Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 34 Torthaí
Tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin
Ó thús mhór-ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá dlús suntasach curtha ag an Aontas agus a Bhallstáit lena dtacaíocht mhíleata d’fhórsaí armtha na hÚcráine.

Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag seasamh leis an Úcráin agus lena muintir ó thús ionradh iomlán na Rúise. I dteannta a chéile, is iad an soláthraí is mó tacaíochta airgeadais, eacnamaíche, míleata agus daonnúla atá ag an Úcráin.

Cúnamh airgeadais an Aontais don Úcráin
Ar an iomlán, is iad an tAontas agus a 27 mBallstát is mó a sholáthraíonn cúnamh airgeadais don Úcráin. Is é an sprioc atá ann maoiniú a thabhairt le haghaidh riachtanais phráinneacha na tíre agus tacú lena téarnamh agus lena hatógáil san fhadtéarma.

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise: ceisteanna agus freagraí
Faigh na freagraí uile ar do cheisteanna maidir leis na smachtbhannaí a ghlac an tAontas Eorpach mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

An tSaoráid don Úcráin
Is ionstraim de chuid an Aontais í an tSaoráid don Úcráin lena gcuirtear suas le €50 billiún d’iasachtaí agus de dheontais ar fáil don Úcráin chun cabhrú léi dul i mbun téarnaimh, atógála agus nuachóirithe.

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine
Cáineann an tAontas sáruithe ar chearta an duine san Iaráin, chomh maith le gníomhaíochtaí leata núicléach na hIaráine agus a tacaíocht mhíleata do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá roinnt smachtbhannaí glactha ag an Aontas i ndáil leis sin.

Tacú le trádáil na hÚcráine
Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Úcráin agus an t-infheisteoir is mó atá aici. Ó thús chogadh foghach na Rúise, thacaigh an tAontas le geilleagar na hÚcráine, trí bhearta trádála spriocdhírithe san áireamh.

Cogadh na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí an Aontais
Tá smachtbhannaí ollmhóra, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, forchurtha ag an Aontas ar dhaoine aonair agus ar eintitis a bhfuil baint acu le mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin.

An chaoi a gcabhraíonn an tAontas le dídeanaithe ón Úcráin
Tar éis mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá roinnt céimeanna tugtha ag an Aontas chun cabhrú le dídeanaithe atá ag teitheadh ón gcogadh, lena n-áirítear trí shásra cosanta sealadaí an Aontais.

An Mholdóiv
Rinne Poblacht na Moldóive iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2022 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí an Mheithimh 2022. Cuireadh tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais i mí an Mheithimh 2024. Oibríonn an tAontas agus an Mholdóiv i gcomhar le chéile freisin i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir.
