Skip to content

An caidreamh AE-CELAC: fíricí agus figiúirí

Is é is aidhm leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib (LAC) feabhas a chur ar an gcomhar polaitiúil chomh maith le borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíocht.

Maidir le Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh

Is sásra idir-rialtasach le haghaidh idirphlé agus comhaontú polaitiúil é CELAC (Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh). Is struchtúr buan é ina gcuimsítear 33 thír ina bhfuil thart ar 650 milliún duine.

Tá comhaontuithe comhlachais, trádála, polaitiúla agus comhair ag an Aontas le 30 as 33 thír Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib.

I dteannta a chéile, is ionann an tAontas Eorpach agus Stáit Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus 14 % de dhaonra an domhain agus 21 % de OTI an domhain. Is ionann iad agus níos mó ná aon trian de bhallraíocht na Náisiún Aontaithe agus is fórsa iad do chóras láidir iltaobhach.

Cruinneog ina bhfuil dath glas ar thíortha CELAC.

Clár Oibre Infheistíochta Global Gateway idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib

Seoladh Clár Oibre Infheistíochta Global Gateway idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib in 2021 agus is treochlár é le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha lena bhfreastalaítear ar riachtanais bhonneagair Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, chun cruthú luacha a chothú go háitiúil, agus chun fás inbhuanaithe, poist agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn. Léiríonn sé gealltanas comhpháirteach chun infheistíochtaí cothroma, glasa, digiteacha agus bonneagair a chur chun cinn ar fud an réigiúin.

Eagraítear na hinfheistíochtaí faoi cheithre cholún:

aistriú glas cóir

claochlú digiteach cuimsitheach

forbairt dhaonna

athléimneacht sláinte agus vacsaíní

Leis an tionscnamh, tugtar le chéile an tAontas, a Bhallstáit, institiúidí maoiniúcháin (cuir i gcás an Banc Eorpach Infheistíochta) agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, a oibríonn le chéile i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach.

os cionn 100 tionscadal laistigh den chlár oibre sin. Tá thart ar €45 bhilliún geallta ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit go dtí 2027 i dtreo na sprice sin a bhaint amach.

Caidreamh trádála agus infheistíochta

Trádáil earraí

In 2024, ba é os cionn €290 billiún luach thrádáil earraí an Aontais le CELAC, le 138.6 billiún d’allmhairí agus 153 bhilliún d’onnmhairí.

Le 10 mbliana anuas, tá méadú os cionn 52% tagtha ar an trádáil earraí le CELAC.

Tá níos mó ná milliún post san Aontas nasctha le honnmhairí chuig Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh.

Saigheada ag díriú isteach ar réaltaí an Aontais, mar shiombail d’allmhairí.

Luach €138.6 billiún d’allmhairí ó thíortha CELAC

Cairt chearnógach ina léirítear allmhairí agus onnmhairí idir an tAontas agus tíortha CELAC.
Saigheada ag díriú amach as réaltaí an Aontais i dtreo ciorcal beag glas, siombail d’onnmhairí an Aontais.

Onnmhairí dar luach €153 bhilliún chuig tíortha CELAC

Trádáil seirbhísí

In 2023, arb í an bhliain dheireanach í ina raibh na sonraí ar fáil, ba é breis agus €124 bhilliún luach na trádála seirbhísí idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh — os cionn €77 mbilliún in onnmhairí agus beagnach €47 mbilliún in allmhairí.

Idir 2013 agus 2023, rinneadh a dhá oiread trádála seirbhísí (+92.7%) idir an tAontas agus tíortha CELAC

Saigheada ag díriú isteach ar réaltaí an Aontais, mar shiombail d’allmhairí.

Luach €46.9 billiún d’allmhairí ó thíortha CELAC

Cairt chearnógach ina léirítear allmhairí agus onnmhairí idir an tAontas agus tíortha CELAC.
Saigheada ag díriú amach as réaltaí an Aontais i dtreo ciorcal beag glas, siombail d’onnmhairí an Aontais.

Onnmhairí dar luach €77.4 billiún chuig tíortha CELAC

Infheistíocht díreach coigríche

Is é an tAontas an príomhinfheisteoir i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib; os cionn €810 billiún is luach na stoc infheistíochta dírí coigríche (IDC). Tá sé sin inchomparáide leis na hinfheistíochtaí uile a dhéanann an tAontas sa tSín, i gCeanada, sa tSeapáin agus i Singeapór.

Tá infheistíochtaí Eorpacha dírithe ar earnálacha straitéiseacha, cuir i gcás an fuinneamh in-athnuaite agus an teileachumarsáid.

Tacaíonn infheistíochtaí an Aontais le 2.75 milliún post i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib.

Comhar maidir le slándáil agus ceartas

Ag an tríú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh in 2023, gheall na ceannairí tuilleadh comhair a dhéanamh maidir le saincheisteanna áirithe, cuir i gcás an choireacht eagraithe, an t-éilliú agus an sciúradh airgid. Tá an comhar ag tarlú trí roinnt gníomhaíochtaí saincheaptha. Tá ról tábhachtach ag an gcomhar idir gníomhaireachtaí an Aontais, cuir i gcás Europol, Eurojust nó Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn an tAontas freisin le AMERIPOL, Eagraíocht Póilíneachta Chríocha Mheiriceá, agus bíonn sé ag obair i gcomhar le Coiste Mheiriceá Laidinigh um an tSlándáil Inmheánach, ar comhghuaillíocht de 16 thír i Meiriceá Laidineach é atá i gcoinne na coireachta eagraithe.

Cuidíonn cláir, amhail COPOLAD III, le feabhas a chur ar fhaireachán drugaí agus ar straitéisí sláinte poiblí i dtíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, agus cosnaíonn tionscnaimh, mar shampla EUROFRONT, grúpaí leochaileacha, cuir i gcás imircigh, ar líonraí coiriúla.

Chomh maith le forfheidhmiú an dlí, tá an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib ag neartú an chomhair bhreithiúnaigh d’fhonn bearnaí dlíthiúla a dhúnadh a chuireann ar chumas coirpeach an ceartas a sheachaint. Cuidíonn tionscadail, amhail EL PACcTO 2.0 agus CRIMJUST, le tíortha fianaise a roinnt agus gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh in aghaidh na coireachta eagraithe. Tá an chomhpháirtíocht ag ullmhú freisin do na bagairtí a bheidh ann amach anseo, cuir i gcás cibirionsaithe, an bhréagaisnéis agus coireanna comhshaoil.

Cabhair dhaonnúil

Is é an tAontas Eorpach an príomhghníomhaí daonnúil i gcónaí agus tá breis agus €1 bhilliún de chabhair dhaonnúil curtha ar fáil aige do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib le 20 bliain anuas. Tá breis agus €120 milliún tugtha ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna is mó sa réigiún i mbliana.

I mí na Bealtaine 2024, shínigh an tAontas, 3 eagraíocht idir-rialtasacha ón réigiún, agus trí thír aonair meabhrán tuisceana maidir le bainistiú riosca tubaistí. Ba é an sprioc a bhí ann tuilleadh comhair a dhéanamh sa réimse sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • acmhainní freagartha a neartú
  • acmhainní coisc, ullmhachta, freagartha agus luath-théarnaimh a neartú
  • eolas, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú.

Féach freisin

Colláis theibí bhratacha thíortha Mercosur agus an Aontais, mar léiriú ar an trádáil.
Trádáil idir an tAontas agus Mercosur: fíricí agus figiúirí

Trádáil idir an tAontas agus Mercosur: fíricí agus figiúirí

Léarscáil stílithe de Chríocha Mheiriceá agus bratach Mheicsiceo ar clé agus bratach an Aontais ar dheis sa chúlra, chun trádáil a léiriú.
Trádáil idir an tAontas agus Meicsiceo: fíricí agus figiúirí

Trádáil idir an tAontas agus Meicsiceo: fíricí agus figiúirí

Caidreamh trádála idir an tAontas Eorpach agus an tSile.
Caidreamh trádála idir an tAontas agus an tSile: fíricí agus figiúirí

Caidreamh trádála idir an tAontas agus an tSile: fíricí agus figiúirí

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Samhain 2025