Beartas tionsclaíoch an Aontais
Is é is aidhm do bheartas tionsclaíoch an Aontais iomaíochas thionscal an Aontais a neartú agus geilleagar níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos digitithe a chur chun cinn lena gcruthófar poist.
An Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht
Tá sé mar aidhm ag an Aontas a chuid tionscal a dhéanamh níos iomaíche ar fud an domhain, agus go mbeidís ina gcumasóirí don athrú, don nuálaíocht agus don fhás.
Díríonn an straitéis thionsclaíoch don Eoraip ar thrí réimse:
- déileáil le spleáchais straitéiseacha an Aontais
- athléimneacht an mhargaidh aonair a neartú
- dlús a chur leis na haistrithe glasa agus digiteacha
Moladh tionscnaimh bhreise faoi phlean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais chun dlús a chur le claochlú glan-nialasach na tionsclaíochta agus chun an Eoraip a chur ar chosán na haeráidneodrachta.
Ina theannta sin, faoin gcompás iomaíochais, mhol an Coimisiún comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan agus gníomh um luasaire tionsclaíoch, a bheidh ina gcabhair do mhonaróirí aistriú chuig táirgeadh glan agus teicneolaíochtaí glana, borradh a chur faoin monaraíocht agus fás agus iomaíochas an Aontais a fheabhsú.
Uathriail straitéiseach
Is éard atá i gceist le huathriail straitéiseach spleáchas an Aontais ar dhreamanna eile, mar shampla, maidir le hábhair agus teicneolaíochtaí ríthábhachtacha, bia, bonneagar agus slándáil, a laghdú.
Is deis é freisin margaí, táirgí agus seirbhísí a chruthú agus borradh a chur faoin iomaíochas san Aontas.
Moltar an méid seo a leanas sa straitéis tionsclaíochta:
- oibriú i dtreo comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta éagsúlaithe a chuidíonn le hathléimneacht eacnamaíoch a fhorbairt trí infheistíocht agus trádáil
- tacú le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha nua i réimsí straitéiseacha a mheallann infheisteoirí príobháideacha agus a chuireann le cruthú post
- faireachán a dhéanamh ar spleáchais straitéiseacha
Amhábhair chriticiúla
Is é is aidhm don ghníomh um amhábhair chriticiúla, a glacadh i mí an Mhárta 2024, an méid seo a leanas a dhéanamh:
- soláthar amhábhar criticiúil an Aontais a mhéadú agus a éagsúlú
- an chiorclaíocht, an athchúrsáil san áireamh,, a fheabhsú
- tacú le taighde agus nuálaíocht maidir le héifeachtúlacht acmhainní agus le forbairt ionadaithe
Leag an tAontas síos na cuspóirí seo a leanas do 2030 a mhéid a bhaineann le tomhaltas bliantúil an Aontais:
- 10 % ar a laghad ó eastóscadh an Aontais
- 40 % ar a laghad ó phróiseáil an Aontais
- 25 % ar a laghad ón athchúrsáil intíre
A bhfuil i gceist le hamhábhair chriticiúla (Grafaic faisnéise)
An tionscal sliseanna
Leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, tugtar aghaidh ar na príomhdhúshláin atá roimh thionscal na leathsheoltóirí, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ganntanais a mhaolú
- slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a fheabhsú agus an spleáchas ar ghníomhaithe eachtracha a laghdú
- poist ar ardcháilíochta agus deiseanna gnó a chruthú
Is é an cuspóir atá ann an sciar de mhargadh domhanda na leathsheoltóirí atá ag an Aontas a mhéadú faoi dhó faoi 2030.
Tionscal sliseanna an Aontais
Athléimneacht an mhargaidh aonair
Ghlac an tAontas an gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach, lena gcuirtear creat struchtúrtha ar fáil chun suaití suntasacha laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais a thuar, ullmhú dóibh agus freagairt orthu.
Leis an ngníomh seo, tá sé d’aidhm ag an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a mhargadh inmheánach a neartú trí bhearta réamhghníomhacha a chur chun feidhme lena bhféadfar freagairtí éifeachtacha a thabhairt ar éigeandálaí
- slabhraí soláthair criticiúla a chosaint
- saorghluaiseacht leanúnach earraí, seirbhísí agus daoine a áirithiú
An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach
Tá ról lárnach ag tionscal an Aontais san aistriú glas agus san aistriú digiteach.
Rannchuidíonn sé le forbairt teicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí, margaí agus samhlacha gnó nua. Cruthaíonn sé cineálacha nua post a mbeidh scileanna nua ag teastáil chun iad a dhéanamh.
Táirgí teicneolaíochta glan-nialasacha
A bhuí leis an ngníomh um an tionscal glan-nialasachta, cuirfidh an tAontas le monarú teicneolaíochtaí glana san Aontas.
Leis na rialacha nua seo, éascófar na coinníollacha le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glasa.
Is é an cuspóir atá ann 40% de riachtanais an Aontais a chumhdach le táirgí teicneolaíochta straitéiseacha glan-nialasachta, mar shampla painéil fhótavoltacha ghréine, tuirbíní gaoithe, cadhnraí agus teaschaidéil.
Cuirfidh an gníomh dlús leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais, agus ag an am céanna cuirfear borradh faoi iomaíochas thionscal an Aontais, cruthófar poist ardcháilíochta agus tacófar le hiarrachtaí an Aontais a bheith neamhspleách ar fhuinneamh.
An gníomh um an tionscal glan-nialasachta: tagarmharc le haghaidh acmhainneacht monaraíochta táirgí teicneolaíochta straitéiseacha glan-nialasachta (Grafaic faisnéise)
An margadh leictreachais
Is é is aidhm don athchóiriú a dhéanfar ar dhearadh an mhargaidh leictreachais an méid seo a leanas a dhéanamh:
- praghsanna leictreachais a dhéanamh níos neamhspleáiche ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise
- tomhaltóirí a chosaint ar spíceanna praghsanna
- dlús a chur le húsáid an fhuinnimh in-athnuaite
San am céanna, cuirfidh an t-athchóiriú tuilleadh cobhsaíochta agus iomaíochais ar fáil do chuideachtaí.
Athchóiriú ar an Margadh Leictreachais
Féach freisin
An Margadh Aonair
An compás iomaíochais
An gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Márta 2026