Slándáil bia agus inacmhainneacht bia
Tá an t-ionradh gan údar a rinne an Rúis ar an Úcráin tar éis cur go mór le géarchéim dhomhanda bhia. Comhordaíonn tíortha an Aontais gníomhaíochtaí chun slándáil an tsoláthair bhia a áirithiú agus faoiseamh a thabhairt do na daoine is boichte ar domhan.
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim bhia?
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag seasamh gualainn ar ghualainn i gcoinne fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus iad lántiomanta an ghéarchéim dhomhanda bhia a ghleic.
Lánaí dlúthpháirtíochta agus comhaontú grán na Mara Duibhe
Príomhthosaíocht do thíortha an Aontais agus iad ag dul i ngleic leis an laghdú méadaitheach ar shlándáil an tsoláthair bia is ea cabhrú leis an Úcráin a táirgeadh agraibhia a easpórtáil, rud a cuireadh as go mór mar gheall ar an ionradh a rinne an Rúis.
Is mórtháirgeoir agus móronnmhaireoir príomhbhianna, cruithneacht agus arbhar Indiach, mar shampla, í an Úcráin. Seoladh thart ar 90% dá honnmhairí cruithneachta chun na hAfraice agus na hÁise idir 2016 agus 2021, rud a thacaigh le slándáil an tsoláthair bia i gcuid de na réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste ar domhan.
Bhí thart ar 20 milliún tona de ghráin sáinnithe i stórais ar bhruach na Mara Duibhe mar gheall ar imshuí chalafoirt na hÚcráine ag an Rúis ó thús an chogaidh.
I mí na Bealtaine 2022, thíolaic an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta chun lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin a bhunú. Bealaí malartacha a fhorbairt de dhroim talún an sprioc a bhí ann chun cabhrú leis an Úcráin a táirgí talmhaíochta a onnmhairiú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- rothstoc lasta, soithí agus leoraithe a chur ar fáil
- úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainneacht na ngréasán iompair agus na gcríochfort trasloingsithe atá ann cheana
- oibríochtaí custam i imeasc cigireachtaí eile a shimpliú agus a dhéanamh níos gasta
- stóráil earraí a cheadú i gcríoch an Aontais
Ó cuireadh tús leis na hoibríochtaí i mí na Bealtaine 2022, onnmhairíodh breis is 48 milliún tona de tháirgí talmhaíochta, grán agus síolta ola ina measc, trí na lánaí dlúthpháirtíochta.
I mí Iúil 2022, thoiligh an Rúis stop a chur le himshuí chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh tar éis comhaontú leis an Úcráin a bheith déanta ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an Tuirc. Is ansin a cruthaíodh Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe chun onnmhairiú gráin agus earraí bia eile na hÚcráine trí na bealaí mara a éascú.
Ó mhí Iúil 2023, seoladh beagnach 33 mhilliún tona d’earraí talmhaíochta ón Úcráin a bhuí le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe. Seachadadh 65% den chruithneacht a iompraítear trí an tionscnamh chuig tíortha atá i mbéal forbartha, agus trí Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe ina measc. Ba í an Úcráin an soláthraí cruithneachta ba mhó in 2022, ag soláthar níos mó ná leath de sholáthar gráin chruithneachta domhanda an chláir.
Míniú ar onnmhairí gráin na hÚcráine (Grafaic faisnéise)
Roimh an gcogadh, onnmhairíodh 90% de ghrán na hÚcráine tríd an Muir Dhubh. Ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, ní iompraítear ach leath den ghrán ar muir agus onnmhairítear 55% de trí na lánaí dlúthpháirtíochta.
Cairt ina léirítear gur onnmhairíodh 55% de bhia na hÚcráine trí lánaí dlúthpháirtíochta agus 45% trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe.
Ag deireadh mhí na Samhna 2022, sheol an Úcráin an tionscnamh ‘Gráin ón Úcráin’, tionscnamh a chuireann leis an tslándáil bia ar fud an domhain freisin. Tugann an tionscnamh deis d’eintitis atá rannpháirteach sa tionscadal táirgí talmhaíochta a cheannach ó tháirgeoirí na hÚcráine agus iad a aistriú chuig tíortha ina bhfuil daonraí ar an ngannchuid.
I mí Iúil 2023, chinn an Rúis deireadh a chur le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe. Cháin an tAontas cinneadh na Rúise scun scan.
Leanann an Rúis ar aghaidh ag úsáid an bhia mar uirlis troda. Is í an Rúis agus an Rúis amháin atá freagrach as cur isteach ar sheachadtaí gráin ar fud an domhain agus as an mborradh atá ag teacht ar bhoilsciú praghsanna bia ar fud an domhain. Josep Borrell, an tArdrúnaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bia don domhan
Tá tionchar ag an tragóid atá ag titim amach san Úcráin ar fud an domhain mar go bhfuil géarú ag teacht ar ghéarchéim dhomhanda bia mar gheall ar ionradh gan chúis agus gan údar na Rúise.
Tá tíortha an Aontais ag gníomhú le chéile chun cabhrú le daoine atá ag dul i ngleic le hardú as cuimse ar phraghsanna bia agus faoiseamh éigin a thabhairt do na daoine is boichte ar domhan.
Freagairt chomhordaithe ar an ngéarchéim bhia
Tá obair chomhordaithe thíortha an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dhomhanda bhia dírithe ar cheithre shraith gníomhaíochtaí, ag eascairt as na conclúidí ón gComhairle a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2022, is iad sin:
- dlúthpháirtíocht
- táirgeadh inbhuanaithe
- trádáil
- iltaobhachas
An chaoi a bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar an ngéarchéim dhomhanda bhia (Grafaic faisnéise)
Dlúthpháirtíocht
Tá fóirithint éigeandála á cur ar fáil ag tíortha an Aontais dóibh siúd is mó atá i ngátar ar fud an domhain.
Is iad an tAontas agus a Bhallstáit na soláthraithe is mó a thugann cabhair um fhorbairt ar fud an domhain. Tá iarrachtaí suntasacha á ndéanamh ag an Aontas chun a thacaíocht a chur in oiriúint do na riachtanais phráinneacha atá ag dul i méid. I mí an Mheithimh 2022, thacaigh tíortha an Aontais le gealltanas €8 mbilliún don tréimhse 2020-2024 don tslándáil bia.
In 2022, tháinig méadú 32% ar chistiú daonnúil an Aontais i gcomparáid le 2021, is ionann sin agus €770 milliún. Úsáideadh na cistí sin chun rochtain ar bhia a chinntiú do na daoine is leochailí agus chun tacú le táirgeadh bia áitiúil trí chúnamh airgid agus modhanna eile. Is deontóirí móra iad an tAontas agus a Bhallstáit freisin don Chlár Domhanda Bia.
Ina theannta sin, cuireadh €225 mhilliún ar fáil ón tsaoráid bhia agus athléimneachta do chomhpháirtithe Chomharsanacht an Deiscirt sa Mheánoirthir agus i réigiún na hAfraice Thuaidh.
Cuireann tíortha an Aontais go mór freisin le slándáil sholáthair dhomhanda bia trí chuid mhór dá dtáirgeacht talmhaíochta a onnmhairiú chuig náisiúin atá i mbéal forbartha. Seoltar níos mó ná leath d’onnmhairí cruithneachta an Aontais chun na hAfraice (an Ailgéir, Maracó, an Éigipt, an Nigéir) agus chun na hÁise (an Phacastáin).
Táirgeadh inbhuanaithe
Níor cheart dochar a dhéanamh don chomhshaol chun riachtanais bhia dhomhanda a shásamh, agus ba cheart go leanfadh sé samhail de chóras bia inbhuanaithe.
I mí an Mheithimh 2022, chomhaontaigh ceannairí an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cuidiú le tíortha i mbéal forbartha lena gcuid slabhraí soláthair a atreorú, i gcás inar gá
- dlús a chur leis an obair ar thionscnaimh an Aontais a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le hacmhainneachtaí inbhuanaithe táirgthe agraibhia na hAfraice
- tacú leis an acmhainneacht monaraíochta ionchuir a fhorbairt i dtíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe i gcás leasacháin inbhuanaithe
Agus sinn ag obair i dtreo córas bia inbhuanaithe ar fud an domhain, beidh tionchar dearfach aige sin ar athléimneacht tíortha agus iad ag dul i ngleic le géarchéimeanna, an ceann atá ann faoi láthair san áireamh.
Trádáil
Tá tíortha an Aontais ag obair lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun timpeallacht trádála oscailte intuartha a chur chun cinn le haghaidh earraí talmhaíochta.
Le linn an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach i mí na Bealtaine 2022, d’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais a thiomanta atá siad do thrádáil dhomhanda na dtráchtearraí bia a choinneáil saor ó bhacainní trádála nach bhfuil údar leo.
Níl aon tionchar ag smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise ar earnálacha na talmhaíochta agus an bhia. Ní chuireann na smachtbhannaí sin toirmeasc ar allmhairiú ná ar iompar earraí talmhaíochta Rúiseacha.
An t-iltaobhachas
Beidh an comhordú éifeachtach idirnáisiúnta ríthábhachtach chun a chinntiú go dtabharfar freagairt chuimsitheach dhomhanda ar an ngéarchéim dhomhanda.
Tá tíortha an Aontais ag comhoibriú lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun freagairt dhomhanda a thabhairt ar an ngéarchéim bhia, lena n-áirítear trí thionscnaimh cosúil leis an comhaontas domhanda G7 le haghaidh slándáil bia agus an Misean Idirnáisiúnta Athléimneachta Bia agus Talmhaíochta (an tionscnamh FARM).
Tá na tionscnaimh sin comhlántach agus tá siad dírithe ar thrí réimse gníomhaíochta:
- gníomhaíocht dlúthpháirtíochta sa ghearrthéarma chun borradh a chur faoin soláthar bia ar fud na cruinne agus rochtain a chinntiú do na tíortha leochaileacha
- gníomhaíocht a bhaineann leis an trádáil chun feidhmiú éifeachtúil na margaí domhanda a chinntiú
- gníomhaíocht lena bhfeabhsófar infheistíochtaí freagracha fadtéarmacha chun táirgeadh bia inbhuanaithe athléimneach a chruthú i dtíortha leochaileacha
Ina theannta sin, tá a fhreagairt á dhlúthchomhordú ag an Aontas Eorpach leis an Aontas Afracach chun a chinntiú go gcomhtháthófar na gníomhaíochtaí sin agus na tionscnaimh sin go héifeachtach sa chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i gcoitinne.
I mí Mheán Fómhair 2022, bhí Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, ina chomhchathaoirleach ar chruinniú mullaigh maidir le slándáil sholáthair dhomhanda bia, ar imeall sheachtain Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. In éineacht leis na ceannairí eile, d’eisigh siad dearbhú gearr inar gealladh go neartóidh siad comhar idirnáisiúnta agus tionscnaimh chomhpháirtíochta.
Tacú le táirgeadh agraibhia san Aontas
Leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) chinntigh an tAontas go raibh a dhóthain bia ag muintir na hEorpa ó ghlúin go glúin agus le linn na ngéarchéimeanna éagsúla a bhí ann le 60 bliain anuas.
A bhuí leis an gcomhbheartas sin, níl baol ar bith ann faoi láthair go mbeidh ganntanas bia ar shaoránaigh an Aontais. Le CBT, tacaítear le feirmeoirí chun leanúnachas táirgeachta a chinntiú.
I mí an Mhárta 2022, chuir an tAontas tacaíocht dar luach €500 milliún ar fáil do na feirmeoirí is mó atá thíos le costais ionchuir níos airde de dheasca na géarchéime fuinnimh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh feirmeoirí tairbhe a bhaint as na nithe seo a leanas:
- réamhíocaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le sreabhadh airgid
- maoluithe sealadacha i ndáil le ceanglais áirithe CBT, talamh arna cur ar leataobh mar shampla
- creat géarchéime chun tuilleadh tacaíochta a fháil
Chun dul i ngleic le praghsanna bia níos airde, tá bearta déanta ag Ballstáit an Aontais ar an leibhéal náisiúnta freisin, lena n-áirítear:
- rátaí CBL a laghdú
- miondíoltóirí a ghríosú chun praghsanna a choinneáil íseal
- cistí tiomnaithe de chuid an Aontais a úsáid chun cabhrú leis na daoine is díothaí
In earrach 2023, chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh i margaí áitiúla, rud a bhí bainteach le hallmhairiú táirgí talmhaíochta ón Úcráin, chuir an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit a bhí thíos leis an suaitheadh sin. Tugadh an tacaíocht sin mar fhreagairt ar iarratas ó roinnt tíortha agus tógadh í ó chúlchiste géarchéime CBT.
An Comhbheartas Talmhaíochta mínithe
Beathú na hEorpa: 60 bliain den chomhbheartas talmhaíochta
60 bliain tar éis a sheolta in 1962, tacaíonn comhbheartas talmhaíochta an Aontais le margadh aonair oscailte do tháirgí bia talmhaíochta an Aontais. Faigh tuilleadh eolais faoi CBT ó fheirmeoirí agus tairbhithe na hEorpa inár scéal.
Cad is cúis leis an ngéarchéim bhia?
Tá laghdú tagtha ar shlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain ó 2016 i leith. I gcomhthéacs an mhéadaithe ar phraghsanna tráchtearraí domhanda, bhí tionchar láidir ar na margaí bia ag cogadh na Rúise ar an Úcráin agus an úsáid atá á baint aici as bia mar arm cogaidh.
Is í an Rúis, agus ise amháin, atá freagrach as géarchéim dhomhanda na slándála bia atá spreagtha aici tríd an mbia a úsáid mar uirlis troda sa chogadh atá á chur aici ar an Úcráin. Conclúidí ón gComhairle, an 23 Meitheamh 2022
Conas a chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis an ngéarchéim dhomhanda bhia (Grafaic faisnéise)
Is é fogha míleata na Rúise is cúis leis an dá rud seo a leanas:
- ganntanas bia
- praghsanna arda nach bhfacthas roimhe ar bhia agus leasacháin
Tá praghsanna tráchtearraí talmhaíochta domhanda ag dul i méid i gcónaí ó lár na bliana 2020 i bhfianaise thionchar suaiteach phaindéim COVID-19, an ardaithe as cuimse ar phraghsanna leasacháin agus fuinnimh agus an mheatha dhomhanda ar dhálaí maicreacnamaíocha.
Is measa an scéal anois de dheasca an fhogha mhíleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin óir mhéadaigh sé sin praghsanna tráchtearraí a thuilleadh agus laghdaigh sé infhaighteacht an bhia ar fud an domhain.
I measc na ngníomhaíochtaí a rinne an Rúis a d’fhág go raibh laghdú tobann ar onnmhairí agus táirgeadh bia na hÚcráine, agus a raibh tionchar suaiteach acu ar na margaí, tá:
- imshuí chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh
- ionsaithe ar bhonneagar próiseála agus onnmhairithe bia na hÚcráine
- talamh arúil na hÚcráine a bhuamáil agus a fhorghabháil
- laghdú d’aon ghnó ar a gcuid onnmhairithe féin bia agus leasacháin
I mí an Mhárta 2022, d’fhógair an Rúis toirmeasc sealadach ar onnmhairiú grán agus leasachán, toirmeasc ar eascair díchobhsú margaí as. Tá an Rúis ina táirgeoir mór agus ina honnmhaireoir mór leasachán, amhail leasacháin nítrigine – atá ríthábhachtach chun táirgeadh agraibhia a chinntiú.
Níor chuir an tAontas cosc riamh ar sholáthairtí bia, leasacháin agus táirgí talmhaíochta eile a onnmhairítear ón Rúis. Níl táirgí mar sin faoi réir smachtbhannaí an Aontais.
De réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, is i mí an Mhárta 2022 a chonacthas na praghsanna bia ab airde, agus iad méadaithe corradh le 60% i gcomparáid leis an mí chéanna in 2020. Tá praghsanna fós so-ghalaithe.
Cén fáth a bhfuil barra na hÚcráine ríthábhachtach don tslándáil bia ar fud an domhain?
Is í an Úcráin, ar a dtugtar ‘ciseán aráin na hEorpa’, an táirgeoir agus an t-onnmhaireoir is mó táirgí agraibhia ar domhan. Is í an cúigiú onnmhaireoir is mó cruithneachta ar fud an domhain í, agus an ceathrú onnmhaireoir is mó arbhair Indiaigh.
Agus an Rúis san áireamh léi, soláthraíonn an Úcráin thart ar 30% den arbhar Indiach agus den chruithneacht sa domhan, agus breis agus leathchuid d’ola lus na gréine sa domhan.
Is chuig an Afraic agus an Áise go príomha a théann táirgeadh talmhaíochta na hÚcráine. Idir 2016 agus 2021, fuair an Áise breis agus leathchuid (58%) de na honnmhairí cruithneachta go léir, agus fuair an Afraic 34% díobh. Tá ról lárnach ag an Úcráin maidir le slándáil bia a chinntiú i roinnt de na tíortha is boichte ar domhan.
Mar thoradh ar ionsaithe na Rúise ar bhonneagar iompair na hÚcráine agus ar an imshuí de facto a rinne sí ar a calafoirt sa Mhuir Dhubh, as ar onnmhairíodh 90% de tháirgí talmhaíochta na hÚcráine de ghnáth, tháinig laghdú as cuimse ar onnmhairí.
An damáiste a rinne fórsaí na Rúise do bharra, trádstórais bhia agus innealra talmhaíochta na hÚcráine, bhí tionchar aige sin ar acmhainneacht táirgthe agus onnmhairiúcháin na hÚcráine.
Cé hiad na daoine is mó ar a mbeidh tionchar ag éiginnteacht an tsoláthair bia agus praghsanna níos airde?
Tá na milliúin imníoch, agus ag éirí níos imníche, faoi ghanntanas bia, go háirithe san Afraic agus san Áise agus sna tíortha sin atá buailte leis an ocras cheana féin, amhail an tSomáil, Éimin agus an Afganastáin.
Tá tionchar ag an ardú ar phraghsanna bia ar chumas daoine bia a cheannach agus cuireann an t-ardú sin brú breise ar theaghlaigh ísealioncaim, lena n-áirítear teaghlaigh san Aontas.
Is dócha go leanfaidh tionchar na géarchéime ar aghaidh ar feadh i bhfad, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha.
Dar leis an gClár Domhanda Bia, bhain na riachtanais in 2022 leibhéil amach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Bhí géarocras ar 349 milliún duine ar fud an domhain, an líon is mó duine riamh (Athbhreithniú bliantúil 2022 de chuid an Chláir Dhomhanda Bia).
Tá baol mór ann, go háirithe do leanaí i dtíortha i mbéal forbartha mar gheall ar an méadú ar an ngéar-mhíchothú mar thoradh ar ghanntanas bia agus ar phraghsanna níos airde.
Níl aon ghanntanas bia san Aontas Eorpach
Níl tíortha an Aontais i mbaol ganntanas bia.
Is mórtháirgeoir táirgí agraibhia é an tAontas — ba é an trádálaí is mó ar fud an domhain é in 2022 — agus, cé go bhfuil tionchar ag cogadh na Rúise ar an Úcráin agus ag an athrú aeráide ar an táirgeadh, tá córas bia an Aontais fós láidir agus iontaofa.
Mar sin féin, tá boilsciú agus praghsanna bia níos airde ag déanamh difear do shaoránaigh i dtíortha an Aontais. Is ábhar mór imní do cheannairí an Aontais í an inacmhainneacht, go háirithe maidir le grúpaí ísealioncaim agus grúpaí leochaileacha, dá ndéantar an difear is mó.
De réir uirlis faireacháin ar phraghsanna bia de chuid Eurostat, bhí praghsanna bia san Aontas 19% níos airde i mí an Mhárta 2023 ná mar a bhí sa mhí céanna in 2022.