Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 65 Torthaí
Pacáistíocht
Tá méadú ag teacht ar an dramhaíl ó phacáistíocht san Aontas Eorpach. Tá sé d’aidhm ag reachtaíocht nua an Aontais dul i ngleic leis an bhfadhb sin, rialacha ar fud na mBallstát a chomhchuibhiú agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach.

Aeriompar
Tá an tAontas ag obair chun earnáil aeriompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus iomaíoch a chruthú.

Iompar de bhóthar
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar de bhóthar a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.

Oiriúnach do 55: an chaoi a n-éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla
Conas a éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla? Tá spriocanna nua á leagan síos ag an Aontas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh.

Oiriúnach do 55
Fágfaidh an dlí aeráide Eorpach gur oibleagáid dhlíthiúil a bheidh ann sprioc aeráide an Aontais a bhaint amach, is é sin laghdú 55%, ar a laghad, a dhéanamh ar astaíochtaí an Aontais faoi 2030. Ghlac tíortha an Aontais reachtaíocht nua chun an sprioc sin a bhaint amach agus chun go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050.

Athléimneacht agus cosaint foraoisí
Tá an tAontas tiomanta d’fhoraoisí a chosaint agus d’fheabhas a chur ar a gcumas dúshláin aeráide agus chomhshaoil a sheasamh.

An sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
Áirithítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha go mbeidh na costais charbóin chéanna ar tháirgeoirí neamh-AE agus a bhíonn ar tháirgeoirí an Aontais agus earraí á ndíol acu san Aontas.

An talmhaíocht a ghlasú
Cuireann an tAontas cleachtais inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun cinn sna córais bhia ionas go ndéanfar an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus ionas go ndéanfar athléimneacht earnáil an bhia a fheabhsú san am céanna.

Mar atá an fuinneamh glas á bhaint amach ag an Aontas
Níl aon dul as, chun an t-athrú aeráide a chomhrac, ní mór dul i dtreo an fhuinnimh ghlain; is deis a bheidh ann freisin an neamhspleáchas fuinnimh a mhéadú.

Iompar muirí
Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas chun an t-iompar muirí a dhéanamh níos iomaíche, níos glaise agus níos sábháilte.
