Skip to content

Rialachán maidir le cosaint sonraí

Sa Rialachán maidir le Cosaint Sonraí leagtar amach na cearta atá ag na daoine aonair agus bunaítear leis na hoibleagáidí atá ar an té a dhéanann próiseáil ar na sonraí agus oibleagáidí an té sin a bhíonn freagrach as na sonraí a phróiseáil

Cosaint Sonraí Eorpach don ré dhigiteach

Cosaint níos fearr do shonraí pearsanta

  • Caithfear cead soiléir a fháil leis na sonraí a phróiseáil
  • Teorainneacha maidir le sonraí a ndéantar próiseáil uathoibríoch orthu a úsáid le cinntí a dhéanamh, mar shampla, i gcás 'próifíliú'
  • An ceart sonraí a cheartú agus a bhaint, lena n-áirítear 'an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad' i gcás sonraí a bailíodh maidir le páistí
  • An ceart fógra a fháil má chuirtear na sonraí i mbaol
  • Níos mó faisnéise agus faisnéis níos soiléire a fháil faoi phróiseáil
  • An ceart sonraí a aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go soláthraí eile
  • Rochtain níos éasca ar shonraí pearsanta
  • Cosaintí níos déine i ndáil le sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Aontas Eorpach

Níos mó deiseanna do ghnólachtaí

  • Cothroime iomaíochta do gach gnólacht san Aontas agus nach bhfuil san Aontas a bhfuil earraí agus seirbhísí á dtairiscint acu do dhaoine san Aontas
  • Na rialacha céanna don Aontas Eorpach ina iomláine
  • Rialacha a chuirfidh ar chumas gnólachtaí, go háirithe FBManna, an tairbhe is fearr a bhaint as an Margadh Aonair Digiteach
  • Cur chuige riosca-bhunaithe, lena ndéantar oibleagáidí na rialaitheoirí a mheaitseáil le leibhéal riosca na próiseála

Feidhmiú níos comhsheasmhaí agus forghníomhú níos éifeachtaí

  • Is féidir le húdarás cosanta sonraí agus cúirt i ngar dóibh déileáil le cásanna daoine aonair agus gnólachtaí
  • Ionad ilfhreastail do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí i gcásanna trasteorann a bhuí le comhar na n-údarás náisiúnta um chosaint sonraí

Fíneálacha

  • suas le EUR 20 milliún nó
  • 4% de láimhdeachas domhanda bliantúil

Sa Rialachán maidir le Cosaint Sonraí leagtar amach na cearta atá ag na daoine aonair agus bunaítear leis na hoibleagáidí atá ar an té a dhéanann próiseáil ar na sonraí agus oibleagáidí an té sin a bhíonn freagrach as na sonraí a phróiseáil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an leathanach a leanas: