Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe
Grafaic faisnéise - Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe
Tugtar tacaíocht d'fheirmeoirí le comhbheartas talmhaíochta an Aontais agus cinntítear leis sin go gcuirtear bia ar ardchaighdeán ar fáil do shaoránaigh den Aontas. Chun freagairt ar riachtanais agus ar dhúshláin atá ag athrú, tá obair ar bun ag an Aontas chun beartas talmhaíochta nua a bhunú.
Comhbheartas talmhaíochta an Aontais:
- tugtar tacaíocht leis do 7 milliún tairbhí ar fud an Aontais
- cuirtear bia ar ardchaighdeán ar fáil leis do 447 milliún Eorpach
- tá buiséad de €386.6 billiún aige, eadhon aon trian de bhuiséad iomlán an Aontais
- rannchuidíonn sé leis an ngníomhú ar son na haeráide le thart ar 40 % dá bhuiséad
Cad atá nua sa bheartas?
Solúbthacht bhreise maidir le pleanáil
Iarrtar ar gach Ballstát plean straitéiseach a dhréachtú, ar chóir dá spriocanna a bheith i gcomhréir le cuspóirí an bheartais ar fud an Aontais. Cuireann na pleananna ar chumas tíortha úsáid na gcistí talmhaíochta a shainiú ar bhealach níos fearr de réir dálaí agus riachtanais áitiúla.
Áirítear leis na pleananna:
- riachtanais agus uirlisí na dtíortha
- gníomhaíochtaí agus spriocanna na dtíortha
- idirghabhálacha sonracha arna gcur ar fáil d’fheirmeoirí
Tacaíocht airgeadais a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr
Dáilfear tacaíocht ioncaim ar bhealach níos cothroime. B’fhéidir go laghdófaí na híocaíochtaí in aghaidh an fheirmeora agus go gcuirfí uasteorainn leo mar chuid d’athdháileadh níos cuimsithí na tacaíochta ó fheirmeacha níos mó chuig feirmeacha níos lú.
Tabharfar tús áite do chistí don mhéid seo a leanas:
- feirmeacha beaga
- feirmeoirí óga
Cleachtais feirmeoireachta níos glaise
Trí mheán éiciscéimeanna, tugtar íocaíochtaí sonracha d’fheirmeoirí a úsáideann cleachtais atá aeráid-íogair agus dúlra-bháúil, rud a d’fhéadfadh cuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun feidhme. Seo thíos samplaí de na gníomhaíochtaí sin:
- an fheirmeoireacht orgánach
- uainíocht na mbarr
- ithreacha ar mhórán carbóin a chaomhnú
Níos mó béime ar fheidhmíocht
Déanann na Ballstáit a n-idirghabhálacha a phleanáil bunaithe ar thorthaí soiléire, agus tugann siad tuairisc faoina bhfeidhmíocht bunaithe ar chuspóirí na bpleananna straitéiseacha.
Faigheann feirmeoirí tacaíocht airgeadais ar choinníoll go n-úsáidfidh siad cleachtais a dhéanann leas na haeráide agus an chomhshaoil.
Tiomantas do chearta sóisialta agus saothair
Geallann na Ballstáit go bhfeabhsóidh siad an urraim do dhálaí sóisialta agus saothair d’oibrithe feirme.
Gearrann na gníomhaireachtaí íocaíochta talmhaíochta i ngach Ballstát pionóis ar fhostóirí nach gcomhlíonann na rialacha sin.
Cathain a thiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm?
2021-2022: An idirthréimhse a mbeartaítear lena linn síneadh a chur le formhór na bhforálacha a bhí ann roimhe seo agus ullmhú don ré nua
2023-2027: CBT athchóirithe agus na rialacha nua a ghabhann leis a chur chun feidhme