An chaoi a bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar an ngéarchéim dhomhanda bhia
Chuir oibríochtaí míleata na Rúise, an t-imshuí a rinne sí ar chalafoirt na Mara Duibhe agus a hionsaithe ar bhonneagar iompair agus ar bharraí san Úcráin bac ar onnmhairiú táirgí talmhaíochta na hÚcráine, rud a chuir an soláthar bia i mbaol mór do na milliúin daoine.
Tá cuid mhór tíortha ag brath ar onnmhairí ón Úcráin, go háirithe san Afraic agus sa Mheán Oirthear – ós rud é gurb í an Úcráin an cúigiú onnmhaireoir cruithneachta is mó ar domhan.
Tá gníomhaíochtaí á gcomhordú ag na Ballstáit chun cuidiú le saoránaigh na hEorpa agus saoránaigh an domhain, go háirithe na daoine is leochailí, a ndóthain bia chothaithigh a bheith acu ar phraghsanna inacmhainne.
Grafaic faisnéise - Freagairt an Aontais ar an ngéarchéim dhomhanda bhia
Ina cogadh gan údar ar an Úcráin, tá uirlis troda á déanamh den bhia ag an Rúis.
Ardphraghsanna bia agus ganntanas soláthairtí is cúis le deacrachtaí do na milliúin daoine ar fud an domhain bia a fháil.
1. Tacaíocht d’onnmhairí na hÚcráine
Tá tíortha an Aontais ag cuidiú leis an Úcráin a táirgí talmhaíochta a onnmhairiú, i ndiaidh do chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh a bheith faoi imshuí fada ag an Rúis.
Lánaí dlúthpháirtíochta
Tá an bonneagar agus na hacmhainní curtha ar fáil ag an Aontas chun bia ón Úcráin a iompar, iompar ar tír den chuid is mó.
- na traenacha, na soithí agus na leoraithe a cuireadh ar fáil
- naisc iompair níos fearr
- oibríochtaí custaim níos gasta
- stóráil ar chríoch an Aontais
Ó mhí na Bealtaine 2022, onnmhairíodh níos mó ná 48 milliún tona de ghrán, olashíolta agus táirgí eile tríd na lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin.
Ina theannta sin, chuidigh Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe, a bhí á chomhordú ag na Náisiúin Aontaithe, le bia ón Úcráin a sheoladh chuig na tíortha is leochailí ar domhan. Mar sin féin, i mí Iúil 2023, chinn an Rúis go haontaobhach deireadh a chur leis an tionscnamh.
Ó mhí Lúnasa 2023, seoladh thart ar 80 milliún tona de tháirgí talmhaíochta ón Úcráin tríd na lánaí dlúthpháirtíochta agus tríd an tionscnamh féin chun an ghéarchéim dhomhanda maidir le slándáil an tsoláthair bia a mhaolú.
Arbhar ab ea an príomhtháirge talmhaíochta a bhí le honnmhairiú ón Úcráin ó mhí an Mhárta 2022 go dtí mí an Mheithimh 2023 (32 mhilliún tona); cruithneacht (17 milliún tona) ab ea an dara ceann agus ola lus na gréine (6 mhilliún tona) ina diaidh. Is ó Aireacht Beartais Talún agus Bia na hÚcráine a thagann na sonraí.
2. Cur chuige comhchoiteann i leith na géarchéime
Tháinig 27 dtír an Aontais ar chomhaontú faoi ghníomhartha comhordaithe chun freagairt ar an ngéarchéim dhomhanda bhia lena leagtar síos ceithre thosaíocht:
Dlúthpháirtíocht
– faoiseamh éigeandála agus daonnúil dóibh siúd is mó atá i ngátar
€8 mbilliún geallta don tslándáil bia le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2024
Táirgeadh inbhuanaithe
– cuidiú do thíortha i mbéal forbartha a dtáirgeadh bia a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní tráth géarchéime
Trádáil oscailte
– comhoibriú leis na comhpháirtithe chun táirgí agraibhia ón Úcráin a thrádáil gan bhacainní
An comhar domhanda
– an fhreagairt a chomhordú trí thacú le tionscnaimh idirnáisiúnta, an Misean Idirnáisiúnta Athléimneachta Bia agus Talmhaíochta (tionscnamh FARM) mar shampla.
3. San Aontas
Níl aon bhaol ann go mbeidh ganntanas bia san Aontas. Is a bhuí le hearnáil sheanbhunaithe na feirmeoireachta lena dtacaíonn comhbheartas talmhaíochta an Aontais é sin.
Seo a leanas ráta neamhthuilleamaíochta AE-27 le haghaidh táirgí áirithe talmhaíochta in 2022:
- ola olóige: 142 %
- púdar bainne bhearrtha: 216 %
- gránaigh: 116 %
Tá tacaíocht bhreise á fáil ag feirmeoirí an Aontais chun leanúnachas na táirgiúlachta talmhaíochta a chinntiú agus chun dul i ngleic le praghsanna níos airde:
- €500 milliún do na feirmeoirí is mó atá thíos leis
- réamhíocaíochtaí
- an deis talamh atá curtha ar leataobh a úsáid don fheirmeoireacht
Ar an leibhéal náisiúnta, is féidir le tíortha an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh chun cuidiú le saoránaigh maidir le praghsanna ardaithe bia:
- rátaí CBL a laghdú
- miondíoltóirí a ghríosú chun praghsanna a choinneáil íseal
- cistí tiomnaithe de chuid an Aontais a úsáid chun cabhrú leis na daoine is díothaí