Tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin
Ó thús mhór-ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá dlús suntasach curtha ag an Aontas agus a Bhallstáit lena dtacaíocht mhíleata d’fhórsaí armtha na hÚcráine.
Aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhíleata agus chosanta na hÚcráine
Is é is aidhm do chúnamh míleata an Aontais don Úcráin a chinntiú go mbeidh na hacmhainní míleata is gá ag an Úcráin chun leanúint dá ceart bunúsach féinchosanta a fheidhmiú agus chun cur i gcoinne fhogha na Rúise.
Agus an tacaíocht mhíleata a chuireann Ballstáit an Aontais ar fáil á cur san áireamh, meastar gur fiú €88.7 billiún an tacaíocht iomlán atá tugtha ag an Aontas d’fhórsaí armtha na hÚcráine. Cuimsíonn an figiúr sin €6.4 billiún faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus €8.4 billiún faoin iasacht tacaíochta don Úcráin.
Cuireann an tAontas le hiarrachtaí déthaobhacha Bhallstáit an Aontais trí thacaíocht oibríochtúil fheabhsaithe a chur ar fáil d’fhórsaí armtha na hÚcráine agus trí fhéachaint le méadú a dhéanamh ar an soláthar comhoibríoch ó thionscail chosanta na hEorpa agus na hÚcráine.
Is fiú €220.3 billiún an cúnamh iomlán a tugadh don Úcráin; áirítear leis sin tacaíocht airgeadais, cabhair dhaonnúil, fáltais ó shócmhainní blocáilte na Rúise agus tacaíocht do dhídeanaithe ón Úcráin.
Soláthar comhoibríoch faoi SAFE
Tríd an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE), tá cúnamh airgeadais á chur ar fáil ag an Aontas i bhfoirm iasachtaí dar luach suas le €150 billiún chun cabhrú le Ballstáit an Aontais a n-infheistíochtaí cosanta a mhéadú trí sholáthar comhoibríoch.
Cé nach féidir ach leis na Ballstáit iasachtaí SAFE a fháil, is féidir leis an Úcráin a bheith rannpháirteach ar théarmaí comhionanna sa soláthar comhoibríoch faoiionstraim SAFE. Ina theannta sin, tá cuideachtaí na hÚcráine incháilithe mar réamhshocrú do sholáthairtí faoi SAFE.
Tháinig an rialachán lena mbunaítear ionstraim SAFE i bhfeidhm an 28 Bealtaine 2025.
As na 19 bplean náisiúnta SAFE a chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh in 2025, tá tionscadail leis an Úcráin san áireamh in 15 cinn díobh.
Iasacht Tacaíochta don Úcráin
An 23 Aibreán 2026, chomhaontaigh an Chomhairle iasacht€90 billiún a chur ar fáil don Úcráin chun tacú leis na is práinní atá ag an tír in 2026 agus 2027.
Déanann an tAontas an iasacht a mhaoiniú trí iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil, arb iasachtaí iad a ráthaítear le buiséad an Aontais. Tá sí le haisíoc trí chúiteamh cogaidh a bhfuil sé dlite ar an Rúis é a íoc leis an Úcráin.
úsáidfear €60 billiún chun tacú le hacmhainneacht na hÚcráine infheistíocht a dhéanamh sa tionscal cosanta, lena n-áirítear trealamh míleata a sholáthar. Go dtí seo, tá €8.4 billiún eisíoctha ag an Aontas chun an soláthar drón don Úcráin a mhaoiniú.
A bhuí leis an gcistiú, tá rochtain ríthábhachtach thráthúil a fáil ag an Úcráin ar tháirgí cosanta ó thionscail chosanta na hÚcráine agus an Aontais araon.
Céard é Gníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE)?
An tSaoráid Eorpach Síochána
Idir 2022 agus 2025, rinne an tAontas €6.4 billiún a shlógadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine.
Tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, maoiníonn an tAontas soláthar trealaimh agus soláthairtí míleata atá marfach agus neamh-mharfach, cuir i gcás trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach, breosla, armlón agus diúracáin.
Cumhdaítear leis an tSaoráid Eorpach Síochána freisin na costais choiteanna a bhaineann le misean cúnaimh mhíleata an Aontais chuig an Úcráin (EUMAM Ukraine) agus an dá bheart cúnaimh ghaolmhara chun an trealamh is gá don oiliúint a sholáthar.
D’éirigh leis an tSaoráid Eorpach Síochána freisin ioncam dar luach €3.4 billiún ó shócmhainní blocáilte na Rúise a dhíriú ar thacaíocht mhíleata don Úcráin.
Thacaigh an Iorua le hiarrachtaí an Aontais faoin tSaoráid Eorpach Síochána le ranníocaíocht NOK 250 milliún (thart ar €22 mhilliún).
An Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin
An 8 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle an clár um an tionscal cosanta Eorpach lena dtacaítear, i measc nithe eile, le tionscal cosanta na hÚcráine trí ionstraim thiomnaithe (an Ionstraim thacaíochta don Úcráin). Leis an ionstraim nua seo, déanfar an méid seo a leanas:
- soláthar comhoibríoch leis an Úcráin a dhreasú
- maoiniú a chur ar fáil chun acmhainneachtaí monaraíochta tionsclaíche cosanta chuideachtaí na hÚcráine a mhéadú
Tabharfar imchlúdach airgeadais de €300 milliún don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.
An Ciste Eorpach Cosanta
An 18 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle rialacha nua lena gcuirtear ar chumas na hÚcráine, i measc nithe eile, bheith bainteach leis an gCiste Eorpach Cosanta, agus ar an gcaoi sin deiseanna nua a chruthú d’eintitis na hÚcráine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhoibríocha taighde agus forbartha cosanta an Aontais amach anseo.
An clár um an tionscal cosanta Eorpach
Oiliúint do shaighdiúirí na hÚcráine
An 15 Samhain 2022, sheol an Aontas misean cúnaimh mhíleata mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) ar feadh tréimhse thosaigh a mhair 2 bhliain ar dtús. An 8 Samhain 2024, chinn an Chomhairle síneadh 2 bhliain bhreise a chur leis an misean, go dtí an 15 Samhain 2026.
Is é is aidhm don mhisean rannchuidiú le feabhas a chur ar chumas míleata fhórsaí armtha na hÚcráine oibríochtaí a sheoladh, chun go mbeidh an Úcráin in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta
- a ceannasacht a fheidhmiú
- sibhialtaigh a chosaint
Oibríonn EUMAM Ukraine go dlúth le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis.
Déantar gníomhaíochtaí misin ar chríoch an Aontais. Go dtí seo, tá módúil thraenála agus pearsanra curtha ar fáil ag 24 Bhallstát agus oiliúint curtha ar os cionn 95 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine faoin misean ó seoladh é.
Éascaítear an oiliúint trí threalamh a sholáthar d’fhórsaí armtha na hÚcráine, trealamh a chistítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.
Go dtí seo, is é €610 milliún méid na tacaíochta airgeadais a tugadh do EUMAM Ukraine faoin tSaoráid Eorpach Síochána: €435 mhilliún le haghaidh chostas na hoiliúna (costais choiteanna) agus €175 mhilliún chun trealamh oiliúna a sholáthar.
Ina theannta sin, thacaigh an Iorua leis an misean le ranníocaíocht 150 milliún kroner (thart ar €14 mhilliún).
- Misean cúnaimh mhíleata an Aontais mar thaca leis an Úcráin (suíomh gréasáin)
- An Úcráin: síneadh 2 bhliain curtha ag an gComhairle le sainordú mhisean cúnaimh mhíleata an Aontais (preaseisiúint, an 8 Samhain 2024)
- An tSaoráid Eorpach Síochána: cead tugtha ag an gComhairle cistiú breise a chur ar fáil d’oiliúint fhórsaí armtha na hÚcráine faoi EUMAM Ukraine (preaseisiúint, an 28 Samhain 2023)
Armlón agus diúracáin
I mí an Mhárta 2023, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le plean trí rian chun dlús a chur le seachadadh agus soláthar comhpháirteach armlóin agus diúracán don Úcráin. Maoinítear an chéad dá rian, dar luach €1 bhilliún an ceann, faoin tSaoráid Eorpach Síochána.
Leis an gcéad rian, a glacadh an 13 Aibreán 2023, ceadaítear don Aontas aisíocaíocht a dhéanamh leis na Ballstáit as armlón a deonaíodh don Úcráin ó stoic atá ann cheana nó ó athbheartú tosaíochtaí i leith orduithe atá ann cheana.
Leis an dara rian, a glacadh an 5 Bealtaine 2023, tacaítear le soláthar comhpháirteach armlóin agus diúracán ó oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe san Aontas nó san Iorua.
Is é an Rialachán maidir le tacú le táirgeadh armlóin, a glacadh an 20 Iúil 2023, an tríú rian. Leis an rialachán seo, slógtar €500 milliún ó bhuiséad an Aontais chun tacú le dlús a chur leis an acmhainneacht monaraíochta maidir le táirgeadh armlón talamh go talamh, armlóin airtléire agus diúracán.
- Armlón don Úcráin: tacaíocht €1 bhilliún faoin tSaoráid Eorpach Síochána comhaontaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 13 Aibreán 2023)
- Soláthar comhpháirteach an Aontais maidir le harmlón agus diúracáin don Úcráin: tacaíocht €1 bhilliún faoin tSaoráid Eorpach Síochána comhaontaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 5 Bealtaine 2023)
- Rialachán maidir le tacú le táirgeadh armlóin (Iris Oifigiúil an Aontais)
Gealltanais chomhpháirteacha slándála idir an tAontas agus an Úcráin
An 27 Meitheamh 2024, shínigh an tAontas agus an Úcráin gealltanais chomhpháirteacha slándála.
Ag cur leis an tacaíocht atá ann cheana, áirítear ar ghealltanais slándála an Aontais tacaíocht intuartha, fhadtéarmach agus inbhuanaithe do shlándáil agus do chosaint na hÚcráine, lena n-áirítear trí mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta, chomh maith le gealltanais slándála níos leithne. Cuideoidh na gealltanais sin leis an Úcráin í féin a chosaint, cur in aghaidh iarrachtaí díchobhsaithe agus gníomhartha foghacha a dhíspreagadh amach anseo.
Gheall an Úcráin go leanfadh sí d’athchóirithe a dhéanamh, lena n-áirítear i gcomhréir lena conair i dtreo an Aontais Eorpaigh. Leanfaidh an Úcráin freisin de bhearta trédhearcachta agus cuntasachta a neartú agus de rannchuidiú le slándáil an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát.
Bearta eile de chuid an Aontais chun tacú leis an Úcráin
Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi chúnamh an Aontais don Úcráin.
Féach freisin
Cogadh na Rúise ar an Úcráin
Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin
An tSaoráid Eorpach Síochána
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Lúnasa 2026