gcomhroinnfí an gás a stóráladh ar fud an Aontais de mheon na dlúthpháirtíochta.

I mí Iúil 2025, ghlac an Chomhairle síneadh 2 bhliain leis na rialacha agus thug sí isteach solúbthacht bhreise, rud a chuir ar chumas na mBallstát dul in oiriúint do dhálaí margaidh atá ag síorathrú agus cúbláil margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhrac:

  • coinnítear an sprioc cheangailteach 90% atá ann cheana maidir le stóráil gáis, ach tá solúbthacht ann í a bhaint amach am ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig
  • tugtar lamháil solúbthachta 10% isteach chun na deacrachtaí a chumhdach maidir le hacmhainneachtaí stórála a líonadh, agus féadfaidh an Coimisiún an lamháil solúbthachta don sprioc líonta a mhéadú suas le 5% breise i gcás dálaí margaidh neamhfhabhracha leanúnacha

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Meán Fómhair 2026