Skip to content

Gníomhú Domhanda ar son na hAeráide

Oibríonn an tAontas agus a Bhallstáit le comhpháirtithe domhanda chun gníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn agus a mhaoiniú.

Spriocanna aeráide a bhaint amach le chéile

Ní leor teorainn chun stop a chur leis an athrú aeráide agus ní spáráiltear aon tír.

Ní féidir an ghéarchéim aeráide a réiteach ach amháin má oibríonn gach tír ar domhan as lámha a chéile.

Sin é an fáth a bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta ní hamháin gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach tacú le comhpháirtithe ar fud na cruinne a spriocanna aeráide a bhaint amach freisin.

Shínigh agus dhaingnigh an tAontas agus a Bhallstáit Comhaontú Pháras – an comhaontú domhanda chun teorainn a chur leis an téamh domhanda agus chun an t-athrú aeráide a chomhrac.

Tá dea-shampla leagtha síos acu maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide trí ghealltanas ceangailteach a dhéanamh de sprioc na haeráidneodrachta don Aontas.

Ach ní ghineann an tAontas ach 8% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain – agus tá a sciar ag laghdú.

Tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh tíortha eile timpeall an domhain dlús lena gcuid oibre chun an téamh domhanda a theorannú agus a n-astaíochtaí a laghdú.

Lámh ag coinneáil na cruinne agus an teirmiméadar ag taispeáint 1.5 céim Celsius ar an taobh.
Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide

Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide

An taidhleoireacht ghlas

Is gné lárnach de bheartas seachtrach agus d’obair thaidhleoireachta an Aontais é an t-athrú aeráide.

Bíonn an tAontas i dteagmháil le comhpháirtithe ar leibhéil éagsúla maidir leis an aeráid:

  • idirphlé beartais i suíomhanna déthaobhacha agus iltaobhacha
  • caibidlíocht agus comhaontuithe idirnáisiúnta, cuir i gcás Comhaontú Pháras
  • beartais trádála
  • comhghuaillíochtaí agus comhpháirtíochtaí, cuir i gcás an chomhghuaillíocht ghlas leis an tSeapáin

Ina chaidreamh déthaobhach le tíortha nach tíortha den Aontas iad, comhroinneann an tAontas a shaineolas ar an mbeartas aeráide agus spreagann sé comhpháirtithe chun gníomhaíocht mhisniúil a dhéanamh i gcoinne an téimh dhomhanda. Cuireann sé tacaíocht spriocdhírithe ar fáil, pé áit ar gá, dóibh siúd is mó atá thíos leis, chun cabhrú leo a ngeilleagar a athrú ó bhonn.

I bhfóraim iltaobhacha, glacann an tAontas páirt ghníomhach sa chaibidlíocht dhomhanda ag comhdhálacha na bpáirtithe (COP). Tá sé ar thús cadhnaíochta i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir leis an mbeartas aeráide, mar shampla Comhaontú Pháras.

Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide

Chun an t-athrú aeráide a chomhrac, tá gá le hacmhainní suntasacha airgeadais laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Faoi Chomhaontú Pháras, gheall na tíortha forbartha $100 billiún a chur ar fáil (thart ar €90 billiún) gach bliain chun tacú le tíortha i mbéal forbartha.

Is iad an tAontas agus a Bhallstáit a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú poiblí don aeráid ar fáil. In 2024, chaith an tAontas agus a 27 mBallstát €31.7 billiún ó fhoinsí poiblí ar mhaoiniú don aeráid agus chuir siad suim bhreise €11 bhilliún de mhaoiniú príobháideach ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.

Barrachairt ina léirítear an fhorbairt ar ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid ó 2013 go 2024.
Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)

Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)

Tacaíonn na hacmhainní airgeadais sin le gníomhaíochtaí maolúcháin agus oiriúnúcháin i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais ar fud an domhain chun cabhrú leo a gcuid astaíochtaí a laghdú agus athléimneacht a chothú i gcoinne éifeachtaí an athraithe aeráide.

Os cionn aon trian de bhuiséad an Aontais chun tacaíocht a thabhairt do thíortha comharsanachta agus tíortha i mbéal forbartha, tá sé curtha i leataobh chun dlús a chur leis na hiarrachtaí i gcoinne an athraithe aeráide.

Féach freisin

An t-aistriú aeráide a mhaoiniú

An t-aistriú aeráide a mhaoiniú

Léaráid de dhá lámh ag stopadh gás atá ag éalú ó shimléir mhonarchan.
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas

An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas

Léaráid stílithe de chiorcal réaltaí an Aontais agus siombailí den aistriú glas timpeall air, lena n-áirítear tuirbín gaoithe, painéil ghréine, crainn, fiadhúlra, barra agus tarracóir.
Comhaontú Glas don Eoraip

Comhaontú Glas don Eoraip

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Samhain 2025