Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide
Tá sé mar aidhm ag Comhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú agus an t-athrú aeráide a chomhrac. Rinne gach tír san Aontas an comhaontú a dhaingniú.
Cad é Comhaontú Pháras?
Is conradh idirnáisiúnta é Comhaontú Pháras lena gcuirtear a shínitheoirí faoi cheangal dlí gníomhú chun an t-athrú aeráide a chomhrac.
Den chéad uair riamh, in 2015, tháinig rialtais ar chomhaontú comhpháirteach maidir le hiarracht chomhchoiteann chun an téamh domhanda a theorannú agus chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá á imirt aige.
An téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 1.5˚C
Dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 4 Samhain 2016 nuair a chomhlíon 55 thír, ar a laghad, na coinníollacha daingniúcháin, tíortha ar astu a thagann 55%, ar a laghad, d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain.
Leagtar amach ann plean gníomhaíochta chun an téamh domhanda a theorannú.
Príomhphointí Chomhaontú Pháras
Sprioc fhadtéarmach
Níor cheart go rachadh an mheánteocht dhomhanda thar 1.5°C faoi dheireadh an chéid.
Trédhearcacht
Chun trédhearcacht agus maoirseacht a chinntiú, tugann na tíortha tuairisc dá chéile agus don phobal faoin dul chun cinn atá á dhéanamh acu lena gcuid spriocanna a bhaint amach.
Rannchuidithe
Tugann na tíortha gealltanas go ngníomhóidh siad ar son na haeráide trí phleananna gníomhaíochta ar son na haeráide a thíolacadh chun a gcuid astaíochtaí a laghdú.
Dlúthpháirtíocht
Tá gá le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun cabhrú le tíortha leochaileacha astaíochtaí a laghdú chomh maith le hathléimneacht a fhorbairt in aghaidh an athraithe aeráide.
Uaillmhian
Cuireann na rialtais a bpleananna gníomhaíochta in iúl, gach 5 bliana, agus gach aon cheann acu níos uaillmhianaí ná an ceann roimhe sin ó thaobh spriocanna de.
UNFCCC: Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide
Is é Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC)an príomh-chomhaontú idirnáisiúnta maidir leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Is ag cruinniú díobh siúd is páirtithe in UNFCCC in 2015 a ghlac na tíortha Comhaontú Pháras.
Tá UNFCCC ar cheann de na trí choinbhinsiún a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Cruinne in Rio in 1992, nuair a d'aithin an comhphobal idirnáisiúnta nár mhór gníomhú i gcomhar le chéile chun na daoine agus an comhshaol a chosaint, agus srian a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.
Tá sé daingnithe ag beagnach gach tír ar fud an domhain.
Le Prótacal Kyoto, tugadh isteach an chéad sprioc riamh do thíortha forbartha a bhí ceangailteach ó thaobh dlí de chun líon na n-astaíochtaí a laghdú; thug sínitheoirí UNFCCC i gcrích é in 1997 ach chuaigh sé in éag in 2020.
Trí Chomhaontú Pháras, rinne tíortha athnuachan ar a ngealltanas gníomhú ar son na haeráide agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le spriocanna nua chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an téamh domhanda a theorannú.
An tAontas agus Comhaontú Pháras
Tá Comhaontú Pháras sínithe agus daingnithe ag an Aontas agus ag na Ballstáit uile agus iad tiomanta go mór dá chur chun feidhme.
Tríd an gcomhaontú sin a dhaingniú, tá an tAontas agus a thíortha faoi cheangal dlí ag sprioc an Chomhaontaithe teochtaí domhanda a choinneáil laistigh de theorainneacha sábháilte.
Chun an sprioc sin a bhaint amach, rinne an tAontas, i measc nithe eile, straitéis an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a sheoladh, straitéis lena gcuirtear bearta agus rialacha i bhfeidhm chun astaíochtaí a laghdú go suntasach agus a gheilleagar a aistriú chun bheith aeráidneodrach faoi 2050.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, d’fhormheas an Chomhairle na conclúidí maidir le hullmhúcháin an Aontais don 30ú Comhdháil de na Páirtithe (COP30) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), a bheidh ar siúl ón 10 go dtí an 21 Samhain 2025 in Belém na Brasaíle.
Leagtar amach sna conclúidí príomhthosaíochtaí agus príomhsheasaimh an Aontais don chomhdháil, agus dírítear ar an ngéarghá atá le gníomhú agus comhar domhanda ar son na haeráide.
An 5 Samhain, d’fhormheas an Chomhairle rannchuidiú nuashonraithe arna chinneadh go náisiúnta (RCN) ón Aontas agus óna Bhallstáit, a bheidh le cur faoi bhráid UNFCCC roimh COP30. Cumhdaítear leis an RCN sin an tréimhse go dtí 2035.
Leis an RCN nuashonraithe, athdhearbhaítear sprioc an Aontais glanlaghdú 55% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 agus tugtar isteach rannchuidiú táscach 66.25 % go 72.5 % do 2035 ar an gconair i dtreo na neodrachta carbóin faoi 2050.
- Comhaontú Pháras: RCN nuashonraithe le sprioc tháscach do 2035 curtha faoi bhráid na Náisiún Aontaithe ag an Aontas roimh COP30 (preaseisiúint, 5 Samhain 2025)
- COP30: seasamh an Aontais leagtha amach ag an gComhairle don chomhdháil aeráide in Belém (preaseisiúint, an 21 Deireadh Fómhair 2025)
Tá an tAontas, a bhuí lena uaillmhian aeráide, ar thús cadhnaíochta i gcomhrac an athraithe aeráide. Tá beartais agus gníomhaíochtaí misniúla á ndéanamh aige a fhágann go bhfuil sé ar cheann an róid ó thaobh caighdeáin a bhunú agus uaillmhian na haeráide a stiúradh ar fud na cruinne.
5 fhíric faoi sprioc aeráidneodrachta an Aontais
Tá sé ríthábhachtach an t-athrú aeráide a chomhrac ar mhaithe le todhchaí na hEorpa agus an domhain mhóir. Leis an dlí aeráide Eorpach, leagadh síos sa reachtaíocht an cuspóir Aontas aeráidneodrach a bheith ann faoi 2050. Tháinig an sprioc sin sna sála ar an ngealltanas a thug an tAontas agus na Ballstáit ar shíniú Chomhaontú Pháras dóibh in 2015.
Cad is aeráidneodracht ann agus cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an Aontas an sprioc sin a bhaint amach?
Ról na Comhairle i gComhaontú Pháras
Tagann na páirtithe in UNFCCC le chéile gach bliain ag comhdháil na bpáirtithe (COP) chun an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an gcoinbhinsiún agus maidir le comhaontuithe gaolmhara agus a gcur chun feidhme a athbhreithniú agus a phlé.
Is páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit in UNFCCC agus i gComhaontú Pháras araon. Freastalaíonn siad ar COP gach bliain agus glacann siad páirt sa chaibidlíocht arna leagan síos ag an gcoinbhinsiún ar an athrú aeráide chun rialacha nuashonraithe nó rialacha nua a chomhaontú laistigh de na comhaontuithe domhanda.
Is í uachtaránacht na Comhairle, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, a stiúrann toscaireacht an Aontais ag COP. Féadfaidh uachtarán na Comhairle Eorpaí freastal ar an gcomhdháil freisin.
Sna fóraim sin, labhraíonn an tAontas d’aon ghuth. Formheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí ón gComhairle roimh an gcruinniú idirnáisiúnta darb aidhm teacht ar chomhaontú maidir le seasamh caibidlíochta ginearálta an Aontais le haghaidh na caibidlíochta i ndáil leis an aeráid.
Féach freisin
Gníomhú Domhanda ar son na hAeráide
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
Comhaontú Glas don Eoraip
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Samhain 2025