Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 20 Torthaí
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Tá sé de chumhacht ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais.

Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc
Is coir fhorleathan í mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhíonn faoi cheilt go minic. Tá an tAontas ag neartú a rialacha chun mí-úsáid ar líne agus as líne a chosc ar bhealach níos fearr, déantóirí coire a thabhairt os comhair na cúirte agus cosaint agus tacaíocht d’íospartaigh a fheabhsú.

Córais TF chun an choireacht a chomhrac agus teorainneacha an Aontais a dhaingniú
Ó cheann ceann an Aontais, tá faisnéis á roinnt le chéile ag na húdaráis ar chórais mhórscála TF ar mhaithe le cosaint na saoránach agus comhrac na coiriúlachta, agus teorainneacha slána a bheith againn.

EU drugs policy
The EU and its member states work together in a comprehensive and evidence-based way to reduce drug demand and related harm, protect public health and tackle drug trafficking and drug-related organised crime.

Comhrac an Aontais ar an gcoireacht eagraithe
Tá an gháinneáil ar dhaoine, an chibearchoireacht, an gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht chomhshaoil ar na bagairtí a dtugann an tAontas aghaidh orthu le EMPACT, an t-ardán ildisciplíneach atá aige chun gníomhaíochtaí i gcoinne na líonraí coireachta eagraithe is tromchúisí a chomhordú.

Smachtbhannaí i gcoinne na sceimhlitheoireachta
Tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí agus ar eintitis a bhfuil baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear ISIL/Da’esh, Al‑Qaeda, Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne.

Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh
Tá Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh freagrach as comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais agus straitéisí frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh.

An chaoi a n-oibríonn an córas dul isteach/imeachta
Leis an gcóras dul isteach/imeachta a seoladh an 12 Deireadh Fómhair 2025, déantar an clárú teorann do náisiúnaigh tríú tír a uathoibriú, na rialuithe a shimpliú agus an tslándáil a fheabhsú.
Ópóidigh: bagairt nua drugaí don Eoraip
Is dúshlán domhanda é an méadú ar mhonarú agus ar úsáid ópóideach sintéiseach a chothaíonn andúil an-chumhachtach. Tá an tAontas ag gníomhú chun an cruatan domhanda sin ar an tsochaí a mhaolú.

Mar a fhreagraíonn an tAontas ar ghéarchéimeanna agus mar a chuireann sé le hathléimneacht
Tá an tAontas ag obair i réimsí éagsúla chun gur fearr a bheidh sé in ann freagairt ar ghéarchéimeanna agus chun feabhas a chur ar a athléimneacht i leith dúshláin a bheidh ann amach anseo.
