An chaoi a n-oibríonn an córas dul isteach/imeachta
Cad atá i gceist leis an gcóras dul isteach/imeachta?
Is córas nua uile-Aontais um bainistiú digiteach teorainneacha é an córas dul isteach/imeachta (EES) lena ndéantar taifead ar dhul isteach agus ar imeacht náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha limistéar Schengen le haghaidh gearrfhanachtaí. Cuirtear seiceálacha bithmhéadracha tapa slána in ionad an tseanchórais a raibh stampáil pasanna de láimh i gceist leis.
Déanfar taistealaithe a chlárú gach uair a thrasnaíonn siad teorainneacha seachtracha limistéar Schengen (eadhon, tíortha uile an Aontais – seachas an Chipir agus Éire – mar aon leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin). Clárófar iad ag an aerfort, ag an gcalafort nó agus ag pointe trasnaithe teorann talún.
Beidh feidhm ag an gcóras maidir le haon náisiúnach tríú tír – is é sin taistealaí nach bhfuil náisiúntacht acu le haon tír de chuid an Aontais ná leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn ná Lichtinstéin. Beidh feidhm aige maidir le gearrfhanachtaí suas le 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá – agus an tréimhse sin á ríomh mar thréimhse aonair do gach tír Eorpach ina n-úsáidtear an córas dul isteach/imeachta.
An chaoi a n-oibríonn an córas
Beidh ar náisiúnaigh tríú tír a thagann chuig pointe trasnaithe teorann den chéad uair tar éis EES a thabhairt isteach a gcuid sonraí pearsanta a chur ar fáil. Scanfaidh oifigigh teorann a méarloirg agus glacfaidh siad grianghraf dá n-aghaidh. Déanfar an fhaisnéis sin a thaifeadadh i gcomhad digiteach.
Beidh sonraí an té a chuaigh isteach i limistéar Schengen cheana féin – méarlorg nó grianghraf, cuir i gcás – taifeadta sa chóras cheana féin. Sa chás sin, ní dhéanfaidh an t-oifigeach um rialú pasanna ach na méarloirg agus an grianghraf a fhíorú. Go hannamh, d’fhéadfadh sé tarlú go gcaithfí na sonraí a bhailiú agus a thaifeadadh arís.
Beidh siad siúd a bhfuil pasanna bithmhéadracha acu in ann an teorainn a thrasnú níos tapúla ag an gcóras féinfhreastail (ach a leithéid ann).
A bhailítear agus a stóráiltear ar an gcóras dul isteach/imeachta
Ar an gcóras, bailítear agus stóráiltear na príomhshonraí is gá maidir le dul isteach, imeacht agus diúltú cead isteach náisiúnach tríú tír atá ag teacht agus ag imeacht as limistéar Schengen. Áirítear sa mhéid sin:
- na sonraí atá liostaithe i ndoiciméad taistil an duine
- an dáta agus an áit dul isteach agus imeachta
- sonraí bithmhéadracha, is é sin an íomhá den aghaidh agus na méarloirg
- aon chead isteach a dhiúltaítear
Cur chun feidhme de réir a chéile
Amhail an 12 Deireadh Fómhair 2025, cuirfear EES chun feidhme de réir a chéile thar theorainneacha seachtracha Schengen thar thréimhse 6 mhí. Ní mór aon phointe trasnaithe teorann amháin ar a laghad i ngach tír rannpháirteach a bheith oibríochtúil tráth an tseolta. Le linn na tréimhse sin, ní chlárófar gach trasnú ná taistealaí trí EES, agus stampálfar pasanna fós.
Tá coinne leis go mbeidh an córas curtha go hiomlán chun feidhme faoin 10 Aibreán 2026. Úsáidfear EES ansin ag gach pointe trasnaithe teorann seachtraí i gcás gach náisiúnach tríú tír incháilithe a bhfuil pasanna bithmhéadracha acu agus ní stampálfar pasanna de láimh a thuilleadh.
Na tairbhí a bhaineann le EES
Cuireann an córas roinnt buntáistí tábhachtacha ar fáil don tslándáil teorann agus do thaistealaithe araon.
Trasnuithe teorann éifeachtúla
Déanfaidh EES seiceálacha teorann a chuíchóiriú, amanna feithimh a laghdú agus cruinneas agus taithí fhoriomlán na dtaistealaithe a fheabhsú freisin.
Rianú ar chásanna rófhanachta
Cuidíonn EES maidir le taistealaithe a sháraíonn an tréimhse fanachta cheadaithe a shainaithint.
Calaois chéannachta a chomhrac
Déanfaidh an córas faisnéis bhithmhéadrach, mar shampla méarloirg agus íomhánna den aghaidh, a ghabháil agus a fhíorú, rud a chinnteoidh go sainaithneofar taistealaithe go cruinn.
Slándáil inmheánach fheabhsaithe
Cuidíonn EES le daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí coiriúla a shainaithint trína chomhtháthú le córais faisnéise eile de chuid an Aontais.
Féach freisin:
Míniú ar Limistéar Schengen
Córais TF chun an choireacht a chomhrac agus teorainneacha an Aontais a dhaingniú
Beartas víosaí an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Deireadh Fómhair 2025