An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí
Is ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe atá an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó ar domhan agus is acu freisin atá an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite.
Eatarthu, is ionann sin agus beagnach 30% den trádáil dhomhanda earraí agus seirbhísí agus 43% de OTI an domhain.
In 2025, bhí luach os cionn €1.77 trilliún ar an trádáil thrasatlantach in earraí agus i seirbhísí (sonraí sealadacha). Is é an tAontas an príomh-chomhpháirtí trádála in earraí atá ag na Stáit Aontaithe, agus is iad na Stáit Aontaithe an príomh-chomhpháirtí trádála in earraí atá ag an Aontas.
Trádáil earraí (2025)
In 2025, ba é €910 billiún luach na trádála in earraí idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Tá méadú faoi dhó nach mór tagtha air sin le 10 mbliana anuas.
Allmhairí an Aontais dar luach €356.2 billiún ó na Stáit Aontaithe
Onnmhairí an Aontais dar luach €554.6 billiún chuig na Stáit Aontaithe
Is iad na Stáit Aontaithe príomh-chomhpháirtí trádála an Aontais
Is iad na Stáit Aontaithe an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas d’onnmhairí an Aontais agus is iad an dara comhpháirtí is mó d’allmhairí an Aontais (is í an tSín an príomh-chomhpháirtí trádála d'allmhairí).
Téann 21% d’onnmhairí earraí an Aontais chuig na Stáit Aontaithe, agus na tíortha seo a leanas sna sála air: an Ríocht Aontaithe (13.1%), an Eilvéis (8.3%), an tSín (7.5%) agus an Tuirc (4.3%).
Is ón tSín a thagann 22% de na hearraí a allmhairítear isteach san Aontas, na Stáit Aontaithe sa dara háit (14.2%), agus an Ríocht Aontaithe (6.3%), an Eilvéis (5.7%) agus an Tuirc (4.1%) sna sála orthu.
I gcás allmhairí agus onnmhairí araon, b’ionann na cúig chatagóir táirgí is mó trádáil agus beagnach leath den trádáil uile a rinneadh leis na Stáit Aontaithe.
Na hearraí is mó a onnmhairíonn an tAontas chuig na Stáit Aontaithe
Táirgí íocshláinte agus cógaisíochta
Feithiclí bóthair
Innealra agus trealamh tionsclaíoch ginearálta
Na hearraí is mó a allmhairíonn an tAontas ó na Stáit Aontaithe
Táirgí peitriliam agus ábhair ghaolmhara
Táirgí íocshláinte agus cógaisíochta
Innealra agus trealamh giniúna cumhachta
Trádáil seirbhísí (2025)
In 2025, de réir sonraí sealadacha, b’fhiú thart ar €865 bhilliún an trádáil iomlán i seirbhísí idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.
Allmhairí an Aontais dar luach €521.8 billiún ó na Stáit Aontaithe
Onnmhairí an Aontais dar luach €343.4 billiún chuig na Stáit Aontaithe
Na seirbhísí is mó a onnmhairíonn an tAontas chuig na Stáit Aontaithe
Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla
Seirbhísí teileachumarsáide, ríomhaireachta agus faisnéise
Iompar
Na seirbhísí is mó a allmhairíonn an tAontas ó na Stáit Aontaithe
Muirir as maoin intleachtúil a úsáid
Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla
Seirbhísí teileachumarsáide, ríomhaireachta agus faisnéise
Barrachas trádála
Bhí barrachas trádála dar luach thart ar €20 billiún ag an Aontas leis na Stáit Aontaithe in 2025, agus earraí agus seirbhísí araon á gcur san áireamh. Ní raibh i gceist leis sin ach thart ar 1% den trádáil iomlán idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.
Maidir le trádáil in earraí, bhí barrachas trádála dar luach €198 mbilliún ag an Aontas, agus maidir le trádáil i seirbhísí, bhí easnamh dar luach breis agus €178 mbilliún ar an Aontas.
Sa mhéid sin, comhlánaíonn geilleagair an Aontais agus na Stát Aontaithe a chéile go han-mhaith.
Ráiteas comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe
Sa ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe, ar thángthas ar chomhaontú ina leith an 21 Lúnasa 2025, leagtar amach an creat chun taraifí a laghdú agus chun an caidreamh trádála trasatlantach a neartú.
I mí an Mheithimh 2026, glacadh go foirmiúil dhá rialachán lena gcuirtear chun feidhme na gealltanais taraife a leagtar amach sa Ráiteas Comhpháirteach:
- an príomhrialachán lena gcuirtear deireadh leis na dleachtanna custaim atá ann i gcónaí ar earraí tionsclaíocha de chuid na Stát Aontaithe agus lena dtugtar rochtain fhabhrach ar an margadh do bhia mara áirithe de chuid na Stát Aontaithe agus do tháirgí talmhaíochta neamhíogaire áirithe
- an dara rialachán lena gcuirtear síneadh le fionraí na ndleachtanna ar allmhairí gliomach, lena n-áirítear gliomaigh phróiseáilte, ó gach tír ar bhonn na náisiún barrfhabhair
Áirítear sna rialacháin sásraí treisithe coimirce agus fionraíochta chun leasanna eacnamaíocha an Aontais a chosaint. Scoirfidh an príomhrialachán d’fheidhm a bheith aige ag deireadh 2029, agus rachaidh an rialachán maidir le gliomaigh in éag an 31 Iúil 2030 mura ndéanfar tuilleadh gníomhaíochta.
- An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun gnéithe taraife an Ráitis Chomhpháirtigh a chur chun feidhme (preaseisiúint, an 20 Bealtaine 2026)
- Ráiteas comhpháirteach maidir le creat idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i ndáil le comhaontú maidir le trádáil chómhalartach, chóir agus chothrom (an Coimisiún Eorpach)
- An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: Formheas críochnaitheach tugtha ag an gComhairle maidir leis na gealltanais taraife faoin ráiteas comhpháirteach (preaseisiúint, an 25 Meitheamh 2026)
Foinsí na sonraí
Ba i mí Bealtaine 2026 a baineadh na sonraí a úsáideadh ar an leathanach seo agus fuarthas iad ó na tacair sonraí Eurostat seo a leanas:
Féach freisin
Caidreamh an Aontais leis na Stáit Aontaithe
Míniú ar tharaifí an Aontais
Reachtaíocht trádála an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Meitheamh 2026