Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise: ceisteanna agus freagraí
Faigh na freagraí uile ar do cheisteanna maidir leis na smachtbhannaí a ghlac an tAontas Eorpach mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Cad iad na smachtbhannaí atá glactha ag an Aontas go dtí seo?
Ó thosaigh ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, tá smachtbhannaí ollmhóra nach bhfacthas a leithéid riamh forchurtha ag an Aontas i gcoinne na Rúise.
Tá na bearta sin de bhreis ar na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis ó 2014 i leith tar éis ionghabháil na Crimé agus mar nár cuireadh comhaontuithe Mhionsc chun feidhme.
Áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha, smachtbhannaí aonair, bearta taidhleoireachta agus bearta víosaí sna bearta sin.
Ceaptar na bearta chun cuspóir beartais an Aontais maidir le deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a bhaint amach, tríd an mbrú ar an Rúis a mhéadú agus trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun cumas na Rúise a cogadh foghach neamhdhleathach a fhearadh a laghdú.
Déantar grinnmhachnamh agus smachtbhannaí an Aontais á spriocdhíriú, agus ceaptar iad lena bheith comhréireach agus sealadach. Ciallaíonn sé sin go ndéantar athbhreithniú rialta orthu, agus gur féidir leis an Aontas cur leo, iad a mhaolú nó deireadh a chur leo má bhaintear amach cuspóirí an Aontais, nó má dhéantar céimeanna nithiúla i dtreo na cuspóirí sin a bhaint amach.
Tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas freisin i gcoinne na Bealarúise, na hIaráine agus na Cóiré Thuaidh mar fhreagairt ar an tacaíocht atá á tabhairt acu don Rúis san fhogha míleata faoin Úcráin.
Ina theannta sin, tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar dhaoine aonair agus ar eintitis i bhfianaise bhagairtí hibrideacha na Rúise agus an mheatha leanúnaigh ar staid chearta an duine sa tír, agus go háirithe mar gheall ar bhás Alexei Navalny.
Cé air a bhfuil na smachtbhannaí á bhforchur?
Tá feidhm ag bearta sriantacha an Aontais i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin maidir le beagnach 3 000 duine aonair agus eintiteas. I measc na ndaoine aonair ar ar cuireadh smachtbhannaí tá:
- Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin
- Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergey Lavrov
- iarUachtarán na hÚcráine, Viktor Yanukovych
- Roman Abramovich
- comhaltaí Dhúma Stát na Rúise (teach íochtarach na parlaiminte)
- comhaltaí den Chomhairle Slándála Náisiúnta
- comhaltaí de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise
- airí, gobharnóirí, polaiteoirí áitiúla, mar shampla méara Mhoscó
- ardoifigigh agus pearsanra míleata
- ceannairí Ghrúpa Wagner
- lucht gnó mór le rá agus olagarcaí
- bolscairí ar son na Creimile agus i gcoinne na hÚcráine
Ar an liosta freisin (ar féidir nach liosta iomlán é) tá daoine aonair atá freagrach as na nithe seo a leanas nó a bhfuil baint acu leo:
- na ‘reifrinn’, mar a ghairtear díobh, in 2022 agus na ‘toghcháin’ in 2023 i gcríocha na hÚcráine
- na hainghníomhartha a rinneadh in Bucha agus in Mariupol
- na hionsaithe diúracán ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar criticiúil
- leanaí ón Úcráin a dhíbirt agus a uchtú go héigeantach
- athoideachas míleata a chur ar leanaí na hÚcráine
- amhais ón tSiria a earcú chun dul i mbun troda san Úcráin
- ladrainn a mhonarú agus a sholáthar
- teacht timpeall ar smachtbhannaí
- oibriú scáthchabhlach na Rúise
- oidhreacht chultúrtha na hÚcráine a chreachadh
Áirítear daoine aonair ón Iaráin, ón mBealarúis agus ó Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) ar an liosta freisin.
Ar liosta na n-eintiteas (ar féidir nach liosta iomlán é) tá na heintitis a leanas:
- páirtithe polaitiúla
- fórsaí armtha agus grúpaí paraimíleata, an Grúpa Wagner san áireamh
- bainc agus institiúidí airgeadais
- eagraíochtaí meán atá freagrach as bolscaireacht agus bréagaisnéis
- cuideachtaí in earnáil na cosanta agus a bhfuil baint acu le monarú ladrann
- cuideachtaí sna hearnálacha iompair agus fuinnimh
- cuideachtaí in earnálacha na heitlíochta, na longthógála agus na tógála meaisín
- cuideachtaí sna hearnálacha TF, teileachumarsáide, agus árachais
- cuideachtaí a bhfuil baint acu le teacht timpeall ar smachtbhannaí
- comhlachtaí a bhfuil nasc acu le scáthchabhlach na Rúise
- PJSC Alrosa, an chuideachta mianadóireachta diamant is mó ar domhan
- an ghluaiseacht ‘All-Russia People’s Front’
- eagraíochtaí atá freagrach as comhshamhlú éigeantach leanaí ón Úcráin
Tá cuideachtaí ó thríú tíortha faoi réir smachtbhannaí freisin i bhfianaise a dtacaíochta do chogadh na Rúise.
Toirmisc thaistil agus reo sócmhainní atá sna smachtbhannaí ar dhaoine aonair. Reo sócmhainní atá sna smachtbhannaí ar eintitis.
Le toirmisc thaistil, cuirtear cosc ar dhaoine aonair liostaithe dul isteach, ar tír, ar muir nó san aer, i gcríoch an Aontais, nó a bheith ar idirthuras ar chríoch an Aontais. Ciallaíonn reo sócmhainní go reofar gach cuntas bainc san Aontas ar le duine nó eintiteas liostaithe é. Toirmisctear freisin aon chistí nó sócmhainní a chur ar fáil dóibh go díreach nó go hindíreach.
Conas atá srian á chur le trádáil an Aontais leis an Rúis?
Mar chuid de na smachtbhannaí eacnamaíocha, tá roinnt srianta ar allmhairiú agus onnmhairiú forchurtha ag an Aontas ar an Rúis. Ciallaíonn sé sin nach féidir le heintitis Eorpacha táirgí áirithe a dhíol leis an Rúis (de bharr srianta ar allmhairiú) agus nach féidir le heintitis Rúiseacha táirigí áirithe a dhíol leis an Aontas (de bharr srianta ar onnmhairiú).
Tá liosta na dtáirgí toirmiscthe ceaptha chun tionchar díobhálach na smachtbhannaí ar gheilleagar na Rúise a uasmhéadú, agus teorainn á cur leis na hiarmhairtí do ghnólachtaí agus saoránaigh an Aontais ag an am céanna. Ní áirítear leis na srianta ar onnmhairiú ná ar allmhairiú táirgí a ceapadh lena gcaitheamh agus táirgí a bhaineann leis an tsláinte, an chógaisíocht, cúrsaí bia agus cúrsaí talmhaíochta, ionas nach gcuirfí pobal na Rúise i mbaol.
De réir an Choimisiúin Eorpaigh, ó mhí Feabhra 2022, tá toirmeasc curtha ag an Aontas ar os cionn €48 mbilliún dʼearraí agus teicneolaíochtaí a onnmhairítí chuig an Rúis agus ar €91.2 billiún dʼearraí a allmhairítí ón Rúis. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear trádbhac ar 54% d’onnmhairí agus ar 58% d’allmhairí, i gcomparáid le méideanna na n-onnmhairí agus na n-allmhairí in 2021.
Is iad údaráis chustaim an Aontais a chuireann na toirmisc chun feidhme.
Ghlac an tAontas, i gcomhar leis na comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, ráiteas ina bhforchoimeádtar an ceart gan bheith ag caitheamh leis an Rúis mar náisiún barrfhabhair faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). Chinn an tAontas nach trí dhleachtanna ar allmhairí a mhéadú a ghníomhódh sí ina leith sin, ach trí shraith beart sriantach a bhunú lena bhfuil toirmisc ar earraí áirithe a allmhairiú nó a onnmhairiú san áireamh. Tá an tAontas agus a chomhpháirtithe tar éis an obair go léir a bhaineann le haontachas na Bealarúise leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chur ar fionraí freisin.
Ó mhí na Nollag 2023, tá toirmeasc ar dhiamaint Rúiseacha mar chuid d’iarracht G7 toirmeasc diamant, atá comhordaithe go hidirnáisiúnta, a fhorbairt, darb aidhm an fhoinse thábhachtach ioncaim sin a bhaint den Rúis.
Thairis sin, thug an Chomhairle isteach liosta eintiteas a thacaíonn go díreach le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise. Tá eintitis ar an liosta seo faoi réir srianta onnmhairiúcháin níos déine maidir le hearraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide.
Cad iad na hearraí nach féidir a onnmhairiú chuig an Rúis ón Aontas?
Ar na hearraí ar ar cuireadh trádbhac tá:
- teicneolaíocht cheannródaíoch (e.g. ríomhairí candamacha agus ard-leathsheoltóirí, comhpháirteanna leictreonacha agus bogearraí)
- earraí sonracha agus teicneolaíocht shonrach is gá chun ola a scagadh
- trealamh, teicneolaíocht agus seirbhísí i dtaca leis an tionscal fuinnimh
- earraí agus teicneolaíocht i dtaca leis an tionscal eitlíochta agus spáis (e.g. aerárthaí, innill aerárthaí, páirteanna spártha agus gach cineál trealaimh d’eitleáin agus héileacaptair, agus breosla eitlíochta)
- earraí loingseoireachta muirí agus teicneolaíocht cumarsáide raidió
- roinnt earraí dé-úsáide (earraí a d’fhéadfaí a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon), mar shampla innill ladrann agus bogearraí le haghaidh ladrann nó gléasanna criptiúcháin
- só-earraí (e.g. gluaisteáin sóchais, uaireadóirí agus seodra)
- airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál, airm thine shibhialtacha agus a bpáirteanna san áireamh
- ceimiceáin, gineadóirí agus teirmeastait
- comhpháirteanna TF, leictreonacha agus optúla
- ceamaraí, lionsaí, ladrainn bhréige, ríomhairí glúine agus tiomántáin chrua
- earraí eile a d’fhéadfadh acmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise a fheabhsú
Cad iad na hearraí nach féidir a allmhairiú ón Rúis chuig an Aontas?
Ar na hearraí ar ar cuireadh trádbhac tá:
- amhola agus táirgí peitriliam scagtha
- gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gás peitriliam leachtaithe (GPL)
- gual agus breoslaí iontaise soladacha eile
- cruach, iarann, muciarann, alúmanam agus miotail eile
- sreang, feadáin agus scragall copair agus alúmanaim
- stroighin, biotúman agus asfalt
- adhmad, páipéar rubar sintéiseach, agus plaistigh
- héiliam agus ceimiceáin eile
- bia mara, biotáille, toitíní agus cosmaidí
- diamaint agus ór, seodra san áireamh
- earraí eile a chuireann le feabhas a chur ar chumais na Rúise
A mhéid a bhaineann le diamaint, tá feidhm ag an toirmeasc maidir leis an méid seo a leanas:
- diamaint de thionscnamh na Rúise
- diamaint arna n-onnmhairiú ón Rúis
- diamaint ar idirthuras sa Rúis
- diamaint de thionscnamh na Rúise próiseáilte i dtíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad
Cad atá i gceist go praiticiúil leis an toirmeasc ar ola?
I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Chomhairle an séú pacáiste smachtbhannaí lena gcuirtear toirmeasc, i measc nithe eile, ar amhola mhuiriompartha agus ar tháirgí áirithe peitriliam a cheannach ón Rúis nó na hearraí sin a allmhairiú agus a aistriú ón Rúis chuig an Aontas. Tá feidhm ag na srianta ón 5 Nollaig 2022 le haghaidh amhola agus ón 5 Feabhra 2023 le haghaidh táirgí peitriliam scagtha eile.
Maidir leis na Ballstáit siúd den Aontas atá i ngreim ag an sainspleáchas atá acu ar sholáthairtí ón Rúis, iad siúd atá gan rogha mhalartach inmharthana agus an staid gheografach mar a bhfuil, tá díolúine shealadach ann i gcás na hamhola a allmhairítear trí phíblínte. Tháinig deireadh le díolúine na píblíne i gcás na Polainne agus na Gearmáine an 23 Meitheamh 2023, agus, i gcás na Seicia, an 1 Iúil 2025.
Tá tionchar mór ag an toirmeasc ar ola, ós rud é gur chuig an Aontas a théann thart ar leath d’onnmhairí iomlána ola na Rúise.
Clúdaíonn an toirmeasc 90% de na hallmhairí ola a thagann chuig an Aontas ón Rúis. Is buille trom, a ngabhann tionchar struchtúrach leis, don Rúis é cailliúint an mhargaidh cheannródaíoch bhrabúsaigh mar go bhfuil a buiséad ag brath go mór ar an ioncam ola sin.
Conas a oibríonn an chaidhp phraghais ar ola?
Tá díolúine tugtha isteach ag an Aontas ón toirmeasc ar tháirgí ola agus peitriliam de chuid na Rúise a iompar ar muir chuig tríú tíortha agus ón toirmeasc ar sheirbhísí gaolmhara a sholáthar, nuair a cheannaítear na hearraí sin ag an gcaidhp phraghais nó faoina bun.
Tá feidhm ag na caidhpeanna praghais maidir le hamhola mhuiriompartha, olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairítear ón Rúis. Tá na caidhpeanna praghais atá ann faoi láthair socraithe ag:
- $47.6 in aghaidh an bhairille le haghaidh amhola
- $45 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam lascainithe
- $100 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam préimhe
Bhunaigh tíortha an Aontais leibhéal na gcaidhpeanna i ndlúthchomhar le Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais. Tá feidhm ag na caidhpeanna ón 5 Nollaig 2022 i gcás amhola agus ón 5 Feabhra 2023 i gcás táirgí peitriliam. Cé gur $60 an bharaille luach an chaidhp praghais tosaigh, i mí Iúil 2025, chinn an tAontas é a ísliú go $47.6 an bharaille.
Féadfar na luachanna reatha a leasú amach anseo chun forbairtí sa mhargadh agus athruithe teicniúla a léiriú.
Leis an gcinneadh sin, cuirtear teorainn le géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh agus laghdaítear go mór an t-ioncam atá á ghiniúint ag an Rúis ón ola ó d’fhear sí cogadh foghach mídhleathach ar an Úcráin. Déanann an chaidhp na praghsanna fuinnimh domhanda a chobhsú agus iarmhairtí díobhálacha ar an soláthar fuinnimh chuig tíortha eile a mhaolú ag an am céanna.
Ó thug an tAontas isteach an caidhp praghais agus smachtbhannaí eile a bhfuil baint acu le fuinneamh, tá titim beagnach 80% tagtha ar ioncaim ola agus gáis na Rúise i gcomparáid le roimh an gcogadh.
Sos an choigeartaithe uathoibríoch
Tar éis ghlacadh an 21ú pacáiste smachtbhannaí an 23 Iúil 2026, cuirtear an coigeartú uathoibríoch ar an sásra caidhpe praghais ola ar sos go dtí an 15 Iúil 2027. Déantar é sin chun a chinntiú go bhfanfaidh brabúis na Rúise ó dhíolacháin ola faoi smacht, in ainneoin staid eisceachtúil an mhargaidh mar gheall ar dhúnadh Chaolas Hormuz. Tá sé beartaithe athbhreithniú eatramhach a dhéanamh ar an bhfionraí, chun a chinntiú go bhfuil an sásra riachtanach agus comhréireach i gcónaí.
Cad iad na seirbhísí de chuid an Aontais a bhfuil cosc ar a soláthar don Rúis?
Chun dochar a dhéanamh do gheilleagar na Rúise, ar geilleagar é a bhíonn ag brath go mór ar allmhairiú seirbhísí ó chuideachtaí Eorpacha, chuir an tAontas cosc ar sholáthar seirbhísí áirithe atá ábhartha ó thaobh gnó de do rialtas na Rúise nó d’aon duine dlítheanach, mar shampla cuideachtaí agus eintitis nó comhlachtaí eile, atá bunaithe sa Rúis.
Baineann an toirmeasc leis na seirbhísí seo a leanas don Rúis nó do dhaoine Rúiseacha:
- tiachóga, cuntais nó cumhdaigh cripteashócmhainní
- cuntasaíocht, iniúchóireacht, leabharchoimeád agus comhairliúchán cánach
- seirbhísí tógála, ailtireachta agus innealtóireachta
- Cibearshlándáil, seirbhísí comhairliúcháin TF agus comhairleoireacht dhlíthiúil
- seirbhísí fógraíochta, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna
- cúnamh teicniúil, cúnamh bróicéireachta agus cúnamh airgeadais a chur ar fáil (i ndáil le muiriompar ola Rúiseach)
- cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála (a bhaineann le hearraí agus teicneolaíocht a chumhdaítear faoi smachtbhannaí eile)
- bogearraí le haghaidh bainistiú fiontar
- bogearraí le haghaidh dearadh tionsclaíoch agus monarú tionsclaíoch
- Bogearraí d’úsáidí áirithe san earnáil baincéireachta agus airgeadais
- cothabháil tancaeir GNL agus bristeoirí oighir na Rúise
Ina theannta sin, ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 ar aghaidh, tá réamhúdarú le haghaidh na seirbhísí uile a sholáthraítear do rialtas na Rúise éigeantach.
De réir an Choimisiúin Eorpaigh, is é €3.28 billiún (16% d’onnmhairí an Aontais roimh an ionradh) luach iomlán na srianta ar onnmhairiú seirbhísí gnó.
Cad iad na smachtbhannaí atá curtha ar an iompar?
Iompar de bhóthar
Chuir an tAontas toirmeasc ar oibreoirí iompair de bhóthar, leantóirí agus leathleantóirí na Rúise agus na Bealarúise earraí a iompar isteach san Aontas, earraí faoi bhealach san áireamh.
Is é is aidhm don toirmeasc sin srian a chur le hacmhainneacht thionscal na Rúise príomhearraí a fháil agus cur isteach ar an trádáil de bhóthar chuig an Rúis agus ón Rúis araon. Mar sin féin, is féidir le tíortha an Aontais maoluithe a thabhairt don mhéid seo a leanas:
- iompar táirgí fuinnimh, cógaisíochta, leighis, talmhaíochta agus bia
- iompar chun críoch cabhair dhaonnúil
- iompar a bhaineann le feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalachta an Aontais agus Bhallstáit an Aontais sa Rúis, nó le feidhmiú eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta
- earraí cultúrtha atá ar iasacht i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an Rúis a aistriú nó a onnmhairiú chuig an Rúis
- gluaisteáin a bhfuil uimhirphláta feithicle taidhleoireachta acu le teacht isteach san Aontas nó a úsáidtear chun críoch daonnúil
- gluaisteáin ar le saoránaigh de chuid an Aontais atá ina gcónaí sa Rúis iad agus na saoránaigh sin ar a mbealach isteach san Aontas
Ní dhéanann an cosc difear do sheirbhísí poist ná d’earraí faoi bhealach idir réigiún Kaliningrad agus an Rúis.
An earnáil eitlíochta
Tá toirmeasc curtha ag an Aontas ar iompróirí Rúiseacha de gach cineál rochtain a fháil ar aerfoirt an Aontais agus eitilt thar aerspás an Aontais. Fágann sin nach féidir le heitleáin atá cláraithe sa Rúis nó in aon áit eile agus atá ar léas nó ar cíos ag saoránach nó eintiteas Rúiseach tuirlingt ag aon aerfort san Aontas ná eitilt os cionn Bhallstáit an Aontais. Tá aerárthaí príobháideacha e.g. scairdeitleáin ghnó phríobháideacha, san áireamh sa toirmeasc sin.
Ina theannta sin, chuir an tAontas toirmeasc ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíocht ó thionscail na heitlíochta agus an spáis chuig an Rúis. Fágann sin nach féidir le haerlínte Rúiseacha aon aerárthach, aon pháirteanna spártha, ná aon trealamh a cheannach dá gcabhlach ná deisiú ná cigireachtaí teicniúla riachtanach a dhéanamh.
Tá toirmeasc freisin ar sheirbhísí árachais, seirbhísí cothabhála agus cúnamh teicniúil a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin.
Ós rud é gur san Aontas, sna Stáit Aontaithe nó i gCeanada a táirgeadh trí cheathrú de chabhlach tráchtála reatha na Rúise, is é is dócha gurb é an toradh a bheidh ar an toirmeasc go bhfágfar fuireach talún ar sciar nach beag de chabhlach eitlíochta sibhialta na Rúise, go fiú eitiltí intíre.
Muiriompar
Tá an tAontas tar éis a chalafoirt a dhúnadh ar chabhlach trádála iomlán na Rúise ina bhfuil breis agus 2 800 soitheach. Mar sin féin, ní dhéanann an beart difear do shoithí a iompraíonn táirgí fuinnimh, cógaisíochta, leighis, talmhaíochta agus bia, cabhair dhaonnúil, gual, breosla núicléach ná aon earraí eile atá riachtanach d’fheidhmiú cumas núicléach sibhialta.
Ní dhéanann an beart difear ach oiread do shoithí ar a bhfuil cúnamh de dhíth agus áit dídine á lorg acu, ná do shoithí atá ag tabhairt cuairt éigeandála ar chalafort ar chúiseanna sábháilteachta muirí nó ar chúiseanna tarrthála ar muir.
Tá feidhm ag an toirmeasc maidir leis na soithí seo a leanas freisin:
- soithí a dhéanann iarracht smachtbhannaí a sheachaint trína mbratach Rúiseach nó a gclárú Rúiseach a athrú go bratach nó clárú stáit eile
- Scáthchabhlach na Rúise
- soithí atá freagrach as trealamh míleata a iompar don Rúis nó grán Úcránach a goideadh
- soithí atá ag gabháil d’aistrithe ó long go long agus a bhfuil amhras ann go bhfuil na smachtbhannaí á sárú acu
- soithí a bhfuil amhras fúthu go gcuireann siad isteach go neamhdhleathach ar a gcóras aitheantais uathoibríoch longiompartha nó go ndéanann siad é a dhíchumasú agus ola na Rúise á hiompar acu
Is féidir le húdaráis chalafoirt iarracht ar athrú brataí nó iarracht ar chlárúchán a athrú a shainaithint trí uimhir IMO an tsoithigh a sheiceáil (an uimhir chéannachta uathúil a shanntar thar ceann na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta).
Tá toirmeasc curtha ag an Aontas ar mhuiriompar amhola (ón 5 Nollaig 2022) agus táirgí peitriliam (ón 5 Feabhra 2023) de chuid na Rúise a iompar chuig tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad. Chuir sé toirmeasc freisin ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh airgeadais gaolmhar a chur ar fáil.
Níl feidhm ag an toirmeasc sin má cheannaítear táirgí amhola nó peitriliam de réir na caidhpe praghais ar ola nó faoina bun.
An bhfuil toirmeasc ar idirbhearta le bainc Rúiseacha?
Tá toirmeasc iomlán i bhfeidhm ar idirbhearta le Banc Ceannais na Rúise, le Banc Forbartha Réigiúnaí na Rúise agus le Banc Ceannais na Bealarúise ó thús chogadh na Rúise ar an Úcráin.
D’fhorchuir an tAontas toirmeasc SWIFT ar roinnt bainc Rúiseacha agus Bhealarúiseacha eile freisin idir 2022 agus 2025. Is seirbhís ghasta teachtaireachtaí é SWIFT a éascaíonn malartuithe faisnéise idir bainc agus institiúidí airgeadais eile go mór. De thoradh an toirmisc, ní féidir leis na bainc lena mbaineann airgeadra eachtrach a fháil ná sócmhainní a aistriú thar lear.
I mí Iúil 2025, chinn an tAontas an toirmeasc SWIFT a bhí ann cheana a leathnú chuig toirmeasc iomlán ar idirbhearta. Ciallaíonn sé sin nach bhféadfaidh aon oibreoir de chuid an Aontais aon idirbheart a dhéanamh, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, leis na bainc atá liostaithe. Ina dhiaidh sin, leathnaigh an tAontas an toirmeasc ar idirbhearta chuig oibreoirí airgeadais tríú tír, ina measc sin soláthraithe criptea-shócmhainní a chuidíonn le teacht timpeall ar smachtbhannaí, a thacaíonn le cogadh na Rúise, nó atá nasctha le seirbhís teachtaireachtaí airgeadais na Rúise.
Tá feidhm ag an toirmeasc sin faoi láthair maidir le níos mó ná 100 banc de chuid na Rúise, chomh maith le bainc áirithe sa Bhealarúis agus i dtíortha eile nach tíortha de chuid an Aontais iad.
Córas chun Teachtaireachtaí Airgeadais a Aistriú
Ó mhí an Mheithimh 2024 i leith, chuir an tAontas cosc ar úsáid an ‘Córas um Aistriú Teachtaireachtaí Airgeadais’ (SPFS, as Béarla ‘System for Transfer of Financial Messages’), ar sainseirbhís teachtaireachtaí airgeadais é a d’fhorbair Banc Ceannais na Rúise chun éifeacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm cheana a neodrú.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil toirmeasc ar eintitis de chuid an Aontais a oibríonn lasmuigh den Rúis nascadh le SPFS nó le seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais coibhéiseacha. Thairis sin, tá toirmeasc curtha ag an Aontas ar institiúidí creidmheasa nó airgeadais atá bunaithe lasmuigh den Rúis agus a úsáideann SPFS.
Cén chaoi a n-úsáidtear sócmhainní blocáilte na Rúise?
I mí Feabhra 2022, mar chuid dá thríú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, chuir an tAontas Eorpach cosc ar gach idirbheart a bhaineann le cúlchistí agus sócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise a bhainistiú.
Mar thoradh air sin, blocáladh sócmhainní agus cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise atá i seilbh banc ceannais agus institiúidí airgeadais san Aontas.
An 21 Bealtaine 2024, chuir an Chomhairle an creat dlíthiúil in oiriúint chun a chinntiú gur féidir an t-ioncam urghnách a ghintear ó bhlocáil shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin, lena téarnamh agus lena hatógáil, chomh maith lena cumas í féin a chosaint ar fhogha na Rúise.
Mar gheall ar bhlocáil shócmhainní agus chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise, carnann iarmhéideanna airgid urghnácha ar chláir chomhardaithe na dtaisclann lárnach urrús (CSDanna), rud a mbíonn ioncam urghnách mar thoradh air. Faoi na rialacha is infheidhme, ní gá an t-ioncam sin a chur ar fáil do Bhainc Ceannais na Rúise, fiú tar éis deireadh a chur leis an mblocáil.
Foráiltear le rialacha an Aontais gurb iad na taisclanna lárnacha urrús a bhfuil cúlchistí agus sócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise ina seilbh acu ar mó a luach iomlán ná €1 mhilliún agus na taisclanna sin amháin a chaithfidh na hioncaim urghnácha atá ag carnadh mar thoradh ar an mblocáil a chur i leataobh.
Ó bhí 2024 ann, tá cúig cinn d’íocaíochtaí faighte ag an Aontas in ioncam urghnách a tháinig as blocáil shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise. Úsáideadh 90 % den chéad dá íocaíocht chun tacú leis an Úcráin tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, agus 10 % tríd an tSaoráid don Úcráin.
Tá córas nua dáileacháin cuótaí i bhfeidhm ó rinneadh an tríú híocaíocht. Foráiltear le rialacha an Aontais a glacadh an 25 Deireadh Fómhair 2024 go leithdháilfear 95% den ioncam a thagann as sócmhainní blocáilte na Rúise ar bhuiséad an Aontais agus go gcuirfear é ar fáil tríd an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin, ionstraim a chruthaigh an tAontas chun cabhrú leis an Úcráin iasachtaí ón Aontas agus ón G7 dar luach thart ar €45 bhilliún a aisíoc. Leithdháiltear an 5% eile ar an tSaoráid Eorpach Síochána.
An 12 Nollaig 2025, chinn an Chomhairle toirmeasc a chur, ar bhonn sealadach, ar aon aistriú ar shócmhainní blocáilte de chuid Bhanc Ceannais na Rúise atá san Aontas ar ais chuig an Rúis.
Cén fáth ar chuir an tAontas toirmeasc ar roinnt meán?
Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta maidir le bréagaisnéis, ionramháil faisnéise agus saobhadh fíricí chun cur leis an straitéis atá aici a tíortha comharsanacha mar aon leis an Aontas agus a Bhallstáit a dhíchobhsú.
Chun gníomhú ina choinne sin, chuir an tAontas ar fionraí gníomhaíochtaí agus ceadúnais chraoltóireachta 27 eagraíocht bhréagaisnéise dá dtugann an Chreimil tacaíocht:
- EADailly/Eurasia Daily
- Fondsk
- Izvestia
- Katehon
- Krasnaya Zvezda/Tvzvezda
- Lenta
- New Eastern Outlook
- NewsFront
- NTV/NTV Mir
- Oriental Review
- Pervyi Kanal
- REN TV
- RIA Novosti
- RuBaltic
- Russia Today agus a fhochuideachtaí
- Rossiya RTR/RTR Planeta
- Rossiya 24/An Rúis 24
- Rossiya 1
- Rossiyskaya Gazeta
- SouthFront
- Spas TV Channel
- Sputnik agus a fhochuideachtaí
- Strategic Culture Foundation
- Tsargrad TV Channel
- TV Centre International
- Voice of Europe
Baineann an Rúis úsáid as na heagraíochtaí sin chun bolscaireacht a scaipeadh d’aon ghnó agus feachtais bhréagaisnéise a sheoladh, bréagaisnéis faoin bhfogha míleata atá á thabhairt faoin Úcráin san áireamh.
Cumhdaítear leis an toirmeasc gach modh tarchuir agus dáileacháin i mBallstáit an Aontais nó atá dírithe orthu, lena n-áirítear cábla, satailít, Prótacal Idirlín Teilifíse, ardáin, suíomhanna gréasáin agus aipeanna.
I gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, ní chuirfidh na bearta sin cosc ar na heagraíochtaí meán sin ná ar a mbaill foirne gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí craolacháin iad a dhéanamh san Aontas, e.g. taighde agus agallaimh.
Tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas freisin ar eagraíochtaí meán agus ar dhaoine aonair atá freagrach as bolscaireacht agus bréagaisnéis.
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar theacht timpeall ar smachtbhannaí?
I bhfianaise scála smachtbhannaí an Aontais, bhain spriocanna na Rúise úsáid as teicnící éagsúla chun teacht timpeall orthu, cuir i gcás scéimeanna casta airgeadais a úsáid, cineál nó tionscnamh na n-earraí a thrádáiltear a fhalsú nó brath ar dhlínsí tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad.
Tá roinnt beart déanta ag an Aontas chun an teacht timpeall a chomhrac, an méid a leanas ina measc:
- smachtbhannaí ar dhaoine aonair agus ar eintitis a bhfuil baint acu leis an teacht timpeall
- toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt an Aontais agus srianta ar raon leathan seirbhísí muirí a sholáthar do shoithí nach soithí de chuid an Aontais iad agus a bhfuil amhras fúthu go bhfuil smachtbhannaí an Aontais á sárú acu – teacht timpeall ar an gcaidhp phraghais ar ola san áireamh (scáthchabhlach na Rúise)
- srianta ar onnmhairiú earraí dé-úsáide agus ardteicneolaíochta do na céadta eintiteas, lena n-áirítear go leor atá lonnaithe lasmuigh den Rúis agus a thacaíonn go díreach le cogadh na Rúise
- toirmeasc ar idirthuras i leith earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide agus earraí láithreach catha a onnmhairítear ón Aontas chuig tíortha nach tíortha den Aontas iad trí chríoch na Rúise
- ceanglas go gcinnteoidh máthairchuideachtaí ón Aontas nach nglacfaidh a bhfochuideachtaí i dtíortha nach tíortha den Aontas iad páirt in aon ghníomhaíocht as a dtiocfadh toradh a bhféachann na smachtbhannaí lena chosc
- ceanglas go gcuirfidh oibreoirí ón Aontas sásraí díchill chuí chun feidhme maidir le hearraí láithreach catha a dhíol le tíortha nach tíortha den Aontas iad
- leathnú ar an toirmeasc ar idirbhearta chuig oibreoirí nach oibreoirí de chuid an Aontais iad, atá lonnaithe lasmuigh den Rúis agus a éascaíonn teacht timpeall ar shrianta a bhaineann le hola
Chun teorainn a chur le dul timpeall ar an toirmeasc ar sheirbhísí tiachóige cripteashócmhainní, seirbhísí cuntais nó seirbhísí cumhdaigh a sholáthar do dhaoine Rúiseacha agus do chónaitheoirí Rúiseacha, thug an tAontas toirmeasc isteach ar náisiúnaigh Rúiseacha nó ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis a bheith ina n-úinéirí ar na daoine dlíthiúla, na heintitis nó na comhlachtaí a sholáthraíonn na seirbhísí sin, nó iad a rialú, nó aon phost a bheith acu ar a gcomhlachtaí rialaithe. Tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas freisin lena ndírítear ar cripteasholáthraithe.
Ina theannta sin, tá fógraí ag teastáil anois le haghaidh aistrithe cistí ar mó iad ná €100 000 lasmuigh den Aontas ag aon eintiteas atá bunaithe san Aontas agus atá faoi úinéireacht nó faoi rialú na Rúise.
I mí na Nollag 2022, cheap an Coimisiún Eorpach David O’Sullivan ina thoscaire speisialta chun smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme. Is é an cúram atá ar an toscaire speisialta for-rochtain agus plé leanúnach ardleibhéil a chinntiú le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad ionas nach seachnófar smachtbhannaí i gcoinne na Rúise ná nach dtiocfar timpeall orthu agus chun a chinntiú nach gcuirfear earraí láithreach catha íogaire de thionscnamh na hEorpa chun na Rúise.
Cad é an clásal um eisiamh na Rúise?
Is clásal conarthach é an clásal um eisiamh na Rúise lena gcuirtear iallach orthu siúd a onnmhairíonn earraí íogaire ón Aontas (cuir i gcás ardteicneolaíocht, páirteanna eitlíochta, airm agus ítimí dé-úsáide) toirmeasc a chur ar a gceannaitheoirí i dtríú tíortha na hearraí sin a ath-onnmhairiú chuig an Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.
Leis an gclásal um eisiamh na Rúise, a tugadh isteach mar chuid de na bearta darb aidhm teacht timpeall a sheachaint, ceanglaítear ar dhíoltóirí clásail a áireamh lena ngabhann pionóis as sáruithe agus sásraí faireacháin, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur ar earraí áirithe ar a bhfuil cogadh na Rúise ag brath an Rúis a bhaint amach go hindíreach.
Cén chaoi a bhfuil an tAontas ag cur i gcoinne scáthchabhlach na Rúise?
Is é is scáthchabhlach na Rúise ann líonra mór rúnmhar de sheantancaeir ina n-iompraítear amhola na Rúise nó táirgí a dhéantar as amhola na Rúise agus iad ag teacht timpeall ar smachtbhannaí agus ar an gcaidhp phraghais ar ola. Cuireann gníomhaíocht na dtancaer sin ar chumas na Rúise ioncam ríthábhachtach a thuilleamh i gcónaí ar mhaithe lena geilleagar cogaidh.
Ar na hoirbhearta seachanta smachtbhannaí a úsáideann na soithí sin, tá córais rianaithe múchta, bratacha ‘bréagacha’ agus struchtúir úinéireachta chasta eile a úsáid lena gceiltear a sonraí sainaitheantais, a dtionscnamh agus a lastas. Sa bhreis ar theacht timpeall ar an gcaidhp phraghais ar ola, is féidir le scáthchabhlach na Rúise earraí eile a iompar freisin, trealamh míleata atá faoi smachtbhannaí nó grán a goideadh ón Úcráin, mar shampla.
Is sa 11ú agus sa 12ú pacáiste smachtbhannaí a ghlac an Chomhairle bearta den chéad uair chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí seachanta smachtbhannaí atá ann i ngeall ar scáthchabhlach Putin.
Sa 14ú pacáiste smachtbhannaí uaidh, a glacadh i mí an Mheithimh 2024, d’fhorchuir an tAontas toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt an Aontais agus ar sholáthar seirbhísí a bhaineann le muiriompar do shoithí de chuid scáthchabhlach na Rúise. Ón 23 Iúil 2026 ar aghaidh, tá os cionn 670 soitheach curtha ar an liosta sin ag an Aontas.
Ina theannta sin, tá toirmeasc tugtha isteach ag an Aontas ar idirbhearta le calafoirt, loic agus aerfoirt na Rúise a úsáidtear chun teacht timpeall ar an gcaidhp phraghais ar ola agus ar smachtbhannaí eile de chuid an Aontais, agus d’fhorchuir sé smachtbhannaí (reo sócmhainní agus toirmisc taistil) ar eintitis agus ar dhaoine aonair atá freagrach as scáthchabhlach na Rúise a oibriú nó a bhfuil baint acu leis sin.
Téann an toscaire speisialta maidir le cur chun feidhme smachtbhannaí an Aontais, a ceapadh i mí na Nollag 2022, i dteagmháil le stáit bhrataí ar tríú tíortha iad chun tathant orthu na smachtbhannaí a fhorfheidhmiú agus cosc a chur ar na tancaeir a liostaítear seoladh faoina mbratacha mar bhealach le teacht timpeall ar smachtbhannaí an Aontais.
Tá rioscaí tromchúiseacha ag baint leis an scáthchabhlach, lena n-áirítear damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol chomh maith le rioscaí don tsábháilteacht agus don tslándáil mhuirí, sláine na trádála idirnáisiúnta ar muir, bonneagar criticiúil faoin bhfarraige agus urraim do rialacha agus do chaighdeáin mhuirí idirnáisiúnta. Ghlac an Chomhairle dearbhú i ndáil leis sin i mí na Nollag 2025.
An mbeidh tionchar ag smachtbhannaí an Aontais ar thrádáil dhomhanda bia agus táirgí talmhaíochta?
Ní bheidh, níor dhírigh an tAontas smachtbhannaí ar an Rúis riamh i dtaca le trádáil idirnáisiúnta bia agus táirgí talmhaíochta. Níor bhain siad le honnmhairí táirgí talmhaíochta nó bia idir an Rúis agus an chuid eile den domhan agus níor chuir siad srian ar na honnmhairí sin, agus ní chumhdaíonn siad ach trádáil dhéthaobhach idir an tAontas agus an Rúis.
Is í an Rúis amháin atá freagrach as cur isteach ar an tslándáil bia ar fud an domhain. Sular thug an Rúis fogha faoin Úcráin, chuaigh 90% d’onnmhairí talmhaíochta na hÚcráine trí chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh. Nuair a thosaigh an cogadh, chuir an Rúis bac ar onnmhairí ón Úcráin.
Is príomhthosaíocht don Aontas agus dá Bhallstáit slándáil bia agus inacmhainneacht bia. Thacaigh an tAontas go comhsheasmhach le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar shlándáil dhomhanda an tsoláthair bia, mar shampla trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin agus trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe de chuid na Náisiún Aontaithe.
I mí Iúil 2023, chinn an Rúis go haontaobhach gan leanúint de Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe, a bunaíodh i mí Iúil 2022, a chuir i bhfeidhm.
An bhfuil an tAontas ag comhordú a chuid smachtbhannaí le comhpháirtithe eile?
Bíonn éifeacht níos mó ag smachtbhannaí ach lámh a bheith ag raon leathan comhpháirtithe idirnáisiúnta iontu. Rinne an tAontas dlúthchomhar le blianta beaga anuas leo siúd atá ar aon intinn leis chun na smachtbhannaí a chomhordú.
Tá an tAontas ag obair le Grúpa an Bhainc Dhomhanda, leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile chun cosc a chur ar an Rúis maoiniú a fháil ó na hinstitiúidí sin.
Chun an iarracht idirnáisiúnta sin a chomhordú, cuireann an Tascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise ar chumas an Aontais comhoibriú le tíortha G7 – Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe – agus leis an Astráil, lena chinntiú go gcuirtear na smachtbhannaí chun feidhme.
Cé go n-oibríonn an tAontas go dlúth le comhpháirtithe go leor, is ar a conlán féin a chinneann gach tír acu sin nach bhfuil san Aontas cad iad na smachtbhannaí a chuirfidh sí i bhfeidhm.
An gcuimsítear smachtbhannaí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta?
Cuimsítear. Tá smachtbhannaí uile an Aontais i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta, agus urraim á tabhairt san am céanna do chearta an duine agus do na saoirsí bunúsacha.
A luaithe a thagann Ballstáit an Aontais ar chomhaontú polaitiúil, ullmhaíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus/nó an Coimisiún Eorpach na gníomhartha dlíthiúla is gá agus cuirtear faoi bhráid na Comhairle iad lena nglacadh.
Ó tharla gur gníomhartha dlí a mbíonn feidhm ghinearálta acu rialacháin agus cinntí ón gComhairle, bíonn siad ina gceangal ar aon duine nó ar aon eintiteas dá bhfuil faoi dhlínse an Aontais. Is ionann sin agus aon duine nó aon eintiteas laistigh den Aontas, aon náisiúnach den Aontas in aon láthair, agus gach cuideachta agus gach eagraíocht a chorpraítear faoi dhlí Ballstáit de chuid an Aontais.
Féach freisin
Cogadh na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí an Aontais
Sáruithe ar chearta an duine sa Rúis: smachtbhannaí an Aontais
Gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise: smachtbhannaí an Aontais
- Na smachtbhannaí a glacadh tar éis don Rúis fogha míleata a thabhairt faoin Úcráin (an Coimisiún Eorpach)
- Bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Bealarúise
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh
- An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
- Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Lúnasa 2026